Clárú na bPáirtithe Polaitíochta
Is é Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin. Ní mór do gach páirtí polaitiúil a bheith ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta. Ní mór do pháirtí polaitíochta a bheith ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta chun gach ceann nó aon cheann de na toghcháin seo a leanas a chonspóid:
- Toghchán Dála
- Toghchán Eorpach
- Toghchán áitiúil
Más mian leat fiosrú a dhéanamh faoi pháirtí polaitíochta a chlárú seol ríomhphost chuig info@electoralcommission.ie
Tá tréimhsí sonracha ann chun páirtí a chlárú nó an Clár a leasú (féach thíos)
Má tá tuilleadh eolais uait faoi pháirtí polaitíochta a chlárú, léigh na foirmeacha agus an treoir anseo thíos:
Cén fáth a bhfuil an Clár tábhachtach?
Tá an Clár tábhachtach toisc, mar chuid d’fheidhm páirtí polaitíochta chláraithe, atá ar liosta an Chláir, go léiríonn sé ar bhonn foirmiúil ar na páipéir bhallóide an bhfuil duine ag seasamh mar iarrthóir do pháirtí polaitíochta cláraithe nó nach bhfuil.
Chomh maith leis sin, mura bhfuil Páirtí ar an gClár, ní féidir suaitheantas an pháirtí a chur ar an bpáipéar ballóide.
Sceidil Toghcháin
Má dhéanann an Cláraitheoir cinneadh faoi chlárú, leasú nó cealú
- tar éis dháta eisiúna na heascaire nó na n-eascairí le haghaidh toghchán Dála, nó
- tar éis dháta an ordaithe ábhartha ón Aire le haghaidh toghchán Áitiúil, thoghchán Mhéara Luimnigh nó toghchán Eorpach, ní bheidh éifeacht ag an gcinneadh don toghchán faoi leith a gaireadh.
ní bheidh éifeacht ag an gcinneadh don toghchán faoi leith a gaireadh.
Faoi Alt 51(5) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, arna leasú, is é Clár na bPáirtithe Polaitíochta atá i bhfeidhm le haghaidh toghchán an leagan den Chlár a bhí i bhfeidhm ar an dáta a ndearna an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na hOrduithe maidir leis an Lá Vótaíochta a shocraigh dáta agus amanna an toghcháin. Nuair a shínítear orduithe maidir leis an lá vótaíochta, fanann an Clár foilsithe mar atá gan aon athrú go dtí tar éis an toghcháin.
Aon chinneadh a dhéanfadh an Cláraitheoir chun an Clár a athrú i ndiaidh orduithe maidir le lá vótaíochta a shíniú, ní bheidh feidhm aige go dtí tar éis an toghcháin. Is cuma má tá iarratas chun páirtí nua a chlárú nó sonraí atá ar an gclár cheana féin a athrú comhlánaithe ina iomláine nó nach bhfuil, ní nuashonrófar an Clár go dtí tar éis an toghcháin.
Mura gcuireann páirtithe oifig an Chláraitheora ar an eolas faoi athruithe ar feadh tamaill, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag srianta ama toghcháin ar an gcaoi a léireofar iarrthóirí páirtí ar na páipéir bhallóide.
Iarrtar ar pháirtithe aon athruithe ar shonraí an Chláir a chur in iúl d’oifig an Chláraitheora a luaithe a athraíonn siad. Is féidir an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig registrar@electoralcommission.ie nó a chur sa phost chuig oifig an Choimisiúin, agus ‘Príobháideach agus Faoi Rún’ ar an gclúdach, chuig: Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta, an Coimisiún Toghcháin, Bloc M, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, D02 X8X8.
An féidir le hiarrthóirí toghcháin aonair clárú leis an gCoimisiún?
Ní féidir. Ní bhíonn ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta ach liosta de pháirtithe polaitíochta, ní iarrthóirí toghcháin aonair (bídís ina n-iarrthóirí páirtí nó ina n-iarrthóirí Gan Pháirtí).
Mura bhfuil páirtí polaitíochta ar an gClár, caithfidh iarrthóir a bheith ar an bpáipéar ballóide mar iarrthóir ‘Gan Pháirtí’. Más iarrthóirí ‘Gan Pháirtí’ atá i gceist, caithfidh siad iad féin a ainmniú le haghaidh toghcháin Dála, toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, toghcháin áitiúla nó thoghcháin Mhéara Luimnigh. Dá réir sin, caithfear (i) éarlais airgeadais a lóisteáil nó (ii) líon toghthóirí chun tacú lena n-iarrthóireacht a eagrú (toghthóirí atá cláraithe le vóta a chaitheamh agus a chónaíonn sa cheantar ina bhfuil an t-iarrthóir ag seasamh i dtoghchán).
Cearta achomhairc i gcoinne Cinneadh ó Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta
Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig bord achomhairc i gcoinne cinneadh ó Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta. Caithfear gach cumarsáid achomhairc a sheoladh chuig appeals@electoralcommission.ie. Nuair atá achomharc á chur isteach, cinntigh an méid seo a leanas:
- Déantar achomhairc i scríbhinn chuig Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, Bloc M, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, D02 X8X8 faoi 12 meán lae ar an 21ú lá tar éis chinneadh an Chláraitheora a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil.
- Tá an t-achomharc le seachadadh nó le seoladh sa phost agus ní mór éarlais €500 a bheith ag gabháil leis. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le seic, nó is féidir ár sonraí bainc a sholáthar ar iarratas le haghaidh íocaíochta trí aistriú bainc.
- Ba cheart foras an achomhairc a lua san achomharc agus ba cheart an fhianaise ar a bhfuil an t-achomharc bunaithe a thabhairt. Go dtí go ndéanfar cinneadh an Bhoird, ní bheidh éifeacht le cinneadh an Chláraitheora.
Ba cheart foras an achomhairc a lua san achomharc agus ba cheart an fhianaise ar a bhfuil an t-achomharc bunaithe a thabhairt. Go dtí go ndéanfar cinneadh an Bhoird, ní bheidh éifeacht le cinneadh an Chláraitheora.
Achomharc i gcoinne chinneadh an Chláraitheora
51. (1) I gcás cinneadh ón gCláraitheoir maidir le—
(a) iarratas ar chlárú faoi alt 43 nó 44,
(b) iarratas faoi alt 50 chun leasú a dhéanamh ar na sonraí a iontráladh i ndáil le páirtí i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, nó
(c) cealú clárúcháin páirtí faoi alt 50 (6),
féadfar é a cheistiú trí achomharc chuig an mBord faoin alt seo agus, go dtí go ndéanfaidh an Bord cinneadh ar achomharc den sórt sin, ní bheidh éifeacht le cinneadh an Chláraitheora.
(2) I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an gCláraitheoir iarratas ar chlárú, lena n-áirítear clárú suaitheantais nó iarratas ar leasú ar an gclár, a dhiúltú agus gur luadh na cúiseanna leis sin de réir alt 49 nó 50 (3), measfar gur ráiteas leordhóthanach ar na cúiseanna leis an gcinneadh an ráiteas sin.
(3) (a) Tráth nach déanaí ná 12 meán lae ar an aonú lá is fiche tar éis cinneadh ón gCláraitheoir ar iarratas ar chlárú faoi alt 43 nó 44, nó ar leasú na sonraí i ndáil le páirtí atá taifeadta sa chlár faoi alt 50 (1) nó i leith cealú clárúcháin páirtí faoi alt 50 (6) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, féadfar achomharc a dhéanamh chuig an mBord i gcoinne an chinnidh—
(i) i gcás cinneadh diúltú d’iarratas ar chlárú lena n-áirítear clárú suaitheantais nó d’iarratas ar leasú ar an gclár, ag an bpáirtí a rinne an t-iarratas,
(ii) i gcás cinneadh chun iarratas ar chlárú nó iarratas ar leasú an chláir a cheadú, ag aon pháirtí polaitíochta atá cláraithe ar an gclár tráth a thugann an Cláraitheoir an fógra sin,
(iii) i gcás cinneadh clárúchán a chealú, ag an bpáirtí a bhfuil sé beartaithe a chlárúchán a chealú.
(b) I gcás nach ndéanfar achomharc faoin alt seo laistigh den tréimhse a shonraítear i mír (a), beidh an cinneadh críochnaitheach ar dhul in éag don tréimhse sin agus tabharfaidh an Cláraitheoir fógra don iarratasóir nó, de réir mar a bheidh, don pháirtí a bhfuil cinneadh déanta aige nó aici a chlárúchán a chealú.
(c) Beidh achomharc faoin alt seo i scríbhinn, luafar ann an foras ar a ndéantar an t-achomharc, díreofar é chuig an gCathaoirleach agus seachadfar nó cuirfear sa phost é ionas go sroichfidh sé an Cathaoirleach tráth nach déanaí ná an t-am a sonraítear i mír (a), mar aon leis an éarlais dá dtagraítear i mír (d), agus ní dhéanfaidh an Coimisiún aon achomharc den sórt sin a gheobhaidh an Cathaoirleach tar éis an ama sin nó gan an éarlais sin a mhachnamh ná a bhreithniú.
(d) Ní bhreithneoidh an Bord achomharc faoin alt seo mura rud é, tráth a ndéantar an t-achomharc, go dtaiscfear éarlais €500 leis an gCathaoirleach ag an achomharcóir, nó thar a cheann, agus, nuair a bheidh cinneadh déanta faoin achomharc, déanfar an tsuim sin a thabhairt ar ais don duine a rinne é mura measann an Bord gur achomharc neamhbhríoch nó cráiteach é agus mura n-ordaíonn sé an éarlais a chailleadh.
(e) Déanfaidh an Cathaoirleach aon éarlais a cailleadh faoin alt seo a dhiúscairt ar cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
(f) Déanfaidh an Cathaoirleach, a luaithe a gheofar achomharc faoin alt seo—
(i) fógra a thabhairt don Chláraitheoir faoin bhfáil sin,
(ii) cóip den achomharc a thabhairt don Chláraitheoir,
(iii) fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil á rá gur taisceadh achomharc, agus
(iv) an cháipéisíocht a bhaineann leis an achomharc a chur ar fáil lena hiniúchadh ag aon tráth a oireann.
(4) (a) Agus achomharc faoin alt seo á chinneadh ag an mBord, breithneoidh sé—
(i) an foras don achomharc a luaitear de bhun fho-alt (3)(c), agus
(ii) cibé faisnéis (más ann di) a cuireadh ar fáil don Chláraitheoir i ndáil leis an iarratas ar chlárú (lena n-áirítear clárú suaitheantais páirtí polaitíochta), an t-iarratas ar leasú an chláir nó an cealú beartaithe ar an gclárúchán, de réir mar a bheidh.
(b) Tabharfaidh an Cláraitheoir don Choimisiún cibé faisnéis i ndáil le gach achomharc a bhreithneofar de bhun an ailt seo a fhéadfaidh an Coimisiún a cheangal air nó uirthi go réasúnta.
(c) I gcás ina gcuirfear faisnéis sa bhreis ar a dtagraítear di i mír (a)(ii) ar fáil don Choimisiún, déanfar an t-iarratas achomhairc, má mheasann an Coimisiún gur cuí é agus má ordaíonn sé dá réir sin, a chur ar ais chuig an gCláraitheoir lena bhreithniú agus déileálfaidh an Cláraitheoir leis, más cuí, mar iarratas nua ar chlárú nó mar leasú ar an gclár.
(d) Beidh cinneadh an Choimisiúin críochnaitheach agus ceangailteach.
(5) Ní bheidh éifeacht ag cinneadh an Chláraitheora ar iarratas ar chlárú, lena n-áirítear clárú suaitheantais, nó ar leasú na sonraí atá taifeadta sa chlár i leith páirtí nó i ndáil le cealú clárúcháin páirtí faoi alt 50 nó ag cinneadh an Choimisiúin ar achomharc faoin alt seo maidir leis an toghchán ábhartha i gcás ina ndéantar cinneadh an Chláraitheora nó an Choimisiúin nó ina rachaidh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh faoi fho-alt (3) i gcoinne chinneadh an Chláraitheora in éag—
(a) i gcás toghchán Dála a bhaineann le páirtí atá cláraithe nó atá ag iarraidh clárú (lena n-áirítear clárú suaitheantas páirtí polaitíochta) mar pháirtí atá eagraithe chun dul san iomaíocht i dtoghchán Dála, tar éis dháta eisiúna an eascaire nó na n-eascairí,
(b) i gcás toghchán Eorpach a bhaineann le páirtí atá cláraithe nó atá ag iarraidh clárú (lena n-áirítear clárú suaitheantais páirtí polaitíochta) mar pháirtí atá eagraithe chun dul san iomaíocht i dtoghchán Eorpach, tar éis dháta déanta an ordaithe ón Aire faoi alt 10(1) d’Acht 1997,
(b) i gcás toghchán áitiúil a bhaineann le páirtí atá cláraithe nó atá ag iarraidh clárú (lena n-áirítear clárú suaitheantais páirtí polaitíochta) mar pháirtí atá eagraithe chun dul san iomaíocht i dtoghchán áitiúil, tar éis dháta déanta an ordaithe ón Aire faoi alt 26(2) d’Acht 2001.
(6) Déanfaidh an Bord cinneadh ar achomharc faoin alt seo gan éisteacht ó bhéal mura measann sé, ag féachaint do na himthosca sonracha a bhaineann leis an achomharc, gur gá éisteacht ó bhéal a sheoladh chun an t-achomharc a chinneadh go cuí agus go cothrom.
(7) Maidir le hachomharc a tionscnaíodh faoi alt 25B d’Acht 1992 agus nach mbeidh críochnaithe roimh an lá bunaithe, leanfaidh an Bord leis nó críochnóidh sé é faoin alt seo ar an lá bunaithe nó dá éis.
(8) San alt seo, ciallaíonn “Bord” comhaltaí an Choimisiúin dá dtagraítear in alt 9 (1).