Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Eisiúint do na Meáin

30 Bealtaine 2023 – Tá an Coimisiún Toghcháin tar éis an freagra is mó riamh ón bpobal a fháil ar a ghlao ar aighneachtaí maidir le hAthbhreithniú Toghcheantar ar an 39 Dáilcheantar agus 3 Thoghlach Pharlaimint na hEorpa.

Fuair an Coimisiún Toghcháin 556 aighneacht ó ionadaithe tofa, páirtithe polaitíochta, lucht acadúil, grúpaí spóirt agus pobail agus ó dhaoine aonair a raibh suim acu ann. Foilsítear na haighneachtaí ar fad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin www.electoralcommission.ie.

Tagann an leibhéal spéise poiblí is airde riamh agus an Lár-Oifig Staidrimh ag foilsiú thorthaí deiridh Dhaonáireamh 2022 inniu. Cuirfear moltaí Athbhreithnithe Toghcheantar an Choimisiúin Toghcháin faoi bhráid an Oireachtais tráth nach déanaí ná an 30 Lúnasa 2023, arb é atá ann ná trí mhí ó fhoilsiú na tuarascála deiridh ar an daonáireamh inniu.

Tá 160 Teachta Dála sa Dáil faoi láthair. D’iarr an tOireachtas ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe reatha agus moladh a dhéanamh go mbeadh idir 171 agus 181 Teachta Dála ann don chéad toghchán eile. Déantar athbhreithniú ar na dáilcheantair de réir na gcritéar sa Bhunreacht go mbeadh Teachta Dála amháin ag déanamh ionadaíocht ar idir 20,000 agus 30,000 duine, agus na cúinsí atá leagtha amach faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.

Tá 13 Fheisire Eorpacha in Éirinn faoi láthair a dhéanann ionadaíocht ar thrí thoghlach, Baile Átha Cliath, an Deisceart agus an Lár Tíre – an tIarthuaisceart. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na toghlaigh sin i gcomhréir leis na cúinsí atá leagtha amach faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá Parlaimint na hEorpa ag breithniú togra le haghaidh Feisire Eorpach amháin breise nó beirt Fheisirí Eorpacha bhreise do thoghlaigh na hÉireann, ach níor deimhníodh é sin go fóill.  

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie

Nóta d’Eagarthóirí:

Ba é an líon aighneachtaí ba mhó a fuarthas roimhe seo ná don Athbhreithniú Toghcheantar 2012 inar taifeadadh 533 aighneacht. Fuarthas 414 aighneacht san athbhreithniú is déanaí in 2017.

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú, agus Clár na bPáirtithe Polaitíochta a ullmhú agus a chothabháil.
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.