Skip to main content
A voter casting their ballots in the Referendums vote on 8 March.

Is é do vóta do ghuth

Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram

Ar an 8 Márta 2024, iarradh ar shaoránaigh na hÉireann vóta a chaitheamh in dhá reifreann chun ár mBunreacht a athrú. Bhain an chéad Reifreann le coincheap an Teaghlaigh sa Bhunreacht. Mhol an dara Reifreann píosa den Bhunreacht a scriosadh agus téacs nua a chur ina áit ina dtabharfaí aitheantas don chúram a thugann baill … Continued

Reifreann maidir le Colscaradh a Rialáil

An Bille um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2016. Bhain an togra le dhá shaincheist a bhí baint acu leis an gcolscaradh, eadhon an fad nach mór do dhaoine a bheith ina gcónaí ar leithligh sula ndéanfar iarratas ar cholscaradh, agus aitheantas a thabhairt do cholscarthaí coigríche. Is aon … Continued

Reifreann maidir le diamhasla

An Bille um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris), 2018. Bhain an togra reifrinn ar an reifreann maidir le diamhasla le cibé ar aontaigh nó nár aontaigh tú le ‘diamhaslach nó’ a scriosadh amach ó Airteagal 40.6.1˚ den Bhunreacht. Cuireadh … Continued

An reifreann maidir le foirceannadh toirchis a rialáil

An Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018. Bhain an togra reifrinn ar an reifreann maidir le foirceannadh toirchis a rialáil le cibé ar aontaigh nó nár aontaigh tú le Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht a scriosadh agus Airteagal nua a chur ina áit. Cuireadh an leasú molta ar an mBunreacht os … Continued

Reifreann ar Dheireadh a chur le Seanad Éireann agus an Chúirt Achomh

Bhí moltaí an reifrinn faoi cé acu an raibh nó nach raibh tú ag iarraidh deireadh a chur le Seanad Éireann agus cibé acu an raibh nó nach raibh tú ag iarraidh Cúirt Achomhairc a bhunú agus athruithe eile a dhéanamh ar chóras na gCúirteanna. 1. Reifreann Sheanad Éireann An Bille um dara Leasú is … Continued

An Reifreann Leanaí

Reáchtáladh reifreann an 10 Samhain 2012 maidir le togra leis an mBunreacht a leasú trí airteagal nua 42A a chur isteach agus airteagal 42.5 a bhaint amach. Bhí ceithre phríomhchuid i gceist leis an togra. Ar dtús, dá bhfaomhfaí an t-athrú, d’admhálfaí go follasach sa Bhunreacht go bhfuil cearta ag leanaí, agus go bhfuil oibleagáid … Continued

Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach

An Bille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) 2012 An Bille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) 2012. Is éard a bhí i gceist leis an gConradh … Continued

Tuarastal Breithiúna agus Fiosruithe Thithe an Oireachtais

Bhí reifreann ann an 27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le togra chun an Bunreacht a leasú i dtaobh an féidir pá na mbreithiúna a laghdú i gcúinsí áirithe. Reifreann ar an mBille um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2011 (Tuarastal Breithiúna) Leis an athrú a bhí beartaithe ar an mBunreacht, cheadófaí dlí … Continued

Conradh Liospóin 2009

Reifreann ar an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2009 (Conradh Liospóin) Bhí reifreann ann arís an 2 Deireadh Fómhair 2009 maidir le togra chun an Bunreacht a leasú chun a cheadú d’Éirinn Conradh Amstardam a dhaingniú. Cuireadh ceist a bhí cosúil leis an gceann a cuireadh i Meitheamh 2008: An … Continued