Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

20 Samhain 2023 – Chuir an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, a mholtaí neamhspleácha faoi bhráid an Oireachtais maidir le leagan amach thoghlaigh thoghcháin na hÉireann le haghaidh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh.

Molann an Coimisiún, ina thuarascáil a cuireadh faoi bhráid an Oireachtais inniu, go sannfar an 14ú Feisire de Pharlaimint na hEorpa, ceann breise, d’Éirinn le haghaidh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, do thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt, agus go n-aistreofaí contaetha Laoise agus Uíbh Fhailí ó thoghlach an Deiscirt go toghlach an Láir Tíre.

Lean na moltaí comhairliúchán poiblí míosa ina bhfuarthas aighneachtaí ó pháirtithe polaitíochta, ionadaithe tofa agus daoine aonair ar spéis leo an cheist.

Comhlíonann na moltaí na ceanglais reachtúla a leagtar síos don athbhreithniú seo, is é sin go mbeadh comhionannas réasúnta ionadaíochta idir na toghlaigh; go gcaithfidh idir 3 agus 5 shuíochán a bheith i ngach toghcheantar; go seachnófaí sárú ar theorainneacha contae; agus go gcoimeádfaí leanúnachas nuair is féidir.

Dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, Breitheamh sa Chúirt Uachtarach, an Breitheamh Marie Baker:

“Ag deireadh mhí Mheán Fómhair, leithdháileadh an 14ú suíochán FPE breise ar Éirinn, le cinneadh a rabhthas ag fanacht leis le fada, mar gheall ar an daonra atá ag fás agus rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa.

 “Molaimid an suíochán breise sin a leithdháileadh ar thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt, rud a fhágann go mbeadh cúig shuíochán ann agus go dtabharfaí Contaetha Uíbh Fhailí agus Laoise isteach sa thoghlach sin ón Deisceart. Fanann toghlach Bhaile Átha Cliath mar an gcéanna.

“Mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, d’oibríomar go tapa chun a chinntiú go dtabharfaí an moladh seo chun cinn roimh an sceideal reachtúil. Is faoin Oireachtas atá sé anois machnamh a dhéanamh air agus reachtaíocht chuí a achtú.”

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 – Brian.dawson@electoralcommission.ie

Nóta d’Eagarthóirí:

The full report is available in English here.

Tá an leagan Gaeilge ar fáil anseo.

Leagtar amach i dTábla 2 ón tuarascáil thíos comhdhéanamh na dtoghlach molta do Pharlaimint na hEorpa.

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú.
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.