Tá an Coimisiún Toghcháin Leictreach agus é i gcomhpháirtíocht leis an bhféile cheoil agus ealaíon is mó in Éirinn
Vótálaithe óga á spreagadh chun a dtuairim a chur in iúl i dtoghchán an Uachtaráin atá le teacht
Check The Register ag MindField i mí Lúnasa!
11 Iúil 2025 – D’fhógair an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, agus Electric Picnic a gcomhpháirtíocht inniu don fhéile i mbliana chun meabhrú do vótálaithe óga a nguth a úsáid ag an mbosca ballóide agus chun feasacht a mhúscailt faoi thoghchán an Uachtaráin atá le reáchtáil an fómhar seo.
Léiríodh i Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) an Choimisiúin ar Olltoghchán 2024 gurbh iad na daoine idir 18 agus 34 bliain d’aois a ndearnadh suirbhé orthu an grúpa ba mhó de vótálaithe incháilithe (68%) nach raibh cláraithe le vóta a chaitheamh agus dá bhrí sin nár chuir siad a dtuairim in iúl sa toghchán is déanaí. Is é Electric Picnic an ócáid is mó a mbíonn tóir uirthi i measc an aoisghrúpa seo agus mar sin tugann sí deis don Choimisiún plé leo agus iad a spreagadh chun clárú.
Is in MindField a bhíonn na ceisteanna deacra, na freagraí spreagúla, na díospóireachtaí teasaí, na smaointe spreagúla, na podchraoltaí mealltacha agus na hóráidí iontacha ag Electric Picnic, mar sin is anseo a gheobhaidh lucht na picnice foireann an Choimisiúin, a bheidh ag reáchtáil toghcháin bhréige, comórtais vótála, agus ag spreagadh lucht freastail na féile chun clárú ag www.voter.ie.
Le 80,000 duine ag freastal ar an bhféile trí lá a raibh na ticéid díolta amach díreach roimh thús fheachtas an Uachtaráin, is deis luachmhar é seo chun plé go díreach le vótálaithe ionchais níos óige nach bhfuil cláraithe fós agus a bhféadfadh ceisteanna a bheith acu faoi thábhacht na vótála.
Cuirfear tús ag Electric Picnic le clár fairsing for-rochtana an Choimisiúin ar fud na tíre, lena n-áireofar freisin an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus Seachtainí na bhFreisear i gColáistí.
Dúirt Melvin Benn, Stiúrthóir Féile Electric Picnic agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Festival Republic:
“Baineann daonlathas le rannpháirtíocht, le héisteacht le do ghuth agus leis an bpobal, rudaí a bhfuil baint mhór acu le Electric Picnic agus mar sin táimid bródúil as an gcomhpháirtíocht seo a thosú leis an gCoimisiún Toghcháin.”
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Tugann ár bhfianaise le fios go bhfuil daoine faoi bhun 35 bliain d’aois fós ina ngrúpa nach dtéimid i gcion go mór orthu. Ní mór dúinn i bhfad níos mó a dhéanamh chun daoine óga a spreagadh le clárú agus dul amach agus vótáil. Caillfidh cuid mhór den ghlúin is déanaí de vótálaithe ionchais a nguth agus iad ag canadh ar feadh dheireadh seachtaine Electric Picnic, ach tá sé ríthábhachtach nach gcaillfidís a nguth agus muid ag dul chuig na stáisiúin vótála chun an té a thiocfaidh i gcomharbacht ar Micheál D. Ó hUigínn mar ár gcéad Uachtarán eile a roghnú.
“Ba mhaith linn go mbeadh páirt iomlán ag daoine ar an bPríomh-Ardán i mí Dheireadh Fómhair, ní hamháin go mbeidís ag suí tríd an encore. Is é an cuspóir atá againn ná daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa daonlathas, oideachas a chur orthu faoi agus feasacht a mhúscailt faoin daonlathas – chun é sin a dhéanamh ní mór dúinn bualadh le daoine san áit a mbíonn siad féin.”
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie
– CRÍOCH –
Nóta d’Eagarthóirí:
Comhpháirtíocht Electric Picnic
Mar gheall ar an gcomhpháirtíocht bliana atá ag an gCoimisiún Toghcháin le Electric Picnic, beimid ar an láthair don deireadh seachtaine ag bualadh le lucht freastail na féile agus ag spreagadh clárúcháin vótálaithe go pearsanta agus trí imeachtaí bolscaireachta.
Is tionscadal píolótach é comhpháirtíocht an Choimisiúin le Electric Picnic a phléann leis an mbealach is fearr chun dul i gcion ar vótálaithe óga, atá deighilte amach ón bpolaitíocht nó neamhchláraithe agus labhairt leo. Cuirfidh an méid a fhoghlaimeoimid ón obair agus ón taithí seo bonn eolais faoinár gcuid oibre amach anseo.