Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

21 Samhain 2025 – Tá a rún leagtha amach inniu ag Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta (an Cláraitheoir) chun leasú a dhéanamh ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta (an Clár).

D’iarr oifigeach údaraithe de chuid an pháirtí Ireland First athruithe ar na hoifigigh údaraithe atá liostaithe sa Chlár agus d’iarr leasú ar shuaitheantas an pháirtí.

Tá cinneadh déanta ag an gCláraitheoir go ndéanfar an Clár a nuashonrú chun athruithe ar ainmneacha na n-oifigeach atá údaraithe chun teastais fíordheimhnithe iarrthóirí a shíniú thar ceann an pháirtí Ireland First a léiriú, ach diúltaíodh d’iarratas chun suaitheantas an pháirtí a nuashonrú.

Tá fógra foirmiúil á fhoilsiú inniu in Iris Oifigiúil na hÉireann, ina leagtar amach téarmaí ábhartha an Achta um Athchóiriú Toghcháin 2022.

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá an cinneadh seo faoi réir tréimhse achomhairc reachtúil 21 lá a rachaidh in éag tar éis meán lae Dé hAoine, 12 Nollaig 2025.

Clárú na bpáirtithe polaitíochta

  • Leagtar amach i gCaibidil 6 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 feidhm an Choimisiúin Toghcháin i leith clárú páirtithe polaitíochta.
  • Is é Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta.
  • Is féidir le páirtithe iarratas a dhéanamh ar chlárú mar pháirtí atá eagraithe sa Stát chun seasamh i dtoghcháin Dála, Eorpacha nó áitiúla. Ní mór dóibh na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht a chomhlíonadh chun go gclárófar iad.
  • Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas clárúcháin, agus na foirmeacha iarratais riachtanacha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag https://www.electoralcommission.ie/ga/cad-a-dheanaimid/oibriochtai-toghchain/