Beartas Fianáin (AE)
Nuashonraíodh an Beartas Fianán seo go deireanach ar an 22 Lúnasa 2023, agus tá sé i bhfeidhm ar shaoránaigh agus cónaitheoirí buana dlíthiúla sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus san Eilvéis.
1. An Réamhrá
Baintear úsáid as fianáin agus as teicneolaíochtaí bainteacha eile (de ghrá na héascaíochta, tugtar “fianáin” ar na teicneolaíochtaí ar fad) ar ár suíomh gréasáin, https://www.electoralcommission.ie (“an suíomh gréasáin” anseo feasta). Suíonn tríú páirtithe a fhostaímid fianáin air freisin. Tugaimid eolas sa cháipéis anseo thíos faoi úsáid na bhfianán ar ár suíomh gréasáin.
2. Céard is fianáin ann?
Is comhad beag simplí é fianán a sheoltar i dteannta leathanaigh an tsuímh gréasáin seo agus a stórálann do bhrabhsálaí ar thiomántán crua do ríomhaire nó do ghléis eile. Féadfar an fhaisnéis a stóráiltear ann a sheoladh ar ais chuig ár bhfreastalaithe nó chuig freastalaithe na dtríú páirtithe ábhartha i rith cuairt ina dhiaidh sin.
3. Céard is scripteanna ann?
Is píosa de chód ríomhchláir í script a úsáidtear le go bhfeidhmeoidh ár suíomh gréasáin i gceart agus go hidirghníomhach. Ritear an cód sin ar ár bhfreastalaí nó ar do ghléas.
4. Céard is speicéir gréasáin ann?
Is píosa beag, dofheicthe téacs nó íomhá ar shuíomh gréasáin é speicéir gréasáin (nó clib picteilín) a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar thrácht ar shuíomh gréasáin. Chun é sin a dhéanamh, stóráiltear sonraí éagsúla fút le speicéirí gréasáin.
5.1 Fianáin theicniúla nó fheidhmiúla
Cinntíonn fianáin áirithe go n-oibríonn codanna áirithe den suíomh gréasáin i gceart agus go bhfuil do shainroghanna mar úsáideoir fós ar eolas. Trí fhianáin fheidhmiúla a shuí ar an suíomh gréasáin, déanaimid níos éasca duitse é cuairt a thabhairt ar an suíomh. Ní bhíonn ort, mar sin, an fhaisnéis chéanna a chur isteach arís agus arís eile nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin agus fanann do chuid earraí i do chiseán siopadóireachta, mar shampla, nó go n-íocann tú astu. Féadfaimid na fianáin sin a shuí gan toiliú a fháil uait.
5.2 Fianáin staitistice
Bainimid úsáid as fianáin staitistice chun barr feabhais a chur ar eispéireas ár n-úsáideoirí ar an suíomh gréasáin. Faighimid léargas ar úsáid ár suímh gréasáin ó na fianáin staitistice sin. Iarraimid cead uait chun fianáin staitistice a shuí.
5.3 Fianáin Margaíochta/Rianaithe
Is fianáin nó aon chineál eile stórála logánta iad fianáin margaíochta/rianaithe a úsáidtear chun próifílí úsáideora a chruthú chun fógraíocht a thaispeáint nó an t-úsáideoir a rianú ar an suíomh gréasáin seo nó ar chúpla suíomh gréasáin ar mhaithe le cuspóirí margaíochta cosúla.
6. Comhthoil
Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin den chéad uair, taispeánfaimid ‘mír-aníos’ le eolas faoi fianáin. Laistigh de nóiméad tar éis duit cliceáil ar “Sábháil Roghanna”, tugann tú cead dúinn úsáid a bhaint as na catagóirí fianáin agus breiseáin roghnaigh tú sa ‘mír-aníos’ agus mar atá míníthe sa pholasaí seo. Is féidir leat úsáid fianán a dhíchumasú trí do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil seans nach noibreoidh ár suíomh gréasán duit a thuilleadh.
6.1 Ag bainistiú do shocruithe toilithe
Fuaireamar comhartha príobháideachta ó do bhrabhsálaí. Mar sin, tá do shocruithe príobháideachta socraithe ar an suíomh gréasáin seo mar riachtanach go hiomlán. Más mian leat feidhmiúlacht iomlán a bheith agat, smaoinigh le do thoil gan https://www.electoralcommission.ie/wp a chur san áireamh i do shocruithe príobháideachta.
7. Fianáin a chumasú/a dhíchumasú agus a scriosadh
Is féidir leat do bhrabhsálaí idirlín a úsáid chun fianáin a scriosadh go huathoibríoch nó de lámh. Is féidir leat a shonrú freisin nach suífear fianáin áirithe ann. Rogha eile is ea socruithe do bhrabhsálaí idirlín a athrú ionas go bhfaighidh tú teachtaireacht gach uair a shuitear fianán ann. Tá tuilleadh eolais faoi na roghanna sin ar fáil sna treoracha sa rannóg Cabhrach ar do bhrabhsálaí.
Tabhair faoi deara go bhféadfadh nach n-oibreodh ár suíomh gréasáin i gceart má dhíchumasaítear na fianáin ar fad. Má scriosann tú na fianáin i do bhrabhsálaí, suífear ann arís iad i ndiaidh toiliú a fháil uait nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin arís.
8. Do chearta i dtaobh sonraí pearsanta
Tá na cearta seo a leanas agat i dtaobh do shonraí pearsanta:
- Tá sé de cheart agat fios a bheith agat cén fáth a dteastaíonn do shonraí pearsanta, céard a tharlóidh dóibh, agus cá fhad a gcoimeádfar iad.
- Ceart rochtana: Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta atá ar eolas againne.
- An ceart go ndéanfaí ceartúcháin: tá sé de cheart agat cur le do shonraí pearsanta, iad a cheartú, go ndéanfaí iad a scriosadh nó a bhlocáil, aon uair is mian leat.
- Má thoilíonn tú go ndéanfaimis próiseáil ar do shonraí, tá sé de cheart agat an toiliú sin a tharraingt siar agus go ndéanfaí do shonraí pearsanta a scriosadh.
- An ceart go n-aistreofaí do chuid sonraí: tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta ar fad a iarraidh ar an rialaitheoir agus go n-aistreofaí iad ar fad, ina n-iomláine, go rialaitheoir eile.
- An ceart chun agóid a dhéanamh: féadfaidh tú cur i gcoinne phróiseáil do shonraí. Cloímid leis sin, mura bhfuil forais a bhfuil bonn cirt cuí leo ann le haghaidh próiseála.
Chun na cearta sin a éileamh, téigh i dteagmháil linn. Tá na sonraí teagmhála ag bun an Bheartais Fianán seo. Má tá gearán agat faoin gcaoi a bpléimid le do shonraí, ba mhaith linn cloisteáil uait, ach tá sé de cheart agat gearán a chur faoi bhráid an údaráis maoirseachta freisin (an tÚdarás Cosanta Sonraí).
9. Sonraí teagmhála
Má tá ceisteanna agus/nó tuairimí agat faoinár mBeartas Fianán agus an ráiteas seo, téigh i dteagmháil leis na sonraí teagmhála seo a leanas:
An Coimisiún Toghcháin
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
Éire
Suíomh gréasáin: https://www.electoralcommission.ie
Ríomhphost: dataprotection@electoralcommission.ie
Rinneadh an Beartas Fianán seo a shioncronú le cookiedatabase.org ar an 28 Deireadh Fómhair 2024.