Foilsítear Páipéir Athbhreithniú Toghcheantar 2023
25 Feabhra 2025 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, a pháipéir oibre inniu le haghaidh Athbhreithniú Toghcheantar 2023 ar a shuíomh gréasáin, cáipéisí, táblaí agus léarscáileanna ina measc.
Moladh in Athbhreithniú Toghcheantar 2023 go ndéanfaí méadú suntasach ar líon na dTeachtaí Dála agus go n-atarraingeofaí go leor de theorainneacha toghcheantair Dháil Éireann. Rith an tOireachtas moltaí an Athbhreithnithe ina ndlí agus baineadh úsáid astu in Olltoghchán 2024.
Tháinig an Coimisiún Toghcháin le chéile 14 huaire idir a bhunú i mí Feabhra 2023 agus mí Iúil 2023, chun a chuid moltaí a fhorbairt agus a aontú. Tá os cionn 100 cáipéis a ndearna an Coimisiún athbhreithniú agus forbairt orthu i rith an phróisis sin á bhfoilsiú inniu.
Nuair a rinne sé a mholtaí i mí Lúnasa 2023, bhí sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, de bharr a shainordaithe reachtúil agus bhunreachtúil, na ceanglais bhunreachtúla go mbeadh gach Teachta Dála ag déanamh ionadaíocht ar idir 20,000 agus 30,000 duine ar an meán agus ionadaíocht náisiúnta chothrom a mheas nuair a bhí moladh á dhéanamh faoin méadú ar líon na dTeachtaí Dála.
Chomhlíon an Coimisiún téarmaí tagartha reachtúla freisin, ina measc siúd gur cheart go mbeadh líon na gcomhaltaí a mholtar idir 171 agus 181, go gcaithfidh 3, 4 nó 5 shuíochán a bheith i ngach dáilcheantar, cúinsí tíreolaíocha éagsúla, meas ar theorainneacha contae a mhéid is indéanta agus leanúnachas dáilcheantar a choinneáil.
Foráladh sna moltaí do mhéadú 14 dhuine ar líon na dTeachtaí Dála go 174 agus méadú 4 thoghcheantar ar líon na ndáilcheantar go 43. Laghdaigh na moltaí go leor de na sáruithe a bhí ar theorainneacha contae a d’fhág go raibh daoine ag caitheamh vóta i ndáilcheantar taobh amuigh dá gcontae, agus baineadh seacht gcinn de na deich sárú a bhí ann, laghdóidh méid dhá cheann eile, agus níor cruthaíodh ach trí shárú nua ar theorainn contae.
D’ainneoin an mhéadaithe ar líon na dTeachtaí Dála a moladh, choinnigh an Coimisiún ardleibhéal leanúnachais i leagan amach na ndáilcheantar, agus fágadh seacht ndáilcheantar gan aon athrú ar chor ar bith (Baile Átha Cliath Láir, Ciarraí, an Clár, Corcaigh Thiar Theas, Dún na nGall, Contae Luimnigh agus Port Láirge).
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Nasc: Páipéir Oibre Athbhreithniú Toghcheantar 2023
Nasc:Tuarascáil Athbhreithnithe Toghcheantar 2023
Tá na hathruithe a rinneadh i ngach dáilcheantar agus a cuireadh i bhfeidhm d’Olltoghchán 2024 le feiceáil sa tábla thíos:

An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.