An Staidéar Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais
De réir an Achta um Athchóiriú Toghcháin, 2022 tá údarás suntasach ag an gCoimisiún Toghcháin (An Coimisiún) cláir thaighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartais agus ar ghnáthaimh thoghcháin, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le feidhmiú a chuid feidhmeanna féin. I mí Iúil 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin an chéad chlár taighde dá chuid, Clár Taighde 2024-2026, i ndiaidh gur tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin poiblí. Gné den chlár sin ab ea coimitmint Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) maidir le hÉirinn a fhorbairt.
Cé go bhfuil taighde déanta ar thoghcháin agus ar iompraíochtaí toghcháin, agus go bhfuil ardmheas ar an obair sin, níl an oiread céanna oibre déanta in Éirinn agus atá i dtíortha eile chun sonraí iontaofa, cuimsitheacha faoi thoghcháin a chur ar fáil. Tá a leithéid de staidéir á ndéanamh i dtíortha eile le breis agus 50 bliain anuas. Le NEDS tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún dul i ngleic leis an easnamh seo agus stór sonraí daonlathach a bhunú d’fhonn dearcthaí, meon agus eispéiris mhuintir na hÉireann i leith imeachtaí toghcháin agus an daonlathais, agus na fachtóirí a imríonn tionchar orthu, a thomhais thar am. Díreofar ar fhachtóirí ar leith go háirithe d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar an líon daoine a chaitheann vóta agus ar rannpháirtíocht sa pholaitíocht: is réimsí tábhachtacha iad seo dar leis an gCoimisiún.
Cuirfidh na sonraí sin bonn eolais freisin faoi na hathbhreithnithe ar leith i ndiaidh imeachtaí toghcháin a chuirtear faoi ndeara ar an gCoimisiún a ullmhú agus a fhoilsiú i ndiaidh gach imeachta toghcháin agus ceanglas faoi leith breathnú ar inrochtaineacht an phróisis vótála do dhaoine atá faoi mhíchumas, do dhaoine a bhfuil tinneas orthu nó do dhaoine a bhfuil dúshláin litearthachta le sárú acu.
Lena chois sin, bíonn ceisteanna áirithe sa NEDS ar ábhar spéise iad d’eolaithe polaitíochta agus acadóirí Léinn Toghcháin, mar aon le taighde faoinar chaith daoine vóta nó nár chaith, faoin dóigh ar chaith daoine a vótaí, agus faoin spreagadh a bhíonn acu agus an tionchar a bhíonn orthu maidir lena roghanna vótála. Is baill acadúla de Bhord Bainistíochta NEDS a roghnaíonn na ceisteanna sa chuid seo den staidéar (féach thíos). Trí shonraí a bhailiú sna réimsí seo, is féidir Éire a áireamh i dtaighde comparáideach agus i staidéir idirnáisiúnta faoi chórais pholaitíochta agus toghcháin agus faoin daonlathas.
Déantar anaithid na sonraí a bhailítear trí NEDS agus cuirtear ar fáil mar fhoinse oscailte iad ionas go mbíonn teacht ag páirtithe leasmhara, taighdeoirí, an pobal, lucht na meán agus lucht an choráis pholaitíochta ar fhaisnéis ardchaighdeáin faoi staid an daonlathais in Éirinn.
Bíonn an tionscadal seo, an Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais, á mhaoirsiú agus á bhainistiú ag Bord Bainistíochta, atá comhdhéanta d’fhoireann saineolaithe agus acadóirí mór le rá:
- An Dr. Rory Costello, an Roinn Polaitíochta agus Riaracháin Phoiblí, Ollscoil Luimnigh
- An tOll. Johan A. Dornschneider-Elkink, Scoil na Polaitíochta agus Gnóthaí Idirnáisiúnta, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath
- An tOll. Georg Lutz, Stiúrthóir Fors (Lárionad Saineolais na hEilbhéise um Eolaíochtaí Sóisialta), Ollscoil Lausanne
- An tOll. Gail McElroy, Roinn na hEolaíochta Polaitíochta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- An tOll. Theresa Reidy, Roinn Léann an Rialtais agus na Polaitíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus
- An tOll. Jane Suiter, Scoil na Cumarsáide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Is í an Dr. Mary-Clare O’Sullivan, an Ceann Taighde sa Choimisiún Toghcháin, Cathaoirleach an Bhoird.
Go dtí seo, tá seacht dtacar sonraí NEDS a chlúdaíonn na himeachtaí toghcháin a tharla ó bunaíodh An Coimisiún i 2023.
- na Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram i mí an Mhárta 2024,
- na Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha agus an Toghchán um Méara Luimnigh i mí an Mheithimh 2024,
- An tOlltoghchán i Samhain 2024.
Bhí próiseas bailiú sonraí ar leith ann maidir le hOlltoghchán 2024 agus beidh siad sin ar fáil sna seachtainí beaga atá amach romhainn.
Olltoghchán 2024
Reáchtáladh Olltoghchán chun an 34ú Dáil a thoghadh ar an 29 Samhain 2024. Ar chomhairle Bhord Bainistíochta NEDS, choimisiúnaigh an Coimisiún suirbhé aghaidh ar aghaidh a rinne ionadaíocht ar an tír ar fad le neamhvótálaithe chomh maith le vótálaithe. Tá dhá chuid sa staidéar.
Baineann an chéad chuid le ceisteanna a bhfuil spéis ag an gCoimisiún Toghcháin iontu toisc go soláthraíonn siad faisnéis a thacóidh leis a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh, agus iad ag plé topaicí ar nós taithí vótálaithe, eolas vótálaithe agus rannpháirtíocht vótálaithe.
Baineann an dara cuid le ceisteanna a roghnaigh na saineolaithe ar Bhord Bainistíochta NEDS agus a raibh staidéir thaighde acadúla ar cheisteanna toghcháin mar bhonn eolais fúthu. Tacaíonn siad sin le forbairt taighde d’ardchaighdeán ar cheisteanna toghcháin d’Éirinn agus tugann siad Éire i gcomhréir leis na sonraí a bhailítear do thíortha eile, agus féadfar a bheith rannpháirteach i staidéir idirnáisiúnta agus chomparáideacha dá bhrí sin.
Díríodh freisin ar thuairimí agus meonta a mheas ina measc siúd a bhí incháilithe le vóta a chaitheamh ach nach ndearna amhlaidh an uair seo, bídís cláraithe nó gan a bheith cláraithe, chun bonn eolais a chur faoi bhearta féideartha chun rannpháirteachas vótálaithe a mhéadú.
Rinneadh an suirbhé aghaidh ar aghaidh, agus tugadh faoin obair allamuigh idir an 1 Nollaig 2024 agus an 28 Feabhra 2025. Rinneadh taighde in n=287 toghcheantar i bPoblacht na hÉireann a rinne ionadaíocht ar an tír i dtéarmaí suíomh tíreolaíoch, suíomh uirbeach/tuaithe, agus ag úsáid innéacs díothachta HP Pobal.
Ghlac n=1,426 páirt sa staidéar, ina raibh n=1,101 duine a chaith vóta in Olltoghchán 2024 agus n=324 nár chaith vóta (níor nocht freagróir amháin a stádas vótála). Bhí idir neamhvótálaithe cláraithe (n=214) agus neamhvótálaithe incháilithe neamhchláraithe (n=110) i gceist leis na neamhvótálaithe.
Tá an ceistneoir agus deic sleamhnán achomair ar fáil thíos.
Olltoghchán 2024 | ceistneoir tuarascáil (sleamhnáin) |
Treisíodh an tacar sonraí aghaidh ar aghaidh le sampla ar líne de 1,421 freagróir (1,100 vótálaí agus 321 neamhvótálaí). Murab ionann agus an suirbhé aghaidh ar aghaidh, níl sonraí an tsuirbhé ar líne bunaithe ar shampla dóchúlaíoch randamach mar sin níl siad san áireamh sa deic sleamhnán achomair. Ach tá an tacar sonraí ar líne agus na códleabhair ar fáil don phobal ach iad a iarraidh mar chomhlánú ar an bpríomhstaidéar aghaidh ar aghaidh, agus beifear in ann anailís níos mionsonraithe a dhéanamh ar shamplamhéid níos lú dá bhrí sin.
Tá na tacair sonraí iomlána agus na códleabhair don suirbhé aghaidh ar aghaidh agus an suirbhé ar líne ar fáil ach iarratas a chur chuig research@electoralcommission.ie.
Staidéir ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus ar an toghchán um Méara Luimnigh Na Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha
Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha
Bhí toghcháin Áitiúla agus Eorpacha ann Dé hAoine, an 7 Meitheamh 2024. I gcomhairliúchán le Bord Bainistíochta NEDS, choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar ar líne (n = 3,045). Rinneadh an staidéar idir an 8 agus an 15 Meitheamh agus bhí sampla ionadaíoch de dhaoine fásta as fud fad na hÉireann páirteach ann. Tá an ceistneoir agus sleamhnáin le fáil thíos.
Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha | ceistneoir tuarascáil (sleamhnáin) |
An toghchán um méara Luimnigh
Bhí an chéad toghchán riamh in Éirinn chun méara a thoghadh go díreach ar siúl Dé hAoine, an 7 Meitheamh 2024.
I gcomhairliúchán le Bord Bainistíochta NEDS, choimisiúnaigh an Coimisiún suirbhé ar shampla ionadaíoch de vótálaithe. Rinneadh an suirbhé le beagnach 900 vótálaí taobh amuigh de 52 ionad vótála i Luimneach i ndiaidh dóibh a vótaí a chaitheamh.
Tá an ceistneoirí agus sleamhnáin le fáil anseo. Is féidir na bunsonraí agus na códleabhair a fháil saor in aisce ach iad a iarraidh ón gCoimisiún Toghcháin trí ríomhphost a chur chuig research@electoralcommission.ie.
An Toghchán um Méara Luimnigh | ceistneoir tuarascáil (sleamhnáin) |
Na Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram
Bhí dhá reifreann ann ar an 8 Márta 2024. Phléigh an chéad reifreann leis an sainmhíniú Bunreachtúil ar an rud is teaghlach ann, agus is le ceist an chúraim a bhain an dara ceann.
I gcomhairliúchán le Bord Bainistíochta NEDS, choimisiúnaigh an Coimisiún trí shuirbhé a bhain leis na reifrinn seo. Rinneadh dhá shuirbhé réamhreifrinn – suirbhé ar líne (n = 1,041) agus suirbhé teileafóin (n = 1,001) – mar aon le suirbhé ar vótálaithe (n = 3,557) ag 185 ionad vótála ar fud na hÉireann.
Tá na ceistneoirí agus sleamhnáin ar fáil anseo. Is féidir na bunsonraí agus na códleabhair a fháil saor in aisce ach iad a iarraidh ón gCoimisiún Toghcháin trí ríomhphost a chur chuig research@electoralcommission.ie.
Suirbhé réamhreifrinn | ceistneoir tuarascáil (sleamhnáin) |
Post-referendum survey | ceistneoir tuarascáil (sleamhnáin) |