Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

29 Bealtaine 2025 – Cé go luaitear i dtuarascáil Athbhreithnithe i ndiaidh Imeacht Toghcháin (PEER) d’Olltoghchán mhí na Samhna feabhsuithe ó baineadh amach ó rinne an Coimisiún Toghcháin an chéad PEER i mí an Mhárta 2024, léirítear teipeanna leanúnacha maidir le rochtain do dhaoine faoi mhíchumas ar vótáil. 

Tá moladh láidir tugtha ag an gCoimisiún don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go gcuirfí deireadh leis na táillí ar fad a bhaineann le teastas leighis le haghaidh vótaí poist roimh thoghchán an Uachtaráin san fhómhar.

D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, a Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin (PEER) ar Olltoghchán 2024 inniu agus chuir sé faoi bhráid an Oireachtais é. Déantar ocht moladh nua ann:

  1. Deireadh a chur le gach táille a ghearrtar ar dhaoine atá ag cur isteach ar an vóta poist mar gheall ar thinneas, míchumas, nó teastas leighis eile.
  2. Athbhreithniú a dhéanamh ar na hamlínte reachtúla i ndiaidh lánscor na Dála chun a chinntiú go mbeidh dóthain ama ag vótálaithe chun clárú le haghaidh vóta poist, nó iarratas a dhéanamh ar vóta poist, agus é a sheoladh ar ais.
  3. Leasú agus míniú go soiléir ar fhoirm iarratais PV4 ar vóta poist go bhfuil freastal ar stáisiún Gardaí agus ‘Dearbhú Céannachta’ riachtanach faoin gcatagóir slí beatha/mic léinn. 
  4. Treoir a eisiúint do bhaill foirne vótála maidir le diúscairt shábháilte aon chártaí faisnéise vótaíochta a fhágann vótálaithe ina ndiaidh.
  5. Athbhreithniú a dhéanamh ar scéimeanna vótála i ndiaidh aon athrú a dhéanamh ar theorainneacha toghcháin mar gheall ar athbhreithniú toghcheantar. 
  6. Treoir a eisiúint d’oifigigh cheannais faoin gcaoi le freagairt dá n-eiseofaí páipéir bhallóide don toghcheantar mícheart do thoghthóirí. 
  7. Leasú a dhéanamh ar na foirmeacha tuairiscithe toghchán a chomhlánaíonn cinn chomhairimh ionas go mbíonn na staitisticí agus vótaí ón bpostvótáil scartha ó na sonraí faoin vótáil speisialta. 
  8. Mar áis chabhrach d’úsáideoirí a bhfuil lagú amhairc orthu, ba cheart uimhreacha saorghlao ina dtugtar liosta d’iarrthóirí san ord ina mbíonn siad ar an bpáipéar ballóide a thaispeáint go soiléir ar shuíomhanna gréasáin na gceann comhaireamh agus an rialtais. Ba cheart comhaid fuaime a chur ar fáil ar na suíomhanna gréasáin sin chomh maith.

Thug comhaltaí agus foireann an Choimisiúin Toghcháin cuairt ar 87 stáisiún vótála ar fud an 26 contae ó Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall go hInis Arcáin i gCorcaigh ar an 29 Samhain 2024 chun nósanna imeachta agus dálaí vótála a fheiceáil. 

Bhreathnaigh baill foirne freisin ar eisiúint vótaí poist i roinnt áiteanna; ar sheoladh roinnt vótaí poist chuig misin taidhleoireachta na hÉireann thar lear; ar vótáil speisialta i dtithe altranais i ndáilcheantar Thiobraid Árann Thuaidh; agus chonaic siad go díreach, i dteannta Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, taithí toghthóirí faoi mhíchumas a fuair tacaíocht agus iad ag taisteal chuig stáisiúin vótála agus ag caitheamh vóta i Maigh Eo. 

Le linn na dtrí PEER, tá feabhsuithe feicthe ag an gCoimisiún ar riarachán agus bonneagar toghcháin. Luaitear sa tuarascáil go raibh fíor-iarracht chun inrochtaineacht stáisiún vótála áirithe a fheabhsú le feiceáil agus tugtar aitheantas do chinn chomhairimh agus don fhoireann vótála.

Luaigh an Coimisiún Toghcháin i gcásanna eisceachtúla earráidí i roinnt scéimeanna vótála i ndáilcheantair Bhaile Átha Cliath agus luaigh fadhbanna ar leith freisin maidir le neamhsheachadadh cártaí faisnéise vótaíochta chuig vótálaithe i ndáilcheantar Chathair Luimnigh.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Roimh thoghchán an uachtaráin i mbliana, agus gach toghchán amach anseo, tá sé ríthábhachtach go nglacfaimid le gach imeacht vótála mar dheis chun foghlaim agus feabhas a chur ar phróisis agus ar chleachtais vótála. Tá áthas orainn go raibh roinnt feabhsuithe le feiceáil ag stáisiúin vótála ó thugamar cuairt orthu le linn imeachtaí toghcháin roimhe seo i mí an Mhárta agus i mí an Mheithimh.

“Mar sin féin, níl aon údar leis beag ná mór go mbeadh ar roinnt vótálaithe íoc chun rochtain a fháil ar a vóta.

“Ba cheart do gach stáisiún vótála agus do gach bothán vótála an ceart chun vótáil go príobháideach agus le dínit a sholáthar do gach toghthóir.”

CRÍOCH

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Alice Kiernan, Cumarsáid, An Coimisiún Toghcháin.

087 2046205 /alice.kiernan@electoralcommission.ie 

– CRÍOCH –

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá an Tuarascáil ar an Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin ar Olltoghchán an 29 Samhain 2024 ar fáil ar na naisc seo a leanas:

English version / Leagan Gaeilge

Foilsítear an Tuarascáil PEER seo faoi alt 68 den Acht um Athchóiriú Toghcháin ina bhforáiltear d’athbhreithnithe dá leithéid agus is tuarascáil í ar riar an imeachta toghcháin lena mbaineann.

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. 

Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin, idir chinn atá ann cheana féin agus chinn nua, ina measc:

  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.