Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Seiceáil an clár

Tugann vótáil deis duit páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht a théann i bhfeidhm ar do shaol agus ar thodhchaí na hÉireann Is é do vóta do ghuth, mura gcaitheann tú vóta, déanfaidh daoine eile na cinntí sin duit.

Chun cead cainte a fháil agus do chuid a rá faoi cheisteanna tábhachtacha trí vóta a chaitheamh, caithfidh tú a bheith ar Chlár na dToghthóirí.

Tá sé éasca clárú le haghaidh vótála nó chun a sheiceáil an bhfuil do chuid sonraí cruinn agus cothrom le dáta. Is féidir é sin a dhéanamh trí dhul go www.checktheregister.ie

Tá an spriocdháta thart chun clárú agus chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta chun vóta a chaitheamh agus tú i láthair go pearsanta.

Do shonraí a thabhairt cothrom le dáta

Más gá duit aon chuid de do shonraí pearsanta a thabhairt cothrom le dáta nó do sheoladh a athrú ar an gclár, is é an bealach is tapa lena dhéanamh ná ar www.checktheregister.ie

Mura bhfuil tú in ann do shonraí a thabhairt cothrom le dáta nó do sheoladh a athrú ar checktheregister.ie, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil. Beidh siadsan in ann do shonraí a thabhairt cothrom le dáta le Foirm ERF1.

Tabhair faoi deara, sa chás go bhfuil tú:

  • Ag aistriú ó Bhaile Átha Cliath go contae ar bith lasmuigh de Bhaile Átha Cliath; nó
  • Ag aistriú go Baile Átha Cliath ó chontae ar bith lasmuigh de Bhaile Átha Cliath,

caithfidh tú Foirm ERF1 a úsáid chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta nó do sheoladh a athrú. Ní féidir leat leas a bhaint as www.checktheregister.ie. Is féidir leat an fhoirm sin a chomhlánú agus a sheoladh chuig d’údarás áitiúil ábhartha a phróiseálfaidh d’iarratas chun do chuid sonraí a thabhairt cothrom le dáta.

Tá an spriocdháta thart chun clárú agus chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta chun vóta a chaitheamh agus tú i láthair go pearsanta.

Vóta a chaitheamh sa phost

Ceadaítear vótáil tríd an bpost i dtaobh catagóirí áirithe daoine, mar a leagtar síos i ndlí toghcháin.

San áireamh tá:
– Baill An Garda Síochána
– Baill Óglaigh na hÉireann
– Taidhleoirí Éireannacha atá ag déanamh seirbhíse thar lear, agus a gcéilithe/bpáirtithe.
– Daoine nach féidir leo vóta a chaitheamh ag a stáisiún vótála áitiúil de dheasca tinnis nó míchumais
– Vótálaithe le slí bheatha, seirbhís nó fostaíocht a chiallaíonn gur dócha nach mbeidh said in ann vóta a chaitheamh i bpearsan ar lá na vótála.
– Mic léinn lánaimseartha atá cláraithe ag a mbaile agus atá ina gcónaí in áit eile agus iad ag freastal ar institiúid oideachais sa Stát
– Vótálaithe Anaithnid nó baill teaghlaigh an té a bheadh i gcontúirt dá bhfoilseofaí a n-ainm nó a seoladh ar Chlár na dToghthóirí.
– Príosúnaithe

Is féidir na foirmeacha cuí le clárú le haghaidh vóta poist a fháil ó Check the Register nó d’Údarás Áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla.

Tá an spriocdháta thart le haghaidh socruithe postvótála agus vótála speisialta le haghaidh thoghchán an uachtaráin.

An Liosta Vótálaithe Speisialta

Is féidir le duine a bhfuil cónaí air in ospidéal, teach altranais, saoráid meabhair-shláinte nó institiúid dá samhail, agus a bhfuil míchumas nó breoiteacht air a chuireann cosc orthu dul go dtí an stáisiún vótála, vótáil san ospidéal, sa teach altranais nó in áis chomhchosúil má dhéanann siad iarratas ar a bheith san áireamh ar liosta na vótálaithe ar leith arna ullmhú agus arna chothabháil ag údaráis chlárúcháin (comhairle contae, cathrach agus cathrach agus contae) mar chuid de chlár na dtoghthóirí.

I gcás céad iarratais, agus aon uair a éilíonn na húdaráis chlárúcháin i gcás iarratais ina dhiaidh sin, ní mór deimhniú ó lia-chleachtóir cláraithe (amhail dochtúir teaghlaigh) a bheith ag gabháil leis).

Más mian leat clárú mar vótálaí ar leith, ba cheart duit amhlaidh a dhéanamh trí fhoirm SV1 a líonadh amach, atá ar fáil ar www.checktheregister.ie nó ó d’Údarás Áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla.

Tá an spriocdháta thart le haghaidh socruithe postvótála agus vótála speisialta le haghaidh thoghchán an uachtaráin.