Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Comhairliúchán Poiblí

Clár Taighde nua an Choimisiúin Toghcháin

Tá An Coimisiún ag lorg dearcthaí agus iad ag ullmhú a ndara clár taighde a rithfidh ó 2027-2030. Leanann sé seo ár gcéad Chlár Taighde 2024-2026.

Féach thíos cúig cheist ghearra le haghaidh do bhreithnithe agus d’ionchuir. Ullmhóimid agus foilseoimid achoimre ar na freagraí a gheofar.

Le tuilleadh cúlra agus eolais a fháil faoin gcomhairliúchán, féach ar ár bpáipéar comhairliúcháin agus ár n-achoimre ar thaighde  go dtí seo.

B’fhearr freagraí a sheoladh tríd an bhfoirm thíos ach is féidir freagra a chur ar ríomhphost freisin chuig researchconsult@electoralcommission.ie le ‘Comhairliúchán ar an gClár Taighde’ i líne an ábhair faoi 5i.n. Dé Luain 7 Nollaig 2026. Is féidir freagra a sheoladh sa phost freisin chuig An tAonad Taighde, An Coimisiún Toghcháin, Bloc M, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, D02 X8X8.

Ceisteanna don Chomhairliúchán Poiblí

  1. An bhfuil aon topaicí nó ceisteanna taighde ar mhaith leat a fheiceáil inár gClár Taighde nua le haghaidh 2027–2030?
  2. An bhfuil na cúig shnáithe taighde a mholaimid oiriúnach don chuspóir, nó an gá iad a bheachtú tuilleadh?
  3. Céard é do thuairim faoinár gcuid oibre taighde/go dtí seo? An bhfuil aon ghá le nuashonrú a dhéanamh ar ár luachanna taighde? An bhfuil bearnaí nó feabhsuithe ann ar cheart dúinn machnamh a dhéanamh orthu?
  4. An bhfuil samplaí dea-chleachtais nó comhpháirtíochtaí taighde breise ann ar cheart dúinn machnamh a dhéanamh orthu?
  5. Ar mhaith leat aon cheo eile a roinnt linn?

Tá na Téarmaí agus Coinníollacha a leanas i gceist:

  • Ní ghlacfar le hiarratais gan ainm.
  • Baileofar sonraí teagmhála (céadainm, sloinne agus ainm eagraíochta más ábhartha) agus seoladh ríomhphoist chun aighneachtaí a dheimhniú.
  • I gcás ina luaitear aighneachtaí sa cháipéis achoimre, ní aithneofar aighneachtaí pearsanta ach de réir uimhreach. Foilseofar ainmneacha na n-eagraíochtaí/na ngrúpaí uile a chuireann aighneacht isteach sa cháipéis achoimre.
  • D’fhéadfaí ábhar ó na haighneachtaí a lua nó sleachta athfhriotail uathu a thabhairt i dtuarascálacha agus i gcáipéisí straitéise eile a chuirfidh an Coimisiún Toghcháin i dtoll a chéile.
  • Ní mheasfar aighneachtaí a mheastar a bheith maslach, míchuí nó nach bhfuil ábhartha d’obair an Choimisiúin Toghcháin.
  • Coinneoidh an Coimisiún Toghcháin aighneachtaí ar comhad ar feadh tréimhse an chláir taighde agus scriosfar iad ina dhiaidh sin.
  • Beidh athbhreithniú na n-aighneachtaí faoi réir breithnithe dlíthiúla, ina measc an reachtaíocht um Chosaint Sonraí; an tAcht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989; an tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020; agus an tAcht um Chlúmhilleadh, 2009.
  • Féadfaidh aon aighneachtaí, comhfhreagras, nó cáipéisí tacaíochta a chuirtear ar fáil mar chuid den phróiseas seo a bheith faoi réir nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus féadfar iad a scaoileadh mar fhreagra ar iarratas bailí um Shaoráil Faisnéise, faoi réir fhorálacha agus dhíolúintí an Achta.

Foirm Nua Ar Líne don Chomhairliúchán ar an gClár Taighde

Líon amach an fhoirm ar líne thíos le go dtaifeadtar do thuairimí

ar ais go dtí an barr