Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Reifreann ar an mBille um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2001 (Glacadh le Dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta)

Bhí reifreann ann an 7 Meitheamh 2001 maidir le togra chun glacadh le dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta

Déantar foráil i Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (1998) chun cúirt choiriúil idirnáisiúnta bhuan a bhunú faoi chóras na Náisiún Aontaithe. Is é feidhm na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta daoine atá cúisithe i gcinedhíothú, i gcoireanna in aghaidh na daonnachta, i gcoireanna cogaidh agus in ionsaí a thriail, in imthosca sainithe áirithe. Is cúirt bhuan í, murab ionann agus na Binsí Coiriúla Idirnáisiúnta roimhe sin, amhail na cinn a bhí ag déileáil leis an Iar-Iúgslaiv agus le Ruanda, a rinneadh socruithe d’fhadhb amháin ar leith agus don fhadhb sin amháin. Tá 18 mbreitheamh lánaimseartha sa Chúirt nua agus tá sí bunaithe sa Háig san Ísiltír. Go dtí seo (2001), tá timpeall 140 tír tar éis Reacht na Róimhe a shíniú (Éire san áireamh) agus tá 30 tír tar éis an Reacht a dhaingniú.

Tríd an reifreann a rith, bhí an deis ag an Stát seo Reacht na Róimhe a dhaingniú. Ba é an tionchar a bhí ag daingniú an Reachta ná gur aistríodh gné áirithe den cheannasacht i gcúrsaí coiriúla ó dhlínse féideartha chúirteanna na hÉireann chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Ar dhaingniú an Reachta, d’fhéadfaí duine, a raibh cónaí air nó uirthi in Éirinn, mar shampla, a ghabháil anseo, agus, trí nós imeachta dlíthiúil cuí, é nó í a thabhairt os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Háig mar gheall ar choireanna cogaidh. Bhí gá le leasú a dhéanamh ar an mBunreacht ionas go bhféadfaidh Éire Reacht na Róimhe a dhaingniú, ós rud é go mbeadh sé ar neamhréir le forálacha an Bhunreachta maidir le ceannasacht agus maidir le ciontaí a thriail mura ndéanfaí an leasú sin.

Tháinig an Chúirt i bhfeidhm an 1 Iúil 2002 nuair a bhí an Reacht daingnithe ag 60 tír.

Thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Níl aon téacs Gaeilge den Tuairisc ar fáil agus mar sin tá an nasc le téacs Béarla an Tuairisc.