Skip to main content
Cover of the Bye Election Post Election Report

Is é do vóta do ghuth

Mhol an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, go gcaithfidh tuiscint níos cruinne a bheith ag iarrthóirí toghcháin agus ag a ngníomhairí ar rialacha toghcháin, agus go gcaithfidh limistéar oiriúnach, tiomnaithe a bheith ann le haghaidh comhairimh thoghcháin chun breithniú trédhearcach a dhéanamh ar vótaí. Tá na moltaí seo i measc sé cinn a rinneadh san Athbhreithniú i nDiaidh Imeacht Toghcháin (ADIT) ar fhothoghcháin an 22 Bealtaine 2026 i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Lár, athbhreithniú a foilsíodh inniu.

Ba iad seo na chéad fhothoghcháin Dála a reáchtáladh in Éirinn le beagnach cúig bliana, agus na chéad fhothoghcháin ó bunaíodh an Coimisiún Toghcháin. Scrúdaigh foireann de chuid an Choimisiúin an vótáil ag stáisiúin vótála ó Inis Bó Finne chomh fada leis an bPort Thoir.  I mBaile Átha Cliath Láir ar lá na vótaíochta, thug an Coimisiún cuairt ar gach ceann den 21 stáisiún vótaíochta agus thug sé léargas iomlán ar thoghcheantar amháin. I nGaillimh Thiar rinneadh breathnóireacht ag 21 stáisiún vótála, agus dhá oileán amach ón gcósta agus ceantair Ghaeltachta ina measc. Bhí an Coimisiún i láthair ag an dá ionad comhairimh freisin. Deis a bhí san fhothoghchán i nGaeltacht na Gaillimhe don Choimisiún athbhreithniú sonrach a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sa vótáil.

Sa tuarascáil ADIT, déantar sé mholadh lena gcuirtear leis na moltaí a rinneadh i ndiaidh reifrinn agus toghcháin a tionóladh idir 2024 agus 2025.

Moladh 1: A chinntiú go gcloítear leis na forálacha atá leagtha amach sa reachtaíocht teanga maidir le comharthaíocht agus seirbhísí i nGaeilge ag gach imeacht toghcháin amach anseo trí chinn chomhairimh a fhorordú mar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Moladh 2: Ba cheart don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Meabhrán maidir le Treoir d’Iarrthóirí a fhoilsiú nó a dháileadh, ina leagtar amach agus ina ndéantar achoimre ar fhorálacha, srianta agus rialacha an dlí toghcháin d’iarrthóirí.

Moladh 3: Ba cheart socruithe oiriúnacha agus spás fisiceach a bheith ag ionaid chomhairimh chun breithniú a dhéanamh ar pháipéir bhallóide lena chinntiú go mbeidh an deis chéanna ag gach iarrthóir breathnú agus páirt a ghlacadh de réir mar is cuí.

Moladh 4: Cuirfear i bhfeidhm an moladh ADIT roimhe seo maidir le reachtaíocht toghcháin a leasú lena fhoráil go sainráite go mbeidh baill foirne agus comhaltaí an Choimisiúin i láthair mar bhreathnóirí ag stáisiúin vótaíochta ar lá na vótaíochta, ag ionaid chomhairimh, agus le linn cúraimí riaracháin a bheith á reáchtáil i ndáil le himeacht toghcháin a riar.

Moladh 5: Ba chóir do chinn chomhairimh fógra a thabhairt don Choimisiún Toghcháin faoi imeachtaí riaracháin toghcháin atá beartaithe ag an am céanna a chuireann siad fógra chuig na hiarrthóirí.

Moladh 6: Roimh imeacht toghcháin, ba cheart do na hÚdaráis Áitiúla a chinntiú gurb é an líon toghthóirí is ábhartha don toghchán sin an figiúr a chuirtear ar fáil don Cheann Comhairimh agus a úsáidtear chun an líon vótálaithe a ríomh, seachas an líon toghthóirí ón scéim vótaíochta iomlán, a d’fhéadfadh a bheith níos mó.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Tugtar léargas i bhfothoghcháin Dála ar an gcaoi a ndéantar próisis agus riarachán toghcháin agus is deis iad a fheiceáil conas is féidir cúrsaí a fheabhsú sa phróiseas riaracháin do vótálaithe.

“Léirítear inár sonraí féin ón Olltoghchán agus ón Toghchán Uachtaránachta go bhfuil muinín ag daoine go ndéantar toghcháin a reáchtáil go dleathach, go bhfuil rúndacht a mballóide faoi chosaint agus go bhfuil oifigigh thoghcháin cothrom, ach nach bhfuarthas an mhuinín sin gan dua agus go mbíonn sí i gcónaí ag brath ar fheidhmíocht. Mar sin, caithfimid oibriú go dícheallach i gcónaí lena fheiceáil conas is féidir linn feabhas eile fós a chur ar phróisis agus ar nósanna imeachta.

“Agus muid ag ullmhú don chéad bhabhta eile toghchán atá beartaithe in 2029, cabhróidh na sé mholadh seo lenár dtoghcháin a fheabhsú agus le vótálaithe a vótaí a chaitheamh, ligfidh siad d’iarrthóirí a n-oibleagáidí a thuiscint, agus cuirfidh siad le trédhearcacht agus muinín.”

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Gnóthaí Poiblí, 

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie 

-CRÍOCH-

Nóta an Eagarthóra:

Tá Tuarascáil an Athbhreithnithe i nDiaidh Imeacht Toghcháin ar Fhothoghcháin 2026 le fáil ag na naisc seo a leanas:

Foilsítear an Tuarascáil ADIT seo faoi Alt 68 den Acht um Athchóiriú Toghcháin ina bhfuil foráil maidir le hathbhreithnithe den sórt sin agus is tuarascáil í ar riarachán an imeachta toghcháin lena mbaineann. 

Is é foilsiú na tuarascála ADIT seo ar Fhothoghcháin deireadh an séú hathbhreithniú den chineál seo atá déanta ag an gCoimisiún ó 2024.