Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Fáilte roimh Dhul Chun Cinn maidir le Rochtain ar Vótáil do Dhaoine faoi Mhíchumas

23 Aibreán 2026 – Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tar éis aird a tharraingt ar an ngá atá le feabhsuithe breise ar riarachán thoghcháin na hÉireann ina Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin (PEER) ar thoghchán an Uachtaráin i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Chomh maith le cuairteanna ar 100 stáisiún vótála ar fud 26 contae, bhain an Tuarascáil leas as ionchur díreach na vótálaithe – bhuail foireann an Choimisiúin le baill óga de Down Syndrome Ireland i gCiarraí agus iad ag caitheamh a vóta chun cloisteáil go díreach uathu faoina dtaithí vótála. Thaistealaíomar go Dún na nGall freisin chun breathnú ar vótálaithe atá ina n-úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus chun éisteacht leo faoina dtaithí vótála i gcomhar le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann.

Déantar cúig mholadh sa tuarascáil PEER, agus cuireann siad leis na moltaí a rinneadh i ndiaidh reifrinn agus toghcháin a bhí ar siúl go dtí 2024.

Tá moltaí sa Tuarascáil PEER, a leag an Coimisiún faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu, ina ndírítear ar:

  • Clárúchán Vótálaithe Saor in Aisce: Caithfidh clárúchán vótálaithe tríd an saorphost a bheith ar fáil do gach toghthóir mar rogha saor in aisce ar chlárú ar líne.
  • Bailíocht na Vótaí: Teastaíonn treoir nuashonraithe maidir leis an gcaoi agus an chúis a measann cinn chomhairimh páipéar ballóide a bheith neamhbhailí, agus maidir le catagóirí vótaí neamhbhailí.
  • Riarachán Toghcháin: Teastaíonn formáidiú caighdeánaithe le haghaidh Fógraí Stáisiúin Vótála ar mhaithe le húsáid éifeachtúil agus asbhaint sonraí ar stáisiúin vótála agus áiteanna vótála.
  • Tuairisciú ar Shonraí Toghchán: Dá ndéanfaí foirmeacha tuairiscithe sonraí toghcháin a líonann cinn chomhairimh isteach i ndiaidh gach imeachta toghcháin a leasú ionas go dtaifeadfar ‘páipéir bhallóide gan mharc’ agus go ndéantar iad a chomhaireamh ar leithligh ó pháipéir ballóide nár ‘taispeánadh príomhrogha go soiléir’ orthu, chabhrófaí leis an gCoimisiún riachtanais oideachais na vótálaithe a thuiscint níos fearr.
  • Reachtaíocht lena chinntiú go mbeidh saor-rochtain ag an gCoimisiún Toghcháin ar vótáil agus ar phróisis: Tá sainchúram reachtúil an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar imeachtaí toghcháin thíos leis mar gheall ar an easpa ceart rochtana reachtúil dá réir mar bhreathnóirí ar stáisiúin vótála agus ar ionaid chomhairimh, agus ar chúraimí a bhaineann le riarachán imeachta toghcháin ar nós vótáil speisialta agus eisiúint agus oscailt vótaí poist.

Tugadh cuairt phearsanta ar 100 stáisiún vótála san iomlán ar fud 26 contae, oileáin Fhaoide agus Chléire ina measc. D’fhreastail foireann an Choimisiúin ar ionaid chomhairimh in 11 chontae, agus bhreathnaíomar ar eisiúint vótaí poist le haghaidh dháilcheantair Bhaile Átha Cliath agus le haghaidh Chathair agus Chontae Chorcaí, agus thugamar cuairt ar thithe altranais i mBaile Átha Cliath agus in Uíbh Fhailí ar laethanta a raibh an vótáil speisialta ar bun.

Tarraingítear aird freisin in PEER Thoghchán an Uachtaráin:

Dul Chun Cinn ar Inrochtaineacht: I gcás Thoghchán an Uachtaráin, breathnaíodh go raibh 97% de na stáisiúin vótála inrochtana do thoghthóirí faoi mhíchumas, rud a léiríonn feabhas suntasach le hais an Olltoghcháin (89%), thoghcháin mhí an Mheithimh 2024 (79%) agus reifrinn mhí an Mhárta 2024 (75%).

Guthanna Vótálaithe faoi Mhíchumas: I gcás PEER Thoghchán an Uachtaráin, d’oibrigh an Coimisiún Toghcháin i gcomhar le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann (IWA) agus Down Syndrome Ireland (DSI), agus bhuaileamar (le cead roimh ré ó na cinn chomhairimh) lena mbaill agus iad ag teacht go stáisiúin vótála i gContae Dhún na nGall agus i gContae Chiarraí chun vóta a chaitheamh. Bhí deis againn mar sin breathnú go díreach ar thaithí vótála toghthóirí faoi mhíchumais fhisiciúla nó intleachtúla agus éisteacht leo.

Saoránaigh Nua atá Fágtha ag Fanacht le Rochtain ar Vótáil: Is féidir leis an tréimhse feithimh a bhíonn ag saoránaigh nua Éireannacha chun a dteastais eadóirseachta a fháil atá riachtanach mar fhianaise ar shaoránacht agus iad ag clárú le vótáil bac a chur ar rochtain ar vótáil. Chuaigh daoine a bhí i láthair ag searmanais saoránachta i mí Mheán Fómhair 2025 i dteagmháil leis an gCoimisiún Toghcháin mar gur chaill siad an spriocdháta chun clárú le vótáil do Thoghchán an Uachtaráin toisc nach raibh a dteastais eadóirseachta faighte acu fós.

Bhain athbhreithniú PEER leas as prionsabail breathnóireachta toghcháin a thagann le cleachtais ESCE agus an Aontais Eorpaigh. Úsáideadh sonraí daonáirimh, Innéacs Pobal agus na Roinne Tithíochta agus sonraí áitiúla chun stáisiúin vótála a roghnú le haghaidh breathnóireachta bunaithe ar roinnt critéar, lena n-áirítear stáisiúin vótála le líon mór toghthóirí, ceantair le líon ard toghthóirí os cionn 80 bliain d’aois, ceantair faoi mhíbhuntáiste agus chun dáileadh geografach cothrom a chinntiú.

Cuireann PEER ar chumas an Choimisiúin réimsí le haghaidh feabhsúcháin maidir le stiúradh imeachtaí toghcháin a shainaithint, go háirithe i dtaobh cur le rannpháirteachas agus inrochtaineacht.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Tá toghcháin i measc na gcleachtaí sibhialta is casta a dhéanaimid – oibríochtaí ollmhóra, casta a dhéanann na mílte daoine díograiseacha i ngach cearn den tír. Tugann an tAthbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin seo deis neamhchoitianta agus luachmhar dúinn: dul isteach sa phróiseas sin, gairmiúlacht chiúin fhoireann an toghcháin a fheiceáil ó oscailt na vótála go dtí an comhaireamh deiridh, agus dul i ngleic i gceart lenár ndaonlathas – ní hamháin chun meas a bheith againn air, ach chun é a neartú.

“D’oscail toghchán an Uachtaráin fuinneog eile freisin, atá chomh tábhachtach céanna. Agus muid ag obair le Down Syndrome Ireland agus Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, bhíomar in ann éisteacht níos géire, breathnú níos soiléire, agus tuiscint níos fearr a fháil ar an taithí saoil a bhaineann le vótáil i measc úsáideoirí a seirbhísí. Tá tábhacht lena nguthanna. Tá tábhacht lena roghanna. Saibhríonn agus doimhníonn a rannpháirtíocht ár ndaonlathas.

“Agus déanta na fírinne, tugann a dtaithí ár ndúshlán freisin – mar meabhraíonn siad dúinn, cé go bhfuil go leor bainte amach, go bhfuil níos mó le déanamh fós. Is é gealltanas an daonlathais an rannpháirtíocht chomhionann. Tá sé de fhreagracht orainn an gealltanas sin a chomhlíonadh do gach duine.”

CRÍOCH

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí, 

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie 

– CRÍOCH –

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá an Tuarascáil ar an Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin ar Thoghchán an Uachtaráin in 2025 ar fáil ar na naisc seo a leanas:

English version

Leagan Gaeilge

Foilsítear an Tuarascáil PEER seo faoi alt 68 den Acht um Athchóiriú Toghcháin ina bhforáiltear d’athbhreithnithe dá leithéid agus is tuarascáil í ar riar an imeachta toghcháin lena mbaineann.