An Páirtí Farmers Alliance Cláraithe le Seasamh mar Iarrthóirí
12 Eanáir 2024 – Thug Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta fógra inniu go bhfuil sé i gceist aige iarratas ón bpáirtí Farmers Alliance a cheadú chun bheith ina pháirtí polaitíochta cláraithe atá incháilithe chun iarrthóirí a sheasamh i dtoghcháin Dála agus áitiúla na hÉireann agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in Éirinn.
Tiocfaidh an cinneadh a rinne Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, mar Chláraitheoir Páirtithe Polaitíochta na hÉireann, i bhfeidhm tar éis tréimhse achomhairc 21 lá, nó tar éis toradh aon achomhairc den sórt sin.
Dá gclárófaí é, bheadh Farmers Alliance ar an 29ú páirtí polaitíochta atá liostaithe ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta atá i bhfeidhm faoi láthair.
Foilsíodh an fógra foirmiúil inniu in Iris Oifigiúil na hÉireann.
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Ainm agus giorrúchán cláraithe an pháirtí: Farmers Alliance Party (FA)
Suaitheantas cláraithe an pháirtí:

Clárú na bpáirtithe polaitíochta
- Leagtar amach i gCaibidil 6 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 feidhm an Choimisiúin Toghcháin i leith clárú páirtithe polaitíochta.
- Is é Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta.
- Is féidir le páirtithe iarratas a dhéanamh ar chlárú mar pháirtí atá eagraithe sa Stát chun seasamh i dtoghcháin Dála, Eorpacha nó áitiúla. Ní mór dóibh na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht a chomhlíonadh chun go gclárófar iad.
- Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas clárúcháin, agus na foirmeacha iarratais riachtanacha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag https://www.electoralcommission.ie/ga/cad-a-dheanaimid/oibriochtai-toghchain/
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú, agus Clár na bPáirtithe Polaitíochta a ullmhú agus a chothabháil.
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn.
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla san Acht um Athchóiriú Toghcháin, ina measc:
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.