Comhaltaí an Choimisiúin
Tá an Coimisiún comhdhéanta de 7 gcomhalta. Is í an Breitheamh Marie Baker, a d’ainmnigh an Príomh-Bhreitheamh, mar chathaoirleach. Tá ceathrar gnáthchomhaltaí den Choimisiún ann a ceapadh tar éis comórtais a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is iad sin:
- John Curran
- Maura Quinn
- *Faoi láthair, tá dhá phost le líonadh
Tá beirt chomhaltaí de bhrí oifige ann:
- Ger Deering, Ombudsman.
- Elaine Gunn
Beathaisnéisí
An Breitheamh Marie Baker – Cathaoirleach An Choimisiúin Toghcháin

Ba breitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí í an Breitheamh Baker, a ceapadh in 2019, agus a chuaigh ar scor in Aibreán 2024. D’ainmnigh an Príomh-Bhreitheamh í mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Toghcháin. Glaodh chun an Bharra í in 1984 agus chun Bharra na Sinsear in 2004.
Chleacht an Breitheamh Baker i gcuarda Chorcaí agus na Mumhan agus is idirghabhálaí creidiúnaithe í. Bhí sí ina Coimisinéir páirt-aimseartha ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí roimhe seo agus bhí sí mar chomhalta den ghrúpa staidéir comhairleach ar chomhaontuithe réamhphósta. In 2014, ceapadh an Breitheamh Baker mar bhreitheamh Ard-Chúirte, agus bhí sí ina Breitheamh sa Chúirt Achomhairc ó Mheitheamh 2018.
John Curran

I ndiaidh dó Céim Thráchtála a bhaint amach ó COBÁC bhunaigh agus reáchtáil John gnó rathúil closamhairc i mBaile Átha Cliath. Tá John ina Ionadaí Poiblí tofa leis an gcuid is mó de 20 bliain anuas. Toghadh é do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas in 1999 agus do Dháil Eireann in 2002.
Bhí John ar roinnt coistí Oireachtais lena n-áirítear an Coiste um Chuntais Phoiblí, an Coiste um Oideachas agus bhí sé mar chathaoirleach ar an gCoiste um Choimirce Shóisialach agus ar an gCoiste um Thithíocht agus Easpa Dídine. Bhí John freisin ina Aire Stáit ar a raibh freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus Gnóthaí Pobail aige agus bhí sé ina Phríomh-Aoire Rialtais. Tá John mar Chathaoirleach ar Archways agus Leas-Chathaoirleach ar Pháirtíocht Chontae Átha Cliath Theas i láthair na huaire.
Ger Deering

Cheap an tUachtarán Michael D. Higgins Ger Deering mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise d’Éirinn in mí Eanáir 2022. Ceapadh é mar Choimisinéir um Nochtaí Cosanta in mí Eanáir 2023. Tá sé ina Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, ina chomhalta den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus ina chomhalta den Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí chomh maith.
Tá roinnt foras poiblí bunaithe agus á stiúradh ag Ger agus tá an-taithí aige ar chearta tomhaltóirí agus fostaíochta. Bhí poist aige roimhe seo mar Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Stiúrthóir ar an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (ÚNCF), Stiúrthóir ar an gClár Athchóirithe um Chaidreamh san Áit Oibre agus Rialálaí Tacsaithe. Tá taithí fhairsing aige freisin ag obair ar fud an rialtais áitiúil, na forbartha pobail, na státseirbhíse agus na hearnála príobháidí.
Elaine Gunn

Maura Quinn

Próifíl
- Stiúrthóir cairte creidiúnaithe Institute of Directors, RA a bhfuil 25 bliain de thaithí leathan POF agus bhoird aici thar earnálacha éagsúla.
- Taithí Bhoird agus Coiste Boird
- Saineolas suntasach rialála
- Smaointeoir straitéiseach, tionchaire éifeachtach, cinnteoir, gníomhaí athraithe agus neartaitheoir foirne.
- Iar-POF den Institute of Directors in Ireland (30ú Meitheamh 2022
- 100 Príomhfheidhmeannach is Fearr in Éirinn Business & Finance bronnta air 2018, 2019, 2020 agus 2021
Scileanna agus taithí cheannaireachta chruthaithe
- Ról ceannaireachta aitheanta i rialachas corparáideach agus i ngnóthaí rialála
- Straitéis Ghnó agus Phleanála
- Tógáil agus forbairt bhranda
- Bainistíocht Riosca
- Scileanna cumarsáide agus tionchair sármhaithe agus tuiscint aici ar ionchais páirtithe leasmhara agus an cumas déileáil leo agus aghaidh a thabhairt orthu.