Dírítear sna Moltaí ó Bhreathnóireacht Reifreann ar Inrochtaineacht, Oiliúint & Rochtain ar Eolas Vótála
4 Meán Fómhair 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, a chéad Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin (PEER) riamh inniu ina ndírítear ar na reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram a bhí ar siúl ar an 8 Márta 2024. Déantar ocht moladh sa tuarascáil a dhíríonn ar inrochtaineacht, oiliúint agus eolas vótála.
Tá Tuarascáil PEER bunaithe ar bhreathnuithe fisiciúla a rinne foirne an Choimisiúin Toghcháin i 98 stáisiún vótála ar fud gach contae ar an 8 Márta. Cuireann PEER ar chumas an Choimisiúin réimsí le haghaidh feabhsúcháin maidir le stiúradh imeachtaí toghcháin a shainaithint, go háirithe i dtaobh cur le rannpháirteachas agus inrochtaineacht.
Leag an Coimisiún Tuarascáil PEER faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu, i dteannta Ráiteas Straitéise an Choimisiúin le haghaidh 2024–2026, agus moltar i dTuarascáil PEER go ndéanfadh an Stát:
• Na caighdeáin inrochtaineachta le haghaidh stáisiúin vótála a athbhreithniú agus a leathnú i Seicliosta Inrochtaineachta nuashonraithe.
• Rátáil Inrochtaineachta a shannadh do gach stáisiún vótála atá éasca le seiceáil ag toghthóirí roimh dóibh vóta a chaitheamh.
• An t-ábhar vótála ar fad a athbhreithniú ag féachaint le raon níos leithne d’fhormáidí inrochtana a chur ar fáil.
• Na lámhleabhair treorach a eisítear do chinn chomhairimh agus d’oifigigh cheannais a chur ar fáil don phobal, le haon sonraí oibríochta rúnda fágtha ar lár.
• Oiliúint chaighdeánach a chur ar na baill foirne ar fad ag stáisiúin vótála, le béim faoi leith ar a chinntiú go stampáiltear páipéir bhallóide i gceart.
• A chinntiú go gcuirtear oiliúint chuí ar an bhfoireann ag stáisiúin vótála chun cabhrú le toghthóirí a bhfuil raon míchumas orthu, míchumais neamhfhisiciúla ina measc.
• Lámhleabhar treorach a fhoilsiú do thoghthóirí ina mínítear na saoráidí agus na háiseanna vótála a bhíonn ar fáil ag stáisiúin vótála.
• Reachtaíocht toghcháin a leasú chun foráil go sainráite do fhreastal fhoireann agus chomhaltaí an Choimisiúin ar stáisiúin vótála agus ionaid chomhairimh le haghaidh na n-imeachtaí toghcháin ar fad.
Bhain athbhreithniú PEER leas as prionsabail breathnóireachta toghcháin a thagann le cleachtais ESCE agus an Aontais Eorpaigh. Bhunaigh an Coimisiún na stáisiúin vótála a roghnaíodh don bhreathnóireacht ar shonraí daonáirimh inar díríodh ar vótálaithe faoi mhíchumas agus ar vótálaithe a raibh freagrachtaí cúraim orthu, ar thuairisciú na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar stáisiúin vótála neamh-inrochtana, agus ar leibhéil na vótálaithe a chaith vóta in imeachtaí toghcháin roimhe sin.
Tugadh faoi phróiseas PEER eile le haghaidh na dtoghchán áitiúil, Eorpach agus thoghchán Mhéara Luimnigh ar an 7 Meitheamh, a d’fhorbair próiseas an 8 Márta. Tá tuarascáil PEER an Mheithimh á cur i dtoll a chéile faoi láthair agus foilseofar í níos deireanaí i mbliana.
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Chuir Reifrinn an 8 Márta tús le ré nua i ndaonlathas na hÉireann. Den chéad uair riamh, bhí breathnóireacht neamhspleách intíre ar vótáil ar bun ag foirne ón gCoimisiún Toghcháin i stáisiúin vótála ar fud na tíre.
“Ba é an cuspóir a bhí againn réimsí den phróiseas vótála a d’fhéadfaí a fheabhsú a shainaithint agus a thaifeadadh. Leanfaimid leis an obair sin le haghaidh gach uile thoghcháin, agus tuairisceoimid go poiblí uirthi i ndiaidh gach vóta chun ár moltaí a roinnt.
“Ár mbuíochas arís leis na cinn chomhairimh, na baill foirne vótála agus an lucht vótála a d’éascaigh ár gcuid oibre agus muid i mbun breathnóireacht ar an vótáil.”
Ag tagairt dó do Ráiteas Straitéise an Choimisiúin Toghcháin le haghaidh 2024–2026, a leagadh faoi bhráid an Oireachtais inniu freisin, dúirt Art O’Leary:
“Is treochlár tábhachtach é an Ráiteas Straitéise seo le haghaidh ár gcéad chéime oibre agus do bhunú an Choimisiúin mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann. Tá deis againn nach bhfaightear ach uair amháin sa saol chun tuiscint agus rannpháirteachas an phobail sa phróiseas daonlathach a fheabhsú agus dul i ngleic le haon dúshláin nua a d’fhéadfadh a theacht chun cinn.”
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá an Tuarascáil ar an Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin ar Reifrinn an 8 Márta ar an Teaghlach agus Cúram ar fáil ar na naisc seo a leanas:
Foilsítear an Tuarascáil PEER seo faoi alt 68 den Acht um Athchóiriú Toghcháin ina bhforáiltear d’athbhreithnithe dá leithéid agus is tuarascáil í ar riar an imeachta toghcháin lena mbaineann.
I mí Iúil 2024, faoi réir a fheidhmeanna reachtúla reifrinn faoi alt 39 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, chuir an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid an Choiste Oireachtais faoin gcaoi ar thug sé faoina fheidhmeanna féin i rith na tréimhse feachtais.
Tá Ráiteas Straitéise 2024–2026 de chuid an Choimisiúin Toghcháin ar fáil ar na naisc seo a leanas:
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú.
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
- Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.