Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

An Bille um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2016.

Bhain an togra le dhá shaincheist a bhí baint acu leis an gcolscaradh, eadhon an fad nach mór do dhaoine a bheith ina gcónaí ar leithligh sula ndéanfar iarratas ar cholscaradh, agus aitheantas a thabhairt do cholscarthaí coigríche. Is aon cheist amháin a bhí ar an bpáipéar ballóide agus bhí ar vótálaithe vóta a chaitheamh ar son ‘Tá’ chun an dá athrú a cheadú nó ar son ‘Níl’ chun diúltú don dá athrú.

Cuireadh an leasú molta ar an mBunreacht os comhair an phobail an 24 Bealtaine 2019. Thoiligh na daoine leis an togra.

An treoirleabhar neamhspleách

Foilsíodh Treoir Neamhspleách i bhfoirm leabhráin agus dáileadh í ar gach áit chónaithe sa Stát. Tá cur síos gearr ar gach togra sa treoir sin.


D’fhoilsigh an Coimisiún treoir neamhspleách freisin do dhaoine a bhfuil míchumas intleachta ag dul dóibh. Arna tháirgeadh ag an gCoimisiún Reifrinn i gcomhar le Down Syndrome Ireland.


Tuarascáil

Féadfaidh tú tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn ar an reifreann maidir le colscaradh a rialáil a léamh ar líne nó cóip PDF den tuarascáil a íoslódáil.


Reifreann – Ceisteanna Coitianta

Togra reifreann

Tréimhse ina gcónaí ar leithligh

Colscaradh eachtrach

An Bunreacht agus dlí reatha


Sampla d’fheachtais fhaisnéise an Coimisiún

Agallaimh raidió le Cathaoirleach an Coimisiún Reifrinn – Níl siad seo ar fáil i nGaeilge.


Fógraíocht allamuigh – Contae Chiarraí

Contae Dhún na nGall