An Coimisiún Toghcháin chun Bonn Eolais a Chur faoi Dhíospóireacht Phoiblí agus Rannpháirtíocht i Reifreann ar Chomhionannas Inscne
Eisiúint do na Meáin
8 Márta 2023 – Beidh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún toghcháin nuabhunaithe na hÉireann, ag stiúradh na hoibre ar an leibhéal náisiúnta maidir le míniú a thabhairt ar na saincheisteanna a mbeifear ag vótáil orthu i reifreann ar chomhionannas inscne i mí na Samhna, agus rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn.
Ó bunaíodh é an 9 Feabhra, tá réimse suntasach feidhmeanna glactha ag Coimisiún Toghcháin neamhspleách na hÉireann a bhaineann le hoibriú ár gcórais dhaonlathaigh. Faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, tá ról agus feidhmeanna neamhchlaonta an Choimisiúin Reifrinn glactha ag an gCoimisiún Toghcháin i dteannta raon i bhfad níos leithne d’obair shainordaithe eile, lena n-áirítear an t-athbhreithniú reatha ar thoghcheantair, clárú páirtithe polaitíochta, tuairisciú ar thoghcháin, agus sainorduithe nua taighde agus rannpháirtíochta poiblí.
Is é reifreann beartaithe mhí na Samhna an chéad cheann ina nglacfaidh an Coimisiún Toghcháin ceannasaíocht sna seirbhísí maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar an reifreann agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn.
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie
Nóta d’Eagarthóirí:
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú, agus Clár na bPáirtithe Polaitíochta a ullmhú agus a chothabháil.
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn.
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.