Bronnfaidh Taispeántas Eolaithe Óga & Teicneolaíochta Stripe an Chéad Ghradam Daonlathais agus Toghchán Riamh
Iarrtar ar lucht freastail réamhchlárú anois le vótáil i dtoghcháin amach anseo.
Beidh an Coimisiún Toghcháin ag seastán 121, Halla Taispeántais 1 ón 8 Eanáir go dtí an 10 Eanáir mar chuid den Stripe YSTE san RDS
1 Eanáir 2025 – Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag dul i gcomhpháirtíocht le Taispeántas Eolaithe Óga & Teicneolaíochta Stripe (Stripe YSTE) chun an chéad Ghradam Daonlathais agus Toghchán a bhronnadh ag an taispeántas.
Tá comhoibriú agus comhpháirtíochtaí taighde i gcroílár Chlár Taighde 2024-2026 de chuid an Choimisiúin. Is deis iontach é Stripe YSTE chun taighde den scoth a chothú agus a aithint, rud a chabhraíonn le tuiscint níos doimhne a fháil ar an daonlathas i ré ina bhfuil dúshlán mór domhanda ann.
Chomh maith leis sin, cuirfidh an Coimisiún lena fheachtais rannpháirtíochta poiblí ar éirigh thar cionn leo in 2025 ag Electric Picnic, an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus Seachtainí na bhFreisear chun daoine óga a spreagadh chun clárú le vótáil agus scoláirí a réamhchlárú le bheith incháilithe chun vótáil ar a 18ú breithlá.
Léiríodh i Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) an Choimisiúin ar Olltoghchán 2024 gurbh iad na daoine idir 18 agus 34 bliain d’aois a ndearnadh suirbhé orthu an grúpa ba mhó de vótálaithe incháilithe (68%) nach raibh cláraithe le vóta a chaitheamh agus dá bhrí sin nár chuir siad a dtuairim in iúl san Olltoghchán is déanaí.
Tá an Coimisiún tiomanta d’fheasacht a mhúscailt i measc scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí gur féidir le daoine óga réamhchlárú nuair a bhíonn siad 16 agus 17 mbliana d’aois trí chuairt a thabhairt ar www.CheckTheRegister.ie agus ansin go gcuirfear leis an gclár iad go huathoibríoch a luaithe a shlánaíonn siad 18 mbliana d’aois.
Freastalaíonn thart ar 40,000 duine ar Stripe YSTE gach bliain, agus beidh foireann an Choimisiún Toghcháin i Halla Taispeántais 1 ag reáchtáil toghchán bréige don aireagán is fearr leat, ag bronnadh duaiseanna, ag labhairt le múinteoirí agus tuismitheoirí, agus ag spreagadh gach duine atá incháilithe clárú nó réamhchlárú le vótáil ar www.voter.ie
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Is iad na scoláirí seo – agus an líon mór daoine óga cosúil leo ar fud na tíre – caomhnóirí dhaonlathas na hÉireann amach anseo. Ina lámha siúd atá neart ár n-institiúidí daonlathacha, an leibhéal iontaoibhe poiblí atá againn, agus athléimneacht ár saoil shibhialta chomhroinnte. Ní rud cinnte é an daonlathas; is turgnamh beo é. Ach oiread le gach turgnamh mór a cheiliúrtar ag an Taispeántas Eolaithe Óga, éilíonn sé fiosracht, cúram agus iarracht leanúnach má tá sé le bheith faoi bhláth.
“Aithníonn agus ceiliúrann an chéad Ghradam Daonlathais agus Toghchán an smaointeoireacht is cruthaithí agus is mó tionchar maidir le rannpháirtíocht dhaonlathach, rannpháirteachas i dtoghcháin, sláine agus bonneagar. Léiríonn sé ár dtiomantas don nuálaíocht agus taighde a chothú ar thoghcháin agus ar an daonlathas ag gach céim den oideachas, agus tógann sé ar an móiminteam dearfach a cruthaíodh le tabhairt isteach na Polaitíochta agus na Sochaí sa churaclam le blianta beaga anuas.”
Beidh an Coimisiún Toghcháin ag seastán 121, Halla Taispeántais 1 ón 8 Eanáir go dtí an 10 Eanáir mar chuid den Stripe YSTE san RDS.
– CRÍOCH –
Nóta d’Eagarthóirí:
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin, idir chinn atá ann cheana féin agus chinn nua, ina measc:
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.