Skip to main content
Ballot box

Is é do vóta do ghuth

Deiseanna

Léiritheoir Ábhair Dhigitigh (Grád AOF)

Is comhlacht neamhspleách, reachtúil é an Coimisiún Toghcháin atá freagrach as raon leathan feidhmeanna toghcháin agus atá lárnach do chosaint agus cur chun cinn an daonlathais in Éirinn. Leagtar amach an reachtaíocht faoinar bunaíodh an Coimisiún san Acht um Athchóiriú Toghchán 2022.

Táimid ag earcú Léiritheoir Ábhair Dhigitigh chun tacú leis an bhFoireann Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí agus leis an eagraíocht go ginearálta i seachadadh éifeachtach a tosaíochtaí straitéiseacha agus a sainordú reachtaigh.  Chomh maith le feasacht ghinearálta a chothú ar ár gcuid oibre agus aschuir, díreoidh an té a cheapfar sa phost freisin ar ár n-acmhainn chun cumarsáid dhigiteach a thógáil agus a leathnú, agus ar chur chuige nuálach a úsáid chun príomhtheachtaireachtaí an Choimisiúin a chur in iúl do phobail mheáin éagsúla ar líne agus as líne.

Tugann an post seo deis uathúil do dhuine uaillmhianach díograiseach oibriú laistigh de choimisiún toghcháin nua agus neamhspleách na hÉireann. Agus an-suim go deo aige i ngach rud a bhaineann le toghcháin, beidh an té a cheapfar sa phost ag obair ar an bhfoireann Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí mar Léiritheoir Ábhair Dhigitigh agus beidh sé freagrach as roinnt príomhfheidhmeanna laistigh den fhoireann Poiblí.  

Beidh an Léiritheoir Ábhair Dhigitigh ag obair i dtimpeallacht chuimsitheach agus dhinimiciúil, áit a dtugtar tacaíocht do roinnt tionscnamh um chothromaíocht oibre is saoil, lena n-áirítear obair chumaisc, forbairt ghairmiúil leanúnach agus folláine. 

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: Is Dé Céadaoin, 3ú Aibreán ag 5:30pm an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais.