Scrúdaíodh Seoltaí Iarrthóirí a Chur ar Pháipéir Bhallóide
Molann an Coimisiún Toghcháin Athrú Reachtaíochta
20 Samhain 2025 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, Tuarascáil Taighde agus Páipéar Moltaí maidir le seoltaí na n-iarrthóirí a chur ar pháipéir bhallóide. D’fhoilsigh an Coimisiún iad faoina chumhacht taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus moltaí a dhéanamh don Aire agus don Rialtas bunaithe ar an taighde sin.
Rinneadh an taighde de bharr imní go bhféadfadh seoladh iarrthóra ar an bpáipéar ballóide baol a chruthú do shábháilteacht agus príobháideachas iarrthóirí, a dteaghlach nó daoine eile a chónódh leo. Mar shampla, tarraingíodh aird ar an imní sin i dTuarascáil an Tascfhórsa Oireachtais um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Saol Polaitíochta agus in aighneachtaí a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.
Faoin Acht Toghcháin, 1992, caithfidh iarrthóirí atá ag iarraidh seasamh i dtoghchán Dála seoladh a thabhairt ar an bpáipéar ainmniúcháin, agus foilsítear é sin ar an bpáipéar ballóide ina dhiaidh sin. Déantar é sin a mhacasamhlú i reachtaíocht atá mar bhonn le toghcháin eile. Tar éis breithniú a dhéanamh ar an réasúnaíocht atá taobh thiar den chleachtas reatha, ar imní maidir le sábháilteacht agus príobháideachas agus ar an gcás le haghaidh athchóiriú, sainaithnítear sa Tuarascáil Taighde roinnt moltaí sonracha le haghaidh athrú chun na buntáistí a bhaineann le seoladh iarrthóra a éileamh a choinneáil agus aghaidh a thabhairt ar imní sábháilteachta agus príobháideachais na n-iarrthóirí ag an am céanna.
Tar éis machnaimh ar an Tuarascáil Taighde, déanann an Coimisiún na moltaí seo a leanas maidir le hathchóiriú don Aire agus don Rialtas:
- Chun aghaidh a thabhairt ar an imní faoi shábháilteacht na n-iarrthóirí, agus sláine an phróisis toghcháin a chosaint ag an am céanna, ba cheart go mbeadh briseadh sa nasc uathoibríoch idir an seoladh a thugtar ar an bpáipéar ainmniúcháin ar mhaithe le deimhniú agus an seoladh a thabharfar ar na páipéir bhallóide agus in áiteanna poiblí eile.
- De réir an chur chuige sin, ba cheart go mbeadh dhá sheoladh ag teastáil ar pháipéar ainmniúcháin – ceann amháin a úsáidtear don riarachán toghcháin agus dó sin amháin, agus a chaithfidh a bheith leordhóthanach chun críocha an fhíoraithe, agus an dara seoladh, seoladh (2), a bheadh le feiceáil ar an bpáipéar ballóide agus ar fhógraí poiblí.
- Ba cheart go mbeadh roghanna soiléire, inghlactha ag iarrthóirí agus iad ag cinneadh cén seoladh atá le foilsiú ar an bpáipéar ballóide (seoladh 2). Moltar trí rogha dá leithéid: (a) seoladh iomlán (an seoladh céanna a úsáidtear ar an bpáipéar ainmniúcháin), (b) seoladh neamhiomlán nó (c) an ceantar ina bhfuil an seoladh suite (toghlimistéar áitiúil nó toghroinn).
Tá moltaí eile sa Tuarascáil Taighde chun sláine an phróisis ainmniúcháin agus toghcháin a chinntiú, agus éilítear go sonrach go ndéanfaí forálacha chun éascaíocht a dhéanamh ar iarrthóirí atá gan dídean, cosúil leis na forálacha a leagtar amach in Alt 84 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Ag fáiltiú di roimh fhoilsiú na Tuarascála Taighde, dúirt an Breitheamh Onórach Marie Baker, Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin:
“Tá áthas orm inniu go bhfuil an Tuarascáil Taighde seo á foilsiú againn, agus cuirim na moltaí a eascraíonn as ár bplé faoi bhráid an Aire agus an Rialtais. Is údar míshuaimhnis don Choimisiún an fhianaise sa Tuarascáil faoin gciapadh, an mhí-úsáid nó an t-imeaglú a dhírítear ar iarrthóirí toghcháin, ionadaithe poiblí, agus a bhfoirne agus a dteaghlaigh.
“Cé go molaimid athruithe ar na ceanglais maidir le seoltaí ar pháipéir bhallóide mar fhreagra ar imní faoi na saincheisteanna seo, creidimid go bhfuil freagairt níos leithne ag teastáil don cheist agus mholfaimis do na páirtithe leasmhara ar fad machnamh a dhéanamh agus gníomhú go cuí, toisc gur masla do shláinte ár ndaonlathais na bagairtí seo.”
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Is cuid dár dtraidisiún daonlathach a bhí i bhfeidhm sular bunaíodh an Stát an ceanglas ar iarrthóirí seoladh a sholáthar. Le glúnta anuas, bhí sé ina shiombail d’oscailteacht agus de chuntasacht — meabhrúchán go ndéanann siad siúd a lorgaíonn oifig phoiblí amhlaidh i radharc iomlán na ndaoine ar mian leo freastal orthu.
“I ndiaidh dúinn éisteacht le guthanna na ngníomhaithe polaitiúla, na n-iarrthóirí agus a dteaghlach, agus scrúdú cúramach a dhéanamh ar an gcaoi a roinntear agus a n-úsáidtear seoltaí na n-iarrthóirí, creideann an Coimisiún go léiríonn na hathchóirithe atá beartaithe seo meas ar ár dtraidisiún agus ar an saol ina mairimid anois araon. Cosnaíonn siad sláine an phróisis ainmniúcháin, cinntíonn siad go leantar ag tabhairt eolas riachtanach do vótálaithe, agus léiríonn siad tuiscint dhomhain ar na dúshláin agus na brúnna atá roimh iarrthóirí an lae inniu.
“Chuige sin, leanfaimid orainn ag neartú ár ndaonlathais — ní hamháin ag cosaint an chirt vótála, ach mhisneach na ndaoine a sheasann os comhair an phobail freisin.”
– CRÍOCH –
Nóta d’Eagarthóirí:
Íoslódáil cáipéisí an Choimisiúin: Research Report – Ballot Paper Design: addresses of candidates on the ballot paper agus An Coimisiún Toghcháin’s Recommendations (EN) / Moltaí an Choimisiúin Toghcháin (GA).
Tá an Tuarascáil Taighde agus an Páipéar Moltaí seo á reáchtáil faoi chumhachtaí an Choimisiúin arna bhforáil ag Alt 64 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, a thugann cumhacht don Choimisiún Toghcháin taighde a choimisiúnú nó a dhéanamh ar bheartas agus nósanna imeachta toghcháin…agus, ag eascairt as an taighde sin, féadfaidh sé moltaí a dhéanamh don Aire agus don Rialtas de réir mar is cuí leis.
Is í seo an chéad Tuarascáil Taighde atá á foilsiú faoi “Shnáithe B den Chlár Taighde: Dlí toghcháin, córais toghcháin agus bonneagar toghcháin”.