An Páirtí Independent Ireland Cláraithe le Seasamh mar Iarrthóirí
10 Samhain 2023 – Thug Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta fógra inniu go bhfuil sé i gceist aige iarratas ón bpáirtí Independent Ireland a cheadú chun bheith ina pháirtí polaitíochta cláraithe atá incháilithe chun iarrthóirí a sheasamh i dtoghcháin Dála agus áitiúla na hÉireann agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in Éirinn.
Tiocfaidh an cinneadh a rinne Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, mar Chláraitheoir Páirtithe Polaitíochta na hÉireann, i bhfeidhm tar éis tréimhse achomhairc 21 lá, nó tar éis toradh aon achomhairc den sórt sin.
Má chláraítear é mar an 27ú páirtí polaitíochta in Éirinn, beidh beirt Teachtaí Dála tofa i measc chomhaltaí Independent Ireland – Michael Collins T.D. (Ceannaire an Pháirtí) agus Richard O’Donoghue T.D. (Ard-Rúnaí).
Foilsíodh an fógra foirmiúil inniu in Iris Oifigiúil na hÉireann.
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Ainm cláraithe an pháirtí: Independent Ireland
Suaitheantas cláraithe an pháirtí:

Clárú na bpáirtithe polaitíochta
- Leagtar amach i gCaibidil 6 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 feidhm an Choimisiúin Toghcháin i leith clárú páirtithe polaitíochta.
- Is é Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta.
- Is féidir le páirtithe iarratas a dhéanamh ar chlárú mar pháirtí atá eagraithe sa Stát chun seasamh i dtoghcháin Dála, Eorpacha nó áitiúla. Ní mór dóibh na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht a chomhlíonadh chun go gclárófar iad.
- Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas clárúcháin, agus na foirmeacha iarratais riachtanacha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag https://www.electoralcommission.ie/ga/cad-a-dheanaimid/oibriochtai-toghchain/
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú, agus Clár na bPáirtithe Polaitíochta a ullmhú agus a chothabháil.
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn.
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla san Acht um Athchóiriú Toghcháin, ina measc:
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.