Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Tá Acmhainní ag Vótálaithe Nua & Reatha chun Tacú Leo Vótáil ar an 29 Samhain

13 Samhain 2024 – D’fháiltigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, roimh an mborradh suntasach ar iarratais ó dhaoine le dul ar chlár na dtoghthóirí agus a gcuid sonraí a thabhairt cothrom le dáta le go gcaithfidh siad vóta san Olltoghchán ar an 29 Samhain.

Fuarthas 115,130 iarratas ó vótálaithe nua trí na suíomhanna gréasáin Voter.ie ó thús mhí na Samhna, agus fuarthas 50,541 iarratas eile chun clárúcháin reatha daoine a thabhairt cothrom le dáta ar na suíomhanna sin ó thús na míosa.

Dhún an spriocdháta le clárú le vótáil in Olltoghchán 2024 ag meán oíche aréir. Fuarthas beagnach 55,000 iarratas ó vótálaithe nua sa dá lá roimh an spriocdháta agus os cionn 21,000 iarratas ar shonraí a thabhairt cothrom le dáta.

Ó thús na bliana, rinneadh 428,073 iarratas ar chlárú chomh maith le 225,383 iarratas eile chun sonraí clárúcháin a bhí ar an gclár cheana féin a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú.

I measc fheidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá de dhualgas air feasacht a mhéadú ar thoghcháin na hÉireann agus líon na ndaoine a chláraíonn agus a chaitheann vóta a mhéadú trí fheachtais oideachais agus eolais.

Chuir an Coimisiún uirlisí ar fáil do vótálaithe nuachláraithe agus reatha roimh an toghchán, ina measc:

Agus tá an Coimisiún ag freagairt Ceisteanna Coitianta faoi na gnéithe ar fad den toghchán agus faoi vóta a chaitheamh ar ár suíomh gréasáin.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Ba mhaith linn fáilte a chur roimh na vótálaithe nua seo go léir, agus buíochas a ghabháil leo as an am a thógáil chun clárú le vótáil nó a gcuid sonraí a nuashonrú, agus ár mbuíochas freisin leo siúd go léir a thóg an t-am chun a gcuid sonraí reatha a nuashonrú, rud a chabhraíonn le cruinneas foriomlán an chláir.

“Tá feachtas faisnéise poiblí ar bun ag an gCoimisiún ó mhí Dheireadh Fómhair chun vótálaithe a chlárú agus iad a chur ar an eolas faoi spriocdhátaí an Olltoghcháin le fógraí, agallaimh leis na meáin, imeachtaí poiblí agus feachtas meán sóisialta a bhí ar siúl suas go dtí an spriocdháta ag meán oíche aréir.

“Ba cheart aitheantas mór a thabhairt do na foirne toghchórais ar fud chomhairlí cathrach agus contae na hÉireann atá ag obair gan stad gan staonadh chun an clár a thabhairt cothrom le dáta leis na daoine nua sin ar fad roimh an toghchán.

“Ó tharla go bhfuil an spriocdháta clárúcháin thart, tá am ag vótálaithe a n-iarrthóirí áitiúla a mheas agus aon cheisteanna is mian leo a phlé a chur orthu. Tá eolas ar ár suíomh gréasáin ElectoralCommission.ie faoin dáilcheantar ina bhfuil cónaí ort, conas vótáil, agus an méid a theastaíonn le vóta a chaitheamh.

“Is é do Vóta do Ghuth agus mar sin táimid ag iarraidh ar na vótálaithe nua seo go léir cúpla nóiméad a thógáil ar an 29 Samhain lena chinntiú go gcloistear bhur nguth san Olltoghchán seo.”

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail, 

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie 

Nóta d’Eagarthóirí:

Tagann na figiúirí thíos ó na figiúirí iarratas ar na suíomhanna gréasáin Voter.ie. Níl iarratais a rinneadh sa phost nó go pearsanta leis na húdaráis áitiúla ina measc.

Thug an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na figiúirí don Choimisiún Toghcháin.

Figiúirí na Samhna

Samhain 2024 (CTR + Voter)Clárúchán NuaNuashonrú ar ChlárúchánIomlán Mór
01/11/20241,0456971,742
02/11/20241,0305871,617
03/11/20241,3597612,120
04/11/20242,3841,3693,753
05/11/20243,1331,4854,618
06/11/20245,9172,9058,822
07/11/202413,0246,44719,471
08/11/202414,0996,76320,862
09/11/20249,1824,08813,270
10/11/20249,1573,83812,995
11/11/202424,6349,81334,447
12/11/202430,16611,78841,954
Iomlán Mór115,13050,541165,671

 2024 go dtí seo

2024 go dtí seo (CTR + Voter)Clárúchán NuaNuashonrú ar ChlárúchánIomlán Mór
2024
Eanáir39,60836,46776,075
Feabhra80,76745,989126,756
Márta39,10322,50161,604
Aibreán27,14011,48638,626
Bealtaine92,10331,929124,032
Meitheamh11,2569,93221,188
Iúil1,7451,9553,700
Lúnasa1,4731,5673,040
Meán Fómhair2,9481,6874,635
Deireadh Fómhair16,80011,32928,129
Samhain115,13050,541165,671
Iomlán Mór428,073225,383653,456

Figiúirí Seachtainiúla ó Mheán Fómhair 2024

Figiúirí Seachtainiúla ó Mheán Fómhair 2024 (CTR + Voter.ie)Clárúchán NuaNuashonrú ar ChlárúchánIomlán Mór
02/09/2024 – 08/09/2024379297676
09/09/2024 – 15/09/2024538361899
16/09/2024 – 22/09/20247993761,175
23/09/2024 – 29/09/20241,0315391,570
30/09/2024 – 06/10/20241,9851,2213,206
07/10/2024 – 13/10/20241,8671,5653,432
14/10/2024 – 20/10/20243,5152,4225,937
21/10/2024 – 27/10/20245,6483,6969,344
28/10/2024 – 03/11/20247,3884,56211,950
04/11/2024 – 10/11/202456,89626,89583,791
11/11/2024 – 13/11/202454,80021,60176,401
Iomlán Mór134,84663,535198,381


An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:

  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.