Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

5 Nollaig 2023 – Dheimhnigh an Coimisiún Toghcháin (An Coimisiún), coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, go bhfuil a phleanáil ar bun cheana féin chun faisnéis a sholáthar faoin Reifreann atá le teacht ar an 8 Márta.

I measc a fheidhmeanna, tá an Coimisiún Toghcháin tar éis glacadh leis an ról a bhíodh ag an gCoimisiún Reifrinn roimhe seo chun faisnéis neamhspleách, neamhchlaonta a sholáthar faoi na tograí atá á gcur faoi bhráid an phobail, agus chun daoine a spreagadh chun vóta a chaitheamh.

Tá an Coimisiún ag ullmhú an fheachtais faisnéise neamhspleách anois, a bheidh ar siúl ar fud ár meán náisiúnta agus réigiúnach, agus an leabhrán faisnéise a bheidh le seachadadh chuig gach áit chónaithe sa tír.

Agus dáta vótála deimhnithe anois, meabhraíonn an Coimisiún do dhaoine freisin gur féidir leo a chinntiú go bhfuil siad ar chlár na dtoghthóirí trí www.voter.ie a sheiceáil, agus iarratas a dhéanamh ar vóta poist más gá.

Dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, Breitheamh sa Chúirt Uachtarach, an Breitheamh Marie Baker:

“Mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá an Coimisiún Toghcháin ag tnúth lenár gcéad fheachtas faisnéise reifrinn riamh a reáchtáil ó ghlacamar an ról tábhachtach seo ón gCoimisiún Reifrinn níos luaithe i mbliana.”

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta d’Eagarthóirí:

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú.
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla san Acht um Athchóiriú Toghcháin, ina measc:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (níor cuireadh tús leis go fóill).
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (níor cuireadh tús leis go fóill).
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.