Achomharc a Bhaineann le The National Party – An Páirtí Náisiúnta Críochnaithe
12 Meán Fómhair 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin inniu a chinneadh faoi Alt 51 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 in achomharc in aghaidh chinneadh Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta (‘an Cláraitheoir’).
Rinne an t-achomharc ó James Reynolds agóid in aghaidh an chinnidh a rinne an Cláraitheoir faoi Alt 50 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, a dhiúltaigh dá iarratas chun na sonraí i gClár na bPáirtithe Polaitíochta a leasú chun críocha Alt 47 (c) (seoladh cláraithe) agus Alt 47 (d) (oifigigh údaraithe) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Díbheadh an t-achomharc ar na cúiseanna a leagadh amach i gcinneadh Bhord an Choimisiúin Toghcháin. Ní raibh an Bord sásta gur tugadh fógra réasúnta faoi chruinniú ábhartha Stiúrthóireacht Náisiúnta an Pháirtí, agus dá bhrí sin nár glacadh na rúin a rinneadh ag an gcruinniú sin go bailí.
Faoi Alt 51(4) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Choimisiúin Toghcháin.
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá cinneadh Bhord an Choimisiúin Toghcháin ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://www.electoralcommission.ie/app/uploads/2024/09/An-Coimisiun-Toghchain-Decision-12092024-2.pdf
Clárú na bpáirtithe polaitíochta
- Leagtar amach i gCaibidil 6 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 feidhm an Choimisiúin Toghcháin i leith clárú páirtithe polaitíochta.
- Is é Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta.
- Is féidir le páirtithe iarratas a dhéanamh ar chlárú mar pháirtí atá eagraithe sa Stát chun seasamh i dtoghcháin Dála, Eorpacha nó áitiúla. Ní mór dóibh na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht a chomhlíonadh chun go gclárófar iad.
- Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas clárúcháin, agus na foirmeacha iarratais riachtanacha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag https://www.electoralcommission.ie/ga/cad-a-dheanaimid/oibriochtai-toghchain/
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú, agus Clár na bPáirtithe Polaitíochta a ullmhú agus a chothabháil.
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn.
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla san Acht um Athchóiriú Toghcháin, ina measc:
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.