Fáilte roimh Bhaint an Mhoratóra ar Chraoladh Toghchán
1 Samhain 2024 – Chuir an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, fáilte roimh an gcinneadh deireadh a chur leis an moratóir ar chraoladh toghchán 24 uair an chloig in Éirinn roimh olltoghchán na bliana seo.
D’eisigh Coimisiún na Meán an cinneadh inniu.
Ina athbhreithniú ar an bhfeachtas eolais do na Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram i mí Iúil, mhol an Coimisiún Toghcháin go gcuirfí deireadh leis an moratóir ar chraoladh, ag rá “Tráth a bhfuil na meáin ar líne agus na meáin shóisialta chomh forleathan sin, tá na treoirlínte sin aimhrialta anois agus d’fhéadfaí teacht i dtír orthu. Molann an Coimisiún go mbainfí an moratóir ar chraoladh ó na treoirlínte le haghaidh craoltóirí raidió agus teilifíse roimh an gcéad imeacht toghcháin eile.”
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Léirítear inár suirbhéanna ar vótálaithe gur dhírigh breis agus an ceathrú cuid (28%) de na vótálaithe ar thoghcháin sa 24 uair an chloig roimh lá na vótála sna toghcháin Eorpacha le déanaí agus dá bhrí sin is ciallmhar ligean do vótálaithe rochtain a fháil ar an raon iomlán meán, lena n-áirítear na meáin chraolta a bhfuil, de réir na sonraí, fós ina bhfoinse faisnéise ríthábhachtach agus iontaofa dóibh siúd a bhfuil sé beartaithe acu vóta a chaitheamh.”
I measc fheidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá de dhualgas air feasacht a mhéadú ar thoghcháin na hÉireann agus líon na ndaoine a chaitheann vóta a mhéadú trí fheachtais oideachais agus eolais.
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie
Nóta d’Eagarthóirí:
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.