Skip to main content

Ireland’s Statutory, Independent Electoral Commission

5 Nollaig 2023 – Dhearbhaigh an Coimisiún Toghcháin (An Coimisiún), coimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, go bhfuil pleanáil ar siúl cheana féin aige chun faisnéis a chur ar fáil maidir le Reifreann an 8 Márta atá le teacht.

I measc na bhfeidhmeanna dá chuid, ghlac an Coimisiún Toghcháin leis an ról a bhí ag an gCoimisiún Reifrinn roimhe seo chun faisnéis neamhspleách, neamhchlaonta a chur fáil maidir leis na moltaí atá á gcur faoi bhráid an phobail, agus chun daoine a spreagadh vótáil.

Tá an feachtas faisnéise neamhspleách á ullmhú anois ag an gCoimisiún, a rithfidh trasna na meán réigiúnach agus náisiúnta, mar aon leis an leabhrán faisnéise a sheachadfar do gach baile sa tír.

Agus dáta na vótála deimhnithe anois, cuireann an Coimisiún i gcuimhne do dhaoine gur féidir leo a chinntiú go bhfuil siad san áireamh le clár na dtoghthóirí trí sheiceáil ar www.checktheregister.ie, agus más gá iarratas a dhéanamh ar vóta poist.

Dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí, an Breitheamh Marie Baker:

“Mar choimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, tá an Coimisiún Toghcháin ag súil lenár gcéad fheachtas faisnéise riamh a reáchtáil ó ghlacamar leis an ról tábhachtach seo ón gCoimisiún Reifrinn níba luaithe i mbliana.

DEIREADH

Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta ón Eagarthóir:

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil, neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin, a bunaíodh an 9 Feabhra 2023, atá freagrach as raon leathan feidhmeanna toghcháin mar atá leagtha amach san Acht um Athchóiriú Toghchán 2022. Tá an Coimisiún ag croílár chóras toghcháin na hÉireann, agus raon feidhmeanna toghcháin á chur i bhfeidhm aige lena n-áirítear:

  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a thabhairt i ndáil leis na dáilcheantair is na toghcheantair, chun Teachtaí Dála a thoghadh chun na Dála agus i ndáil le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagrach as clárú páirtithe polaitíochta.
  • • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir leis an reifreann agus na toghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta an reifrinn
  • tuarascálacha a chur faoi bhráid an Aire maidir le teorainneacha toghcheantar áitiúil.

Tá an Coimisiún ag croílár chóras toghcháin na hÉireann, agus raon feidhmeanna toghcháin á gcur i bhfeidhm aige lena n-áirítear:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus ar nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • tuiscint an phobail a chur chun cinn ar phróisis thoghcháin agus daonlathacha an Stáit, agus obair a dhéanamh chun a rannpháirteachas iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus faisnéise;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
  • the regulation of online paid-for political advertising, ensuring transparency in respect of online political advertisements during the period of an election or referendum campaign; (not yet commenced).
  • responsibility for the investigation and monitoring of online disinformation, online misinformation and manipulative or inauthentic behaviour online during election campaign periods, as well as functions to prevent manipulative or inauthentic behaviours online (not yet commenced).
  • tuarascálacha ex post a ullmhú maidir le himeachtaí toghcháin a riar.

Táthar ag súil go gcuirfear leis an tsraith tosaigh feidhmeanna a sannadh don Choimisiún, de réir mar a chuireann sé lena chumas agus lena shaineolas.