Foilsítear Tuarascáil Bhliantúil 2023 ón gCoimisiún Toghcháin
28 Meitheamh 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, Tuarascáil Bhliantúil 2023 dá chuid inniu. Tarraingítear aird sa tuarascáil ar obair an Choimisiúin ó bunaíodh é ar an 9 Feabhra 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023. Leagadh an chéad tuarascáil bhliantúil seo faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar maidin.
Cuimsítear i dTuarascáil Bhliantúil 2023:
- forbhreathnú ar obair an Choimisiúin, laistigh den aonad Oibríochtaí Toghcháin agus Oideachais agus den aonad Sláine Toghcháin agus Taighde go sonrach;
- foilsiú na dTuarascálacha ar Athbhreithniú Toghcheantar ar Dháilcheantair agus ar Thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa;
- foilsiú an Dréachtchláir Taighde, ina measc pleananna le haghaidh an chéad Staidéir Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS), clár taighde fadaimseartha d’imeachtaí toghcháin in Éirinn;
- forbairt cláir maoirseachta ar Chlár na dToghthóirí; agus
- clárú ceithre pháirtí polaitíochta nua chun seasamh i dtoghcháin na Dála, toghcháin Pharlaimint na hEorpa agus sna toghcháin áitiúla.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary:
“Chuir an Coimisiún a Thuarascáil Bhliantúil dá bhliain bhunaithe faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu. I mbliain ghnóthach lán le bearta nua spreagúla, chuireamar romhainn roinnt feidhmeanna toghcháin tábhachtacha a chur i gcrích, amhail foilsiú Athbhreithnithe ar Dháilcheantair Dháil Éireann agus Toghlaigh Pharlaimint na hEorpa, agus eagraíocht nuálach á tógáil againn a fhéadfaidh tuiscint, rannpháirteachas agus muinín phoiblí níos fearr a chruthú sa daonlathas agus i dtoghcháin sa tír seo.”
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá téacs iomlán Thuarascáil Bhliantúil 2023 ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar na naisc seo a leanas:
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.