Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

An Bille um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris), 2018. Bhain an togra reifrinn ar an reifreann maidir le diamhasla le cibé ar aontaigh nó nár aontaigh tú le ‘diamhaslach nó’ a scriosadh amach ó Airteagal 40.6.1˚ den Bhunreacht.

Cuireadh an leasú molta ar an mBunreacht os comhair an phobail an 26 Deireadh Fómhair 2018. Thoiligh na daoine leis an togra.

Treoir Neamhspleách

Foilsíodh Treoir Neamhspleách i bhfoirm leabhráin agus scaipeadh é ar gach teach sa stát. Tá cur síos gearr ar gach togra sa treoir sin.


D’fhoilsigh an Coimisiún treoir neamhspleách freisin do dhaoine a bhfuil míchumas intleachta ag dul dóibh.


Tuarascáil

Féadfaidh tú tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn ar reifreann maidir leis an diamhasla a léamh ar líne nó cóip PDF den tuarascáil a íoslódáil.