Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

5 Márta 2026 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, agus Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) torthaí inniu ón Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais ar Thoghchán an Uachtaráin in 2025, ag tabhairt léargas ar spreagadh agus taithí vótálaithe agus neamh-vótálaithe maidir leis an vótáil i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Lean NEDS Thoghchán an Uachtaráin sampla ionadaíoch náisiúnta de 1,312 freagróir ó thús deireadh an fheachtais toghcháin trí thrí shuirbhé: ceann amháin i dtreo thús an fheachtais; an dara ceann i rith sheachtain an toghcháin; agus suirbhé deiridh díreach i ndiaidh an toghcháin. Go ríthábhachtach, cuireann sé sin ar ár gcumas anailís a dhéanamh ar athruithe ar eolas vótálaithe agus ar an gcaoi ar fhorbair vótálaithe agus neamhvótálaithe tuairimí agus ar ghlac siad cinntí de réir mar a chuaigh an feachtas ar aghaidh.

Tá an staidéar NEDS i gcroílár Chlár Taighde an Choimisiúin agus rinneadh staidéar ar gach imeacht toghcháin ó bunaíodh an Coimisiún in 2023.

Tá dhá ghné ar leith ag baint le NEDS. Díríonn an chéad ghné ar cheisteanna leathana a bhaineann le caighdeán agus feidhmiú dhaonlathas na hÉireann, agus ina measc sin tá ceisteanna faoi thaithí vótálaithe ar vótáil agus clárú, leibhéil na spéise sa pholaitíocht agus an eolais faoin bpolaitíocht, agus na foinsí faisnéise a úsáideann an lucht vótála. Bainfear úsáid as na sonraí sin chun feidhmíocht an Choimisiúin a thagarmharcáil agus chun a thionscnaimh amach anseo a threorú. Is príomhthosaíocht don Choimisiún tuiscint a fháil ar na cúiseanna nach vótálann daoine, mar sin tá 387 neamhvótálaí san áireamh sa sampla freisin.

Áirítear leis na príomhthorthaí:

Rannpháirteachas agus taithí vótála:

  • Dúirt 97% gur eispéireas dearfach a bhí acu agus iad ag vótáil.
  • Dúirt 96% gur cheap siad go raibh sé éasca rochtain a fháil ar a stáisiún vótála.
  • Tugadh liosta cúiseanna dóibh siúd nár chaith vóta agus bhí siad in ann gach ceann a bhain leo féin a roghnú. Seo a leanas na 5 phríomhchúis a tugadh: bhí siad as baile ar an lá a roghnaigh 24%; ní raibh a fhios acu cé dó a vótálfaidís a roghnaigh 20%; ní raibh siad in ann cinneadh a dhéanamh conas vótáil a roghnaigh 13%; ní raibh siad cláraithe a roghnaigh 12% agus gealltanais oibre a roghnaigh 9%.  
  • D’aontaigh 83% leis an ráiteas gur “féidir le cé dóibh a vótálann daoine tionchar a imirt ar a dtarlaíonn”.

Eolas agus feasacht vótálaithe:

Rud atá tábhachtach d’fheidhm oideachais agus feasachta poiblí an Choimisiúin, léiríodh in NEDS Thoghchán an Uachtaráin go mbíonn eolas maith ag vótálaithe na hÉireann go hiondúil ar go leor gnéithe den uachtaránacht, den vótáil agus den daonlathas. Mar sin féin, sainaithnítear deiseanna ann freisin le haghaidh oideachas poiblí breise:

  • Bhí 96% de na freagróirí muiníneach go raibh tuiscint acu ar conas a vóta a chaitheamh.
  • D’aithin 87% de na freagróirí i gceart gur féidir le gach ceann dá roghanna cur le hiarrthóir a thoghadh.
  • Shíl 35% go mícheart go raibh orthu a gcárta vótála a thabhairt leo chun vóta a chaitheamh agus chreid 21% nach gcomhairfí a vóta mura n-úsáidfidís an peann luaidhe a cuireadh ar fáil ag an stáisiún vótála.
  • Ag deireadh an fheachtais, d’aontaigh beagnach an ceathrú cuid de na vótálaithe, 23%, nach bhfuil eolas faoi nósanna imeachta vótála ar fáil go forleathan, agus d’easaontaigh 60% leis sin.

Sláine toghcháin agus iontaoibh as toghcháin:

I ndiaidh an toghcháin:

  • D’aontaigh 84% de na freagróirí go ndéantar toghcháin a reáchtáil de réir an dlí
  • Chreid 72% go raibh toghcháin á mbainistiú go maith
  • Chreid 71% go raibh oifigigh toghcháin cothrom
  • Chreid 89% go raibh a vóta rúnda a luaithe a chuir siad sa bhosca ballóide é.

Cé go bhfuil na figiúirí sin dearfach trí chéile, léiríonn siad titim i gcuid de na táscairí sin ó NEDS an Olltoghcháin i mí na Samhna 2024. Tugann sé sin le fios nach bhfuil aon chúis leis na maidí a ligin le sruth ina measc siúd a bhfuil ról acu i gcosaint agus i gcur chun cinn iontaoibhe as toghcháin agus an daonlathas in Éirinn. Déanfaidh An Coimisiún monatóireacht chúramach ar na treochtaí sin.

Dúshláin Thoghchán an Uachtaráin:

Bailíodh sonraí freisin maidir le dúshláin ar leith a bhaineann le Toghchán an Uachtaráin:

  • Maidir le vótaí neamhbhailí – gné shuntasach den toghchán uachtaráin seo ab ea líon na vótaí neamhbhailí ag 12%. Sa suirbhé deiridh NEDS, léirigh an líon freagróirí a dúirt gur ‘mhill’ siad a vóta an figiúr náisiúnta sin de 12%. Rinneadh na cúiseanna a tugadh a chatagóiriú agus d’fhéadfadh freagróirí a ‘mhill’ a vóta níos mó ná cúis amháin a thabhairt: thug 45% an chúis nár thaitin aon cheann de na hiarrthóirí leo; léirigh 27% go raibh an próiseas chun iarrthóirí a roghnú éagórach; bhain 17% le heaspa roghanna; measadh gur agóid i gcoinne bheartas an rialtais a bhí i 14%; b’fhearr le 7% iarrthóir nach raibh ar an bpáipéar ballóide agus thug 6% cúis “eile” agus níor thug 3% cúis ar bith.
  • Maidir le vótaí do shaoránaigh Éireannacha thar lear – d’aontaigh 50% de na freagróirí nó d’aontaigh siad go láidir gur cheart go mbeadh an ceart ag saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí lasmuigh den Stát vótáil i dtoghcháin uachtaráin agus d’easaontaigh 35%.
  • Maidir le chomh héasca is atá sé ainmniúchán iarrthóra uachtaránachta a fháil – d’aontaigh 52% go bhfuil an próiseas i ndáil le hainmniúchán iarrthóra uachtaránachta ceart a bheag nó a mhór; dúirt 30% go bhfuil sé ró-dheacair ainmniúchán a fháil ar an bpáipéar ballóide agus dúirt 6% go bhfuil sé ró-éasca ainmniúchán a fháil. Dúirt 69% nach raibh siad sásta leis an rogha iarrthóra.

Clárú vótálaithe:

  • Deir 74% gur cheart daoine a chlárú go huathoibríoch le vótáil a luaithe a shlánaíonn siad 18 mbliana d’aois. Ach d’aontaigh 89% de na freagróirí gur orthu féin atá an fhreagracht phearsanta a chinntiú go bhfuil a gcuid sonraí cothrom le dáta ar chlár na dtoghthóirí.
  • I gcás na ndaoine a chláraigh le vótáil den chéad uair i mbliana, ba é tionchar a gcairde, a muintire, a scoile nó a n-ionad oibre an phríomhghné chun iad a spreagadh chun dul ar chlár na dtoghthóirí agus luaigh 28% gur thábhachtach é sin. Spreagadh 14% chun clárú trí fhógraíocht ar na meáin shóisialta agus ar na nuachtáin, rud a dhírigh an Coimisiún Toghcháin air le linn an fheachtais
  • Mheas 94% díobh siúd a chláraigh den chéad uair go raibh an taithí éasca nó an-éasca.

Bhí ceisteanna sa dara cuid de NEDS a mbíonn an lucht acadúil i Staidéar Toghcháin idirnáisiúnta ar fud na cruinne ag díriú go mór orthu; is é sin ar úsáid daoine a vóta agus cén chaoi ar úsáid siad é, céard a spreag a roghanna vótála, sásamh as an rialtas, meonta polaitiúla agus na cúinsí a théann i bhfeidhm orthu sin. Roghnaigh comhaltaí acadúla Bhord Bainistíochta NEDS na ceisteanna sa chuid sin den staidéar. Trí shonraí a chur i dtoll a chéile sna réimsí sin, tá Éire in ann a bheith ina cuid de thaighde comparáideach ar chórais pholaitiúla agus toghcháin agus ar an daonlathas.

Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú na sonraí NEDS, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Trí staidéar a dhéanamh ar thaithí agus spreagadh vótálaithe agus neamhvótálaithe ag gach toghchán, táimid ag tógáil pictiúr dár ndaonlathas chun tacú le hobair an Choimisiúin Toghcháin agus chun iontaoibh as an daonlathas agus ár ndul chun cinn le himeacht ama a thomhas.

“Bhí an líon vótaí neamhbhailí sa toghchán uachtaráin seo i bhfad níos airde ná aon imeacht toghcháin roimhe seo, agus cuireann na léargais a sholáthraítear go díreach ó shampla ionadaíoch de na vótálaithe sin faoina n-inspreagthaí pearsanta leis an bpróiseas leanúnach chun an daonlathas agus na toghcháin a fheabhsú sa tír seo.”

– CRÍOCH – 

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá staidéar mionsonraithe NEDS ar Thoghchán an Uachtaráin, 2025 ar fáil ar an suíomh gréasáin saintógtha nua. Tá sonraí ar an suíomh freisin ó staidéir ar thoghcháin roimhe seo ó bunaíodh an Coimisiún Toghcháin.

Is féidir na sonraí loma agus na códleabhair mhionsonraithe a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig research@electoralcommission.ie

Rinne Ipsos B&A an bailiú sonraí agus an anailís a foilsíodh inniu.

  • Is príomhthionscadal é NEDS faoi Shnáithe A de Chlár Taighde 2024–2026 de chuid an Choimisiúin Toghcháin.
  • Ar chomhairle ó Bhord Bainistíochta NEDS, bhí fócas sonrach in NEDS Thoghchán an Uachtaráin ar éifeachtaí feachtasaíochta ar gné choitianta iad i staidéir thoghchánaíochta go hidirnáisiúnta.
  • Leanann an staidéar 1,312 freagróir i rith trí chéim ar leith den timthriall toghcháin ag gabháil dearcthaí agus meastóireachtaí roimh lá na vótála agus ina dhiaidh, lena n-áirítear:
    • Céim 1: Tús an fheachtais, 29 Meán Fómhair – 6 Deireadh Fómhair 2025,
    • Céim 2: Seachtain an toghcháin, 17–23 Deireadh Fómhair, agus
    • Céim 3: Díreach i ndiaidh an toghcháin, 25 Deireadh Fómhair – 3 Samhain.
  • Cuireann dearadh an tsuirbhé ar ár gcumas anailís a dhéanamh ar dhinimic feachtasaíochta, rogha vótála, agus athrú dearcaidh gearrthéarmach a bhaineann le toghchán an uachtaráin.