Foilsítear Straitéis Taighde ina bhFiosraítear Daonlathas na hÉireann
10 Iúil 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, a phleananna mionsonraithe inniu le haghaidh taighde ar dhaonlathas na hÉireann agus ar réimsí féideartha athchóirithe chun toghcháin agus an daonlathas a fheabhsú in Éirinn.
Is í seo an chéad straitéis taighde dá leithéid, agus sonraítear ann grúpa ar leith de thionscadail taighde tosaíochta le haghaidh 2024–2026 faoi chúig shnáithe théamacha.
Tá roinnt tionscadal ar bun cheana féin, ar nós an Staidéir Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) a thosaigh le reifrinn an 8 Márta, agus díreofar i staidéir bheartaithe eile ar ábhair shonracha ar nós tabhairt faoi athbhreithnithe ar thoghcheantair; crochadh póstaer toghcháin; ceanglais faoi sheoladh a chur ar pháipéar ballóide; an aois vótála a laghdú; dearadh páipéar ballóide, i measc ábhair eile. Cuirfear an clár taighde seo i bhfeidhm le cur chuige céimneach in imeacht na dtrí bliana.
I mí na Samhna 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a chéad Dréachtchlár Taighde le haghaidh comhairliúchán poiblí. I ndiaidh an 62 aighneacht phoiblí a fuarthas agus ionchur Ghrúpa Comhairleach Taighde an Choimisiúin a mheas, dheimhnigh an Coimisiún a thosaíochtaí taighde go dtí deireadh 2026 inniu.
Mar a fhoráiltear dó san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, déanfar iad sin a athbhreithniú gach bliain i gcomhar leis an Oireachtas agus an Rialtas, an Grúpa Comhairleach Taighde agus páirtithe leasmhara eile.
Is iad na cúig shnáithe taighde théamacha:
- Snáithe A: Taighde suirbhé fadaimseartha agus bailiú sonraí
- Snáithe B: Dlí toghcháin, córais toghcháin agus bonneagar toghcháin
- Snáithe C: Sláine na n-imeachtaí toghcháin
- Snáithe D: Oideachas, rannpháirtíocht an phobail agus ionchuimsiú
- Snáithe E: Taighde físiúil/Taighde bunaithe ar fhiosracht
Dúirt an Dr Mary-Clare O’Sullivan, Ceannasaí Sláine Toghcháin agus Taighde an Choimisiúin Toghcháin:
“Tá sainordú uathúil agus ceannródaíoch ag an gCoimisiún Toghcháin chun daonlathas na hÉireann a fhiosrú trí thaighde domhain agus bailiú sonraí. Cabhróidh an clár taighde atá á fhoilsiú againn inniu lena chinntiú go mbeidh aon athchóirithe ar dhaonlathas agus rialacha toghcháin na hÉireann amach anseo bunaithe ar fhianaise agus go gcuirfidh an dea-chleachtas idirnáisiúnta bonn eolais fúthu.
“Táimid an-sásta le caighdeán na n-aighneachtaí a fuarthas i rith an phróisis comhairliúcháin agus mheasamar iad go cúramach nuair a bhí ár dtosaíochtaí taighde á gcur i gcrích.”
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá Straitéis Taighde 2024–2026 ar fáil ar na naisc a leanas:
Tosaíochtaí Taighde 2024–2026:

An Coimisiún Toghcháin:
Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, i mí Feabhra 2023 agus tá sé freagrach as raon feidhmeanna toghcháin reatha agus nua, ina measc cláir taighde a ullmhú, taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
Go sonrach, tugtar sainordú don Choimisiún Toghcháin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 chun taighde a choimisiúnú nó a dhéanamh ar bheartas agus nósanna imeachta toghcháin, ceisteanna a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna ina measc agus, ag eascairt as an taighde sin, féadfaidh sé moltaí a dhéanamh don Aire agus don Rialtas de réir mar is cuí leis. Foráiltear ann freisin go ndéanfaidh an Coimisiún cláir a ullmhú gach bliain ina sonrófar na hábhair a mbeartaíonn sé taighde a dhéanamh orthu agus cuspóirí an taighde sin; an chaoi a ndéanfar an taighde sin; agus costas measta an taighde sin.