Clárú an Irish Freedom Party ar ceal
23 Meitheamh 2026 – Thug Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta (an Cláraitheoir) fógra inniu go bhfuil sé ar intinn aige clárú an Irish Freedom Party a chur ar ceal, faoi Alt 50(6) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 agus an páirtí a bhaint de Chlár na bPáirtithe Polaitíochta dá bharr.
Fuair an Cláraitheoir dhá iarratas ar leith le míonna beaga anuas ag iarraidh sonraí an Irish Freedom Party a nuashonrú ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta. Níor leor an fhaisnéis a cuireadh ar fáil sa dá iarratas agus, nuair a breithníodh iad le chéile, bhí éilimh chontrártha sna hiarratais.
D’ainneoin iarrataí arís agus arís eile ar shoiléiriú agus ar thuilleadh eolais, ní raibh an Cláraitheoir sásta gur léirigh ceachtar iarratas go raibh siad ag comhlíonadh na gceanglas nach mór do gach páirtí polaitíochta cláraithe a chomhlíonadh faoi alt 47 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Dá bharr sin, agus de réir alt 50(6) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, tá sé de dhualgas ar an gCláraitheoir clárú an Irish Freedom Party a chur ar ceal.
Tiocfaidh an cinneadh a rinne Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, mar Chláraitheoir Páirtithe Polaitíochta na hÉireann, i bhfeidhm tar éis tréimhse achomhairc 21 lá, nó tar éis toradh aon achomhairc den sórt sin.
Foilsíodh an fógra foirmiúil inniu in Iris Oifigiúil na hÉireann.
Cláraíodh an Irish Freedom Party den chéad uair mar pháirtí polaitíochta atá incháilithe chun iarrthóirí a sheasamh i dtoghcháin Dála, Áitiúla agus Eorpacha in Éirinn i mí an Mheithimh 2019.
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Alt 50(6) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022
- Faoi Alt 50(6) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022: I gcás nach gcomhlíonann páirtí polaitíochta atá cláraithe ar an gclár fo-alt (1), nó nach gcuireann faisnéis a sholáthraíonn sé, i gcomhréir líomhnaithe leis an bhfo-alt sin, ar chumas an Chláraitheora cloí le halt 47 nó mura gcomhlíonann sé ceanglais na Caibidle seo ar shlí eile, déanfaidh an Cláraitheoir, tar éis cibé fiosrúchán is cuí leis, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil faoina rún clárú an pháirtí a chealú agus cuirfidh an Cláraitheoir an páirtí lena mbaineann ar an eolas faoina rún agus go bhféadfaidh an páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh faoi alt 51.
Clárú na bpáirtithe polaitíochta
- Leagtar amach i gCaibidil 6 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 feidhm an Choimisiúin Toghcháin i leith clárú páirtithe polaitíochta.
- Is é Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta.
- Is féidir le páirtithe iarratas a dhéanamh ar chlárú mar pháirtí atá eagraithe sa Stát chun seasamh i dtoghcháin Dála, Eorpacha nó áitiúla. Ní mór dóibh na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht a chomhlíonadh chun go gclárófar iad.
- Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas clárúcháin, agus na foirmeacha iarratais riachtanacha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag https://www.electoralcommission.ie/ga/cad-a-dheanaimid/oibriochtai-toghchain/