Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

27 Márta 2025 – Is gné lárnach de thírdhreach daonlathach na hÉireann faoi láthair iad póstaeir thoghcháin agus reifrinn. Comhlíonann póstaeir feidhm faisnéise agus cumarsáide poiblí chun feasacht a mhúscailt go bhfuil vóta ar tí tarlú agus leideanna amhairc a thabhairt do vótálaithe maidir le cé a fheicfidh siad ar an bpáipéar ballóide. Ag an am céanna, áfach, tá lucht cáinte póstaer toghcháin ann atá ag iarraidh laghdú nó athruithe ar a n-úsáid nó fiú deireadh a chur leo go hiomlán agus iad ag lua tionchair chomhshaoil, truailliú amhairc agus imní sábháilteachta. 

Mar chuid de sheachadadh Chlár Taighde 2024-2026 dá chuid, tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag cur tús le taighde ar úsáid póstaer, le tacaíocht ó fhoireann taighde sheachtrach. Tá an Coimisiún ag seoladh próiseas comhairliúcháin phoiblí inniu ag lorg tuairimí ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara chun bonn eolais a chur faoin taighde seo. 

Le blianta fada anuas, tá úsáid póstaer le linn feachtais toghcháin agus reifrinn in Éirinn ina ábhar díospóireachta i bpobail, idir eolaithe polaitiúla, sna meáin agus i measc an phobail trí chéile. 

Breathnófar sa taighde seo ar na rialacha agus na cleachtais a bhaineann le póstaeir a chrochadh i dtíortha eile, agus cuirfear córas toghcháin agus daonlathach ar leith na hÉireann san áireamh freisin. Scrúdófar na rialacha atá i bhfeidhm in Éirinn agus an chaoi a n-oibríonn siad, chomh maith leis an bhfianaise i dtaobh póstaer, a gcuspóirí agus aon bhuntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann lena n-úsáid.

Tá spéis ar leith sna réimsí taighde seo a leanas:

  • Ról na bpóstaer mar uirlis cumarsáide polaitiúla i bhfeachtais toghcháin in Éirinn agus i dtíortha eile, i gcomparáid le modh eile cumarsáide polaitiúla, idir thraidisiúnta agus ar líne;
  • an tionchar a bhíonn ag póstaeir, má bhíonn, ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus feasacht toghcháin i measc na dtoghthóirí, daoine a d’fhéadfadh a bheith imeallaithe ón bpróiseas polaitiúil ina measc; agus
  • tionchair chomhshaoil agus shábháilteachta na bpóstaer.

Mar a bhforáiltear dó san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 is féidir leis an gCoimisiún Toghcháin moltaí a dhéanamh don Rialtas bunaithe ar an taighde sin.

Is é 5pm Dé hAoine, 9 Bealtaine 2025 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí don Chomhairliúchán ar Phóstaeir Thoghcháin. Is féidir tuilleadh a fhoghlaim agus aighneacht a dhéanamh trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.electoralcommission.ie/ga/comhairliuchan), ar ríomhphost nó sa phost. 

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí, 

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta d’Eagarthóirí:

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh go dtí an spriocdháta, Dé hAoine, 9 Bealtaine 2025 ag 5 i.n. ar na naisc seo a leanas:

Trí ríomhphost a sheoladh chuig research@electoralcommission.ie leis an líne ábhair ‘An Comhairliúchán faoi Phóstaeir’ 

Nó sa phost chuig: An Comhairliúchán faoi Phóstaeir, An Coimisiún Toghcháin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, D02X8X8.

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:

  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.