Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

29 Aibreán 2026 – Tá mí amháin fágtha le haghaidh iarratais, agus tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag tapú na deise inniu chun aird a tharraingt ar a chéad Ghairm Taighde dar teideal “Treonna Nua – Taighde chun tacú le Toghcháin agus an Daonlathas i nDomhan atá ag Athrú” agus ciste maoinithe suas le €400,000 ar fáil.

Tá sé d’aidhm ag an nGairm Taighde seo ón gCoimisiún, an chéad cheann dá leithéid, taighdeoirí a chumhachtú le ceisteanna ceannródaíocha a iarraidh, smaointe úrnua a thástáil agus modhanna nua taighde a chur i bhfeidhm ar staidéar an daonlathais agus toghchán in Éirinn.

Tá trí chatagóir maoinithe ar fáil – ó thionscadail níos lú suas go dtí obair thaighde ar scála níos mó. Tá siad seo oscailte do gach taighdeoir, lena n-áirítear iad siúd atá i gcéimeanna tosaigh a ngairme.

Tá an Ghairm Taighde Treoracha Nua mar chuid de Chlár Taighde an Choimisiúin a foilsíodh in 2024 ina sonraítear grúpa ar leith de thionscadail taighde tosaíochta le haghaidh 2024–2026 faoi chúig shnáithe théamacha.

Is é 3.00 i.n. Dé hAoine, 29 Bealtaine 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas faoin nGairm Taighde Treoracha Nua. Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear an chaoi le spéis a chlárú agus seoladh ríomhphoist teagmhála, ar fáil ar: https://www.electoralcommission.ie/ga/treonna-nua-taighde-chun-tacu-le-toghchain-agus-an-daonlathas-i-ndomhan-ata-ag-athru/.

Dúirt an Dr Mary-Clare O’Sullivan, Ceannasaí Sláine Toghcháin agus Taighde an Choimisiúin Toghcháin:

“Ar fud na cruinne, tá dúshláin agus bagairtí atá ag teacht chun cinn don daonlathas ach tá deiseanna ann freisin chun aghaidh a thabhairt orthu trí nuálaíocht agus trí chuir chuige úra. Leis an nGairm Taighde Treoracha Nua seo, táimid ag iarraidh cuid de na daoine is fearr agus is éirimiúla in Éirinn a spreagadh chun ceisteanna bunaidh a chur faoinár ndaonlathas agus faoi thoghcháin, smaointe úrnua a ghiniúint agus a thástáil, modhanna taighde ceannródaíocha a chur i bhfeidhm agus cuir chuige idirdhisciplíneacha nua a thosú.

“Iarraimid ar thaighdeoirí ar fud na tíre smaoineamh ar iarratas a dhéanamh chun cabhrú linn Éire a chur ar thús cadhnaíochta i réimse an taighde toghchán agus na nuálaíochta daonlathaí.”

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta d’Eagarthóirí:

Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, i mí Feabhra 2023 agus tá sé freagrach as raon feidhmeanna toghcháin, ina measc cláir taighde a ullmhú, taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.

Go sonrach, foráiltear don Choimisiún Toghcháin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 chun taighde a choimisiúnú nó a dhéanamh ar bheartas agus nósanna imeachta toghcháin, ceisteanna a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna ina measc agus, ag eascairt as an taighde sin, féadfaidh sé moltaí a dhéanamh don Aire agus don Rialtas de réir mar is cuí leis.D’fhoilsigh an Coimisiún a chéad Chlár Taighde 2024–2026 ar an 10 Iúil agus is gníomh lárnach laistigh de í an ghairm taighde seo.