Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Reifreann ar an mBille um an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2001 (Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint)

Bhí reifreann ann an 6 Márta 2002 maidir le togra chun an Bunreacht a athrú i ndáil leis an dlí maidir leis an nginmhilleadh.

Ba é a bhí sa Bhille ná na hathruithe beartaithe ar an mBunreacht, chomh maith le téacs beartaithe an Achta chun Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint, acht a bheadh mar an dlí maidir le ginmhilleadh dá rithfí é. Dá vótálfadh na daoine “Tá” sa reifreann, agus, ina dhiaidh sin, dá rithfí an tAcht chun Beatha Dhaonna le linn Toirchis a chosaint, sa chás sin:

  • thiocfadh deireadh leis an gceart atá ag bean thorrach ginmhilleadh a fháil má tá sí féinmharfach;
  • thabharfaí míniú dlíthiúil nua ar ghinmhilleadh;
  • ní ginmhilleadh sa chiall choiriúil a bheadh i ngnáthaimh mhíochaine a bhfuil gá leo chun saol na máthar a shábháil ón mbás.

Níor thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Níl aon téacs Gaeilge den Tuairisc ar fáil agus mar sin tá an nasc le téacs Béarla an Tuairisc.