Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

10 Samhain 2023 – Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún nua neamhspleách toghcháin na hÉireann, tar éis a chéad Dréachtchlár Taighde le haghaidh 2024–2026 a fhoilsiú. Tá ról taighde nua agus suntasach ag an gCoimisiún i mbeartas agus nósanna imeachta toghcháin, agus tá an cumas aige faoina shainchúram reachtúil moltaí a dhéanamh don Rialtas a eascraíonn as an taighde sin.

Ar cheann de phríomhchuspóirí an Choimisiúin tá go mbeidh a chuid taighde mar thoradh ar dhíospóireacht phoiblí leathan agus go spreagfaidh sé rannpháirtíocht agus plé an phobail faoi phríomhcheisteanna daonlathais agus toghchán na hÉireann.

I nDréachtchlár Taighde 2024–2026, a foilsíodh inniu agus a osclaíodh le haghaidh comhairliúcháin phoiblí, aithnítear topaicí taighde féideartha i gcúig shnáithe:

A: Taighde suirbhé fadaimseartha agus bailiú sonraí – lena n-áirítear forbairt an chéad Staidéir Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) fadtéarmach in Éirinn.

B: Dlí toghcháin, córais toghcháin agus bonneagar toghcháin – lena n-áirítear taighde ar an gcaoi a gcinntear líon foriomlán na dTeachtaí Dála; na buntáistí a bhaineann le dáilcheantar ina bhfuil níos mó ná cúig shuíochán, agus an féidir na próisis Athbhreithnithe Toghcheantar a fheabhsú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua.

Chomh maith leis sin, tá taighde ar phóstaeir le haghaidh imeachtaí toghcháin; athchóiriú ar an Acht Toghcháin, 1997; leathnú na postvótála; córas liosta a chur in ionad corrthoghchán, agus ceanglais chónaithe agus vótála, agus oibriú clár na dtoghthóirí le breithniú laistigh den snáithe seo.

C: Sláine na n-imeachtaí toghcháin – taighde ar Athbhreithnithe i ndiaidh Imeacht Toghcháin a dhéanamh a chabhróidh leis an gCoimisiún oibriú i dtreo feabhas a chur ar phróisis toghcháin na hÉireann agus iad a chosaint.

D: Oideachas, rannpháirtíocht an phobail agus ionchuimsiú – féachaint ar shíneadh na haoise vótála atá ag 18 mbliana d’aois ó 1973 agus ag méadú rannpháirtíochta daonlathaí lena n-áirítear i measc grúpaí nach sroichtear i gceart, éagsúlacht na n-iarrthóirí do thoghcháin agus bealaí chun é sin a mhéadú, méadú ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus líon na ndaoine gan dídean a vótálann i dtoghcháin.

E: Taighde físiúil/Taighde bunaithe ar fhiosracht – tugann an snáithe seo deis do thaighdeoirí agus don phobal topaicí taighde bunaidh agus nuálacha a mholadh nach dtagann faoi théamaí níos traidisiúnta.

Iarrtar ar dhaoine anois a dtuairimí a thabhairt ar an dréachtchlár taighde seo faoin 12 Eanáir 2024 tríd an bhfoirm ar líne, trí ríomhphost chuig research@electoralcommission.ie nó tríd an bpost chuig: An Coimisiún Toghcháin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.

Dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, an Breitheamh Marie Baker:

“Beidh sé d’fhéidearthacht ag an obair thaighde a dhéanfaidh an Coimisiún Toghcháin sna blianta amach romhainn tionchar suntasach a imirt ar athchóiriú toghcháin sa tír seo, i dtréimhse ina bhfuil go leor ceisteanna agus dúshlán a bhaineann le toghcháin agus leis an daonlathas i gcoitinne ag teacht chun cinn.

“Ba mhaith linn go spreagfadh ár dtaighde díospóireacht phoiblí bheoga faoi phríomhghnéithe de dhaonlathas agus toghcháin na hÉireann chun a fháil amach cad is féidir linn a dhéanamh níos fearr sa bhaile, agus chun bheith inár gceannaire domhanda inár bpróisis dhaonlathacha agus inár rannpháirtíocht.”

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Annmarie Power, Saineolaí Cumarsáide agus Rannpháirtíocht an Phobail

An Coimisiún Toghcháin,

annmarie.power@electoralcommission.ie / 086 167 3060

Nóta d’Eagarthóirí:

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú, agus Clár na bPáirtithe Polaitíochta a ullmhú agus a chothabháil.
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn.
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla san Acht um Athchóiriú Toghcháin, ina measc:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.

Féach ar Dhréachtchlár Taighde 2024–2026 agus íoslódáil anseo é