Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Spriocdhátaí Clárúcháin Vótálaithe agus Postvótálaithe do Mhic Léinn ag Teannadh Linn

9 Meán Fómhair 2025 – Beidh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag tabhairt cuairt ar champais coláistí ar fud na tíre chun mic léinn a spreagadh le clárú agus plean a dhéanamh chun vótáil i dtoghchán an uachtaráin ar an 24 Deireadh Fómhair i mbliana.

Léiríodh i Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) an Choimisiúin ar Olltoghchán 2024 gurbh iad na daoine idir 18 agus 34 bliain d’aois a ndearnadh suirbhé orthu an grúpa ba mhó de vótálaithe incháilithe (68%) nach raibh cláraithe fós agus dá bhrí sin gur chaill siad an deis vóta a chaitheamh sa toghchán deiridh.

Tar éis bualadh leis na mílte daoine óga ag Electric Picnic i mí Lúnasa, is deis bhreise é feachtas clárúcháin agus eolais do choláistí an Choimisiúin chun bualadh le daoine óga san áit ina bhfuil siad, agus iad a spreagadh chun a nguth a úsáid chun Uachtarán eile na hÉireann a roghnú i ndiaidh Mhichíl D. Uí hUigínn.

Tá feachtas campais an Choimisiúin ag tarlú i dteannta imeachtaí feachtais eolais eile, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin le habhcóidí um chearta míchumais, cuairteanna scoile, rannpháirtíocht ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, canbhasálacha sráide agus imeachtaí poiblí eile.

Beidh foireann an Choimisiúin ar an mbóthar, ag tosú an tseachtain seo le cuairt ar Ollscoil Luimnigh Dé Céadaoin, 10 Meán Fómhair áit a mbeidh siad ag freagairt ceisteanna faoi vótáil agus ag spreagadh mic léinn chun clárú ar voter.ie roimh spriocdháta an 7 Deireadh Fómhair.

Anuas air sin, tá mic léinn atá cláraithe sa bhaile ach atá ina gcónaí in áit eile fad is atá siad ag freastal ar institiúid oideachais sa Stát i dteideal cur isteach ar vóta poist roimh spriocdháta an 29 Meán Fómhair.

Tá na cuairteanna coláiste seo a leanas san áireamh i gclár campais an Choimisiúin roimh thoghchán an Uachtaráin:

  • 10 Meán Fómhair in Ollscoil Luimnigh.
  • 15 Meán Fómhair i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
  • 23 Meán Fómhair in Ollscoil Mhá Nuad.
  • 24 Meán Fómhair in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.
  • 25 Meán Fómhair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
  • 30 Meán Fómhair in OT Bhaile Átha Cliath, Campas Ghráinseach Ghormáin.
  • 2 Deireadh Fómhair in OTA Chathair na Gaillimhe & OTA an Chreagáin.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Ag Electric Picnic i mí Lúnasa, bhuaileamar le go leor daoine óga atá gafa, a bhfuil suim acu agus ar mian leo a gcuid vótaí a úsáid chun cinneadh a dhéanamh faoi cé a bheidh mar an chéad Uachtarán eile againn ach a raibh ceisteanna acu faoi chlárú agus vótáil.

“Is minic nach mbíonn mic léinn ar an eolas, má bhíonn siad ar shiúl óna seoladh baile cláraithe ar lá na vótála mar gheall ar an gcoláiste, gur féidir leo iarratas a dhéanamh chun a vóta a bhogadh nó iarratas a dhéanamh ar vóta poist.

“Tá thart ar 60,000 duine óg tar éis 18 mbliana a shlánú ó bhí an t-olltoghchán deireanach ann agus tá go leor acu ina mic léinn nua ar an gcoláiste anois. Táimid ag súil le bualadh leo agus iad a chlárú le vótáil ina gcéad toghchán riamh.”

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail, 

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie 

– CRÍOCH –

Nóta d’Eagarthóirí:

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.

Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin, idir chinn atá ann cheana féin agus chinn nua, ina measc:

  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.