Skip to main content

Ireland’s Statutory, Independent Electoral Commission

Tugtar sainordú suntasach taighde don Choimisiún san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 chun cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, ceisteanna a bhaineann le comhlíonadh a dhualgas ina measc. Mar an chéad chéim de sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Dréachtchlár Taighde le haghaidh comhairliúchán poiblí i mí na Samhna 2023 Bhí tiomantas sa Dréachtchlár sin do Staidéar Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais a fhorbairt le haghaidh na hÉireann.

I gcomparáid le tíortha eile, tá Éire ag titim chun deiridh le fada an lá i leith teacht ar shonraí iontaofa agus cuimsitheacha faoina toghcháin agus iompraíocht pholaitiúil. Tá staidéir dá leithéid ar bun in go leor tíortha eile le breis agus 50 bliain, agus i bhfad níos faide i gcásanna áirithe. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an t-easnamh sin a chur ina cheart agus bunachar sonraí daonlathach a fhorbairt trína dtomhaisfear le himeacht ama dearcthaí, meonta agus taithí mhuintir na hÉireann ar imeachtaí toghcháin agus an daonlathas, agus na cúinsí a théann i bhfeidhm orthu sin. Beidh béim faoi leith ar chúinsí a mhéadaíonn líon na ndaoine a chaitheann vóta agus an rannpháirtíocht pholaitiúil, ag féachaint le bonn eolais a chur faoi thionscnaimh an Choimisiúin sna réimsí sin.

Cuirfidh na sonraí sin bonn eolais freisin faoi na hathbhreithnithe ar leith i ndiaidh imeachtaí toghcháin a chuirtear faoi ndeara ar an gCoimisiún a ullmhú agus a fhoilsiú i ndiaidh gach imeachta toghcháin agus ceanglas faoi leith breathnú ar inrochtaineacht an phróisis vótála do dhaoine atá faoi mhíchumas, do dhaoine a bhfuil tinneas orthu nó do dhaoine a bhfuil dúshláin litearthachta le sárú acu.

Beidh ceisteanna sa Staidéar freisin a mbíonn eolaithe polaitiúla i Staidéar Toghcháin ag díriú go mór orthu; is é sin ar úsáid daoine a vóta, cén chaoi ar úsáid siad é, agus céard a spreag a roghanna vótála. Déanfar na sonraí a bhaileofar tríd an Staidéar a anaithnidiú agus cuirfear ar fáil mar shonraí foinse oscailte iad le go mbeidh eolas ar ardchaighdeán faoi staid ár ndaonlathais ar fáil ag páirtithe leasmhara, an pobal, na meáin agus an córas polaitiúil.

Staidéar Trialach Reifreann

Mar an chéad chéim i bhforbairt an Staidéir Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais, coimisiúnaíodh staidéar trialach le haghaidh reifrinn an 8 Márta. Le comhairle ón bhfoireann acadúil (féach thíos), a raibh cuid mhór díobh páirteach i staidéir reifrinn dá leithéid roimhe seo, coimisiúnaíodh trí shuirbhé. Thug dhá chomhlacht pobalbhreitheanna neamhspleácha faoi na suirbhéanna sin – suirbhé ar líne agus ar an nguthán roimh na reifrinn, agus suirbhé ar an lucht vótála bunaithe ar shampla ionadaíoch de 3,000 vótálaí ag 180 stáisiún vótála ar an 8 Márta. Foilseofar na sonraí i ndiaidh iad a thiomsú agus a fháil.

Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais

Tá Bord Bainistíochta i mbun maoirseachta agus bainistíochta ar an Staidéar Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais seo.

Tá foireann de shaineolaithe agus lucht acadúil toghcháin clúiteacha ar an mBord a roghnaíodh trí phróiseas iarratais.

Is iad comhaltaí an Bhoird:

  • An Dr Rory Costello, Roinn na Polaitíochta agus Riaracháin Phoiblí, Ollscoil Luimnigh
  • Dr. Johan A. Dornschneider-Elkink, School of Politics and International Relations, University College Dublin
  • An tOllamh Georg Lutz, Stiúrthóir FORS (Lárionad Saineolais na hEilvéise sna hEolaíochtaí Sóisialta), Ollscoil Lausanne
  • An tOllamh Gail McElroy, Roinn na hEolaíochta Polaitiúla, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • An Dr Theresa Reidy, Roinn Léann an Rialtais agus na Polaitíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • An tOllamh Jane Suiter, Scoil na Cumarsáide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Is í an Dr Mary-Clare O’Sullivan, Ceannasaí Taighde sa Choimisiún Toghcháin, cathaoirleach an Bhoird.