Éilíonn Úsáid Leanúnach Póstaer Toghcháin in Éirinn Córas Forfheidhmithe Níos Déine
24 Meitheamh 2026 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, a mholtaí inniu maidir le húsáid póstaer le linn thoghcháin agus fheachtais reifrinn na hÉireann.
Measann an Coimisiún go bhfuil ról tábhachtach ag póstaeir toghchán i rannpháirtíocht an phobail leis an bpróiseas toghcháin, ach tugann sé dá aire imní chomhshaoil, sábháilteachta poiblí agus imní eile a bhaineann lena n-úsáid. Dá bhrí sin, molann sé go mbeadh forfheidhmiú níos déine ar rialacha atá ann cheana féin, soiléireacht maidir le freagracht as monatóireacht ar chomhlíonadh, méideanna póstaer teoranta, agus saoráidí feabhsaithe chun iad a dhiúscairt agus a athchúrsáil i ndiaidh an toghcháin.
I mí Iúil 2023, d’iarr an Rialtas ar an gCoimisiún obair a áireamh ina Chlár Taighde chun “scrúdú a dhéanamh ar cheist na húsáide póstaer i dtoghcháin agus i reifrinn agus comhairliúchán a dhéanamh maidir le teorainneacha a chur ar líon na bpóstaer is féidir a úsáid nó suíomhanna áirithe a shocrú lena n-úsáid”.
Tagann moltaí an lae inniu i ndiaidh taighde neamhspleách mionsonraithe agus comhairliúchán poiblí. Tá taighde nua dar teideal ‘Election Posters in Ireland: practices, attitudes and impacts’, a choimisiúnaigh an Coimisiún Toghcháin agus a scríobh an Dr Dawn Wheatley agus an Dr Eoin O’Malley ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), a fhoilsiú inniu i dteannta mholtaí an Choimisiúin Toghcháin agus achoimre ar fhreagraí an chomhairliúcháin phoiblí ar an ábhar.
Agus na moltaí seo á dtabhairt chun cinn, bhain an Coimisiún cothromaíocht amach idir a fheidhmeanna taighde agus a fheidhmeanna oideachais. Léirítear i dtuarascáil thaighdeoirí DCU go bhfuil luach oideachasúil soiléir ag póstaeir do vótálaithe reatha agus do vótálaithe amach anseo. Chomh maith leis sin, fuair an Coimisiún eolas ó shonraí ó thaighdeoirí DCU a chuir tionchar carbóin póstaer toghcháin i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus imeachtaí eile, lena n-áirítear lorg carbóin féideartha na meán sóisialta agus cumarsáide ar líne eile a bhaineann le toghcháin. Aithníonn an Coimisiún freisin an t-ábhar oscailte, inrochtana agus comhsheasmhach a bhíonn ar phóstaeir i gcomparáid leis na teachtaireachtaí polaitiúla atá níos bunaithe ar algartaim a sheoltar trí na meáin shóisialta.
Agus an méid sin go léir á chur san áireamh, díríonn na moltaí a rinne an Coimisiún don Rialtas ar:
- Forfheidhmiú dlíthe póstaer atá ann cheana – Ba cheart go mbeadh cumarsáid níos soiléire ann agus forfheidhmiú níos comhsheasmhaí agus níos déine ar an reachtaíocht agus ar an treoir atá ann cheana féin lena rialaítear póstaeir toghchán. Go háirithe, ba cheart go mbeadh gníomhaíocht forfheidhmiúcháin níos comhsheasmhaí agus níos tráthúla mar thoradh ar shárú ar threoirlínte maidir le crochadh na bpóstaer.
- Soiléireacht maidir le freagracht as gníomhartha – Ba cheart go mbeadh soiléireacht ann maidir le cé atá freagrach as forfheidhmiú agus monatóireacht ar chomhlíonadh gnéithe sonracha.
- Cumarsáid faoi shábháilteacht an phobail – Ba cheart go mbeadh feachtas cumarsáide sonrach ar leibhéal náisiúnta ann freisin a dhírítear ar pháirtithe leasmhara polaitiúla maidir leis na guaiseacha sábháilteachta poiblí a eascraíonn as póstaeir a chur in áit mhíchuí.
- Ba cheart cruth agus méid ceadaithe póstaer a theorannú chun an méid dramhaíola agus damáiste comhshaoil a chruthaíonn siad a laghdú. Ba cheart é sin a thabhairt isteach de réir a chéile chun go mbeifear in ann stoc póstaer atá ann cheana a athúsáid.
- Diúscairt agus athchúrsáil póstaer – Ba cheart don Aire a iarraidh ar Údaráis Áitiúla áiseanna agus tacaíochtaí feabhsaithe a chur i bhfeidhm chun diúscairt agus athchúrsáil inbhuanaithe póstaer atá ann cheana a spreagadh. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin níos mó struchtúir agus soiléireachta ar fáil maidir le socruithe chun ábhar póstaer a athúsáid nó a dhiúscairt agus ar an gcaoi sin cabhrú le rátaí athchúrsála.
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Iarradh ar an gCoimisiún taighde mionsonraithe a dhéanamh ar ról póstaer i dtoghcháin agus i reifrinn na hÉireann mar chuid dár gclár oibre níos leithne chun ár ndaonlathas a neartú agus a chosaint. Inniu, táimid ag foilsiú an taighde neamhspleách sin, mar aon leis na tuairimí a roinn an pobal trínár bpróiseas comhairliúcháin agus moltaí an Choimisiúin don todhchaí.
“Is cuid de thírdhreach dhaonlathas na hÉireann iad póstaeir thoghcháin le fada an lá. Le glúnta anuas, d’fhógair siad feachtais, chuir siad iarrthóirí in aithne agus thug siad díospóireacht pholaitiúil isteach i bpobail ar fud na tíre. Léirigh ár gcomhairliúchán go bhfuil tuairimí láidre agus doimhne ag daoine faoina n-áit inár dtoghcháin.
“Ní fhanann an daonlathas mar an gcéanna i gcónaí. Forbraíonn sé chun freastal ar ionchais gach glúine. Is é an dúshlán atá romhainn ná na gnéithe dár dtraidisiún toghcháin a leanann de bheith ag freastal ar vótálaithe a chaomhnú, agus a chinntiú ag an am céanna go bhfuil an fheachtasaíocht sábháilte, inbhuanaithe agus measúil ar na spásanna poiblí a roinnimid ar fad.
“Tá sé mar aidhm ag na moltaí a fhoilsímid inniu an chothromaíocht sin a bhaint amach. Tacaíonn siad le leanúint de bheith ag úsáid póstaeir toghcháin mar chuid infheicthe agus inrochtana d’fheachtais toghcháin, agus ag an am céanna tá siad ag iarraidh forfheidhmiú níos láidre ar rialacha atá ann cheana féin agus tiomantas athnuaite chun tionchair chomhshaoil agus rioscaí do shábháilteacht an phobail a laghdú a oiread agus is féidir. Ar an mbealach sin, creidimid gur féidir ómós a léiriú do thraidisiún daonlathach seanbhunaithe agus a chinntiú ag an am céanna go bhfanfaidh sé oiriúnach d’Éirinn amach anseo.”
– CRÍOCH –
Nóta d’Eagarthóirí:
- Tá Páipéar Moltaí an Choimisiúin Toghcháin ar fáil anseo.
- Tá Páipéar Taighde Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath dar teideal “Election posters in Ireland: Practices, attitudes and impacts” arna scríobh ag Dawn Wheatley, Saoirse McGarrigle agus Eoin O’Malley ar fáil anseo.
- Tá an achoimre ar fhreagraí na n-aighneachtaí ar na comhairliúcháin phoiblí ar fáil anseo.
Feidhm Taighde an Choimisiúin
- Foráiltear in alt 64 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 gur féidir leis an gCoimisiún Toghcháin (an Coimisiún) taighde a choimisiúnú nó a dhéanamh ar bheartas agus nósanna imeachta toghcháin, ceisteanna a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna ina measc agus, ag eascairt as an taighde sin, go bhféadfaidh sé moltaí a dhéanamh don Aire agus don Rialtas de réir mar is cuí leis.
- Tugtar faisnéis faoi fheidhm oideachais an Choimisiúin in alt 67 (1) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, agus deirtear go gcuirfidh an Coimisiún cláir oideachasúla agus faisnéise ar fáil chun feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, mar aon lena rannpháirtíocht iontu, agus spreagaimid an pobal chun vótáil in imeachtaí toghcháin.
- Is príomhthionscnamh é an tuarascáil taighde agus an páipéar moltaí seo maidir le póstaeir faoi Shnáithe B de Chlár Taighde 2024–2026 de chuid an Choimisiúin Toghcháin.