Agus an Reifreann ag Teacht Chun Críche, Leagann an Coimisiún Toghcháin Amach Sonraí Thréimhse a Fheachtais.
9 Márta 2024 – Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tar éis cur síos a dhéanamh ar na sonraí deiridh dá fheachtais faisnéise, a seoladh ar an 25 Eanáir don dá fheachtas reifrinn agus a chríochnaigh nuair a d’oscail an vótáil inné.
I rith shé seachtaine an fheachtais, rinne an Coimisiún Toghcháin:
- 2.3m Leabhrán Reifrinn a scríobh, a dhearadh agus a chur i gcló chun go seachadfadh An Post iad ar gach áit chónaithe, agus ar shuíomhanna cúraim, leabharlanna, oifigí comhairle saoránach, oifigí poist agus ar phearsanra Éireannach ar seirbhís thar lear.
- Na scórtha imeachtaí faisnéise feachtais fisiciúla a eagrú i bpobail dhifriúla ar fud deich gcontae.
- Na céadta ceisteanna a fhreagairt i mbeagnach 60 agallamh ar na meáin áitiúla agus náisiúnta ar an teilifís, raidió, sna meáin chlóite agus ar líne, na meáin Ghaeilge ina measc.
- 770,000 cuairt leathanaigh a éascú ar leathanaigh faisnéise ár suímh gréasáin dhátheangaigh faoi na reifrinn agus níos mó ná 20,000 íoslódáil de Leabhrán Eolais an Reifrinn dár gcuid.
- Os cionn 1,200 ceist a chuir an pobal ar an gCoimisiún go díreach a fhreagairt ar an nguthán, ar ríomhphost agus sa phost.
- Feachtas fógraíochta feasachta náisiúnta don phobal a chruthú agus a sholáthar, inar díríodh ar dhaoine a chlárú le vótáil, agus iad a chur ar an eolas faoi Reifrinn an 8 Márta.
- Feachtas meán sóisialta ar leith a chruthú agus a chraoladh chun daoine a chur ar an eolas faoin gcaoi ar aimsigh siad a gcuid faisnéise faoi reifrinn.
- Ar lá na vótála, breathnaíodh ar an láthair ar vótáil a bhí ar siúl i 100 stáisiún vótála ar leith i ngach contae in Éirinn.
Tá an-áthas ar an gCoimisiún Toghcháin, mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, go bhfuil ár gcéad imeacht toghcháin curtha i gcrích againn ó bunaíodh muid i mí Feabhra 2023. Beidh tuarascáil i ndiaidh toghcháin á hullmhú againn ar an vóta seo laistigh de shé mhí, de réir fhorálacha an Achta um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Le cúpla seachtain anuas, chuir an Coimisiún tús freisin lenár bhfeachtas a ullmhú do thoghcháin Áitiúla, Eorpacha agus Mhéara Luimnigh i mí an Mheithimh agus don fheachtas faisnéise neamhspleách don Reifreann atá beartaithe don dáta céanna.
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie
– CRÍOCH –
Nóta d’Eagarthóirí:
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú.
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.