Achomharc a Bhaineann le The National Party – An Páirtí Náisiúnta Críochnaithe
19 Meán Fómhair 2025 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin inniu a chinneadh faoi Alt 51 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 in achomharc in aghaidh chinneadh Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta (‘an Cláraitheoir’).
Rinne an t-achomharc ó Justin Barrett agóid in aghaidh an chinnidh a rinne an Cláraitheoir faoi Alt 50 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, a dheonaigh iarratas ó The National Party – An Páirtí Náisiúnta chun na sonraí i gClár na bPáirtithe Polaitíochta a leasú chun críocha Alt 47 (c) (seoladh cláraithe) agus Alt 47 (d) (oifigigh údaraithe) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Díbheadh an t-achomharc ar na cúiseanna a leagadh amach i gcinneadh Bhord an Choimisiúin Toghcháin. Bhí an Bord sásta gur tugadh fógra réasúnta faoi chruinniú ábhartha Stiúrthóireacht Náisiúnta an Pháirtí, agus dá bhrí sin gur glacadh na rúin a rinneadh ag an gcruinniú sin go bailí.
Faoi Alt 51(4) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Choimisiúin Toghcháin.
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá cinneadh Bhord an Choimisiúin Toghcháin ar fáil ag an nasc seo a leanas:
Clárú na bpáirtithe polaitíochta
- Leagtar amach i gCaibidil 6 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 feidhm an Choimisiúin Toghcháin i leith clárú páirtithe polaitíochta.
- Is é Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta.
- Is féidir le páirtithe iarratas a dhéanamh ar chlárú mar pháirtí atá eagraithe sa Stát chun seasamh i dtoghcháin Dála, Eorpacha nó áitiúla. Ní mór dóibh na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht a chomhlíonadh chun go gclárófar iad.
- Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas clárúcháin, agus na foirmeacha iarratais riachtanacha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag https://www.electoralcommission.ie/ga/cad-a-dheanaimid/oibriochtai-toghchain/
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin agus cinn nua, ina measc:
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú, agus Clár na bPáirtithe Polaitíochta a ullmhú agus a chothabháil.
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn.
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.