Skip to main content

Ireland’s Statutory, Independent Electoral Commission

Feachtais Reifrinn

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a mhíneoidh ábhar na dtograí reifrinn, a chuirfidh feasacht an phobail ar reifreann chun cinn, agus a spreagfaidh na toghthóirí chun vóta a chaitheamh.

Athbhreithnithe Toghlaigh agus Teorann Toghcháin

Tá an Coimisiún Toghcháin freagrach as athbhreithnithe a dhéanamh ar thoghlaigh uile na Dála agus Pharlaimint na hEorpa.
Agus na hathbhreithnithe sin á ndéanamh, foráiltear leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, go dtabharfaidh an Coimisiún aird ar an méid seo a leanas;

  • ní lú ná 171 ná 181 líon iomlán chomhaltaí na Dála, faoi réir Airteagal 16.2.2° den Bhunreacht;
  • toghfaidh gach dáilcheantar 3, 4 nó 5 chomhalta;
  • seachnófar sárú teorainneacha contae a mhéid is féidir.
  • ní fholaíonn an tagairt do theorainneacha contae tagairt do theorainn cathrach ná d’aon teorainn idir aon 2 chontae de chontaetha Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas;
  • beidh gach dáilcheantar comhdhéanta de limistéir thadhlacha;
  • tabharfar aird ar chúinsí geografacha lena n-áirítear gnéithe suntasacha fisiceacha agus méid agus dlús an daonra i ngach toghlach
  • féachfaidh an Coimisiún le leanúnachas a choimeád i ndáil le socrú toghlach.

Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais agus leagfaidh sé faoi bhráid an Oireachtais í tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis thoradh deiridh dhaonáireamh an Stáit.

Beidh an Coimisiún freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na dtoghcheantar áitiúil agus tuairisc a thabhairt don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na teorainneacha sin.

Clárú na bPáirtithe Polaitíochta

Is é Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin. Ní mór do gach páirtí polaitiúil a bheith ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta. Ní mór do pháirtí polaitíochta a bheith ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta chun gach ceann nó aon cheann de na toghcháin seo a leanas a chonspóid:

  • Toghchán Dála
  • Toghchán Eorpach
  • Toghchán áitiúil

Más mian leat fiosrú a dhéanamh faoi pháirtí polaitíochta a chlárú seol ríomhphost chuig info@electoralcommission.ie

If you would like to learn more about registering a political party, please see the forms and guidance below:

Maoirseacht ar Chlár na dToghthóirí

Tá ról maoirseachta ag an gCoimisiún Toghcháin maidir le Clár na dToghthóirí.

Cé go ndéanann údaráis áitiúla Cláir Thoghthóirí a bhainistiú agus a chothabháil, féadfaidh an Coimisiún Toghcháin taighde a choimisiúnú nó a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas;

  • cruinneas agus iomláine na gclár toghthóirí;
  • cothabháil na gclár toghthóirí;
  • na próisis a bhaineann le tiomsú, cothabháil agus feidhmiú na gclár toghthóirí.

Gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina leagfar amach aon taighde a rinne sé agus measúnú an Choimisiúin ar stádas agus ar fheidhmiú an chláir toghthóirí agus aon mholtaí a mheasann an Coimisiún is gá chun sláine an chláir toghthóirí agus an phróisis chlárúcháin a chothabháil agus a fheabhsú.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chláir toghcháin féach ar an Suíomh Gréasáin Seiceáil an Clár.