Tugann Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais ar an Olltoghchán Léargas ar Lucht Vótála agus Daonlathas na hÉireann
Muinín an Phobail i dToghcháin na hÉireann Ard in Ainneoin Dúshláin Dhomhanda
19 Bealtaine 2025 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, agus Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) torthaí inniu ón Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais ar Olltoghchán 2024. Tá staidéar NEDS ag croílár Chlár Taighde an Choimisiúin, agus déantar é i ndiaidh gach imeachta toghcháin chun tacar sonraí fadtéarmach a thógáil ar dhaonlathas na hÉireann.
Is údar spreagúil é, ag an am dúshlánach seo do dhaonlathais ar fud an domhain, go léiríonn an staidéar ardleibhéil muiníne i sláine thoghcháin na hÉireann:
- Aontaíonn 94% de na freagróirí go ndéantar toghcháin a reáchtáil de réir an dlí.
- Aontaíonn 88% go ndéantar toghcháin a bhainistiú go maith agus go mbíonn oifigigh toghcháin cothrom.
- Aontaíonn 96% de na vótálaithe go raibh siad muiníneach go raibh a bpáipéir bhallóide rúnda a luaithe a chuir siad sa bhosca ballóide iad.
Go suntasach i dtéarmaí shainchúram oideachais an Choimisiúin, tugann an staidéar le fios freisin go bhfuil vótálaithe na hÉireann eolach ar ghnéithe den phróiseas vótála agus daonlathach, ach go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh freisin:
- Thuig 90% de na freagróirí go bhféadfadh tábhacht a bheith le gach ceann dá roghanna.
- Bhí a fhios ag 76% nach raibh orthu rogha a chur in iúl do gach iarrthóir ar an bpáipéar ballóide.
- D’aontaigh 36% nach bhfuil eolas faoi nósanna imeachta vótála ar fáil go forleathan.
- Shíl 51% go mícheart go raibh a gcárta vótaíochta ag teastáil uathu le vóta a chaitheamh.
Áirítear le torthaí eile an staidéir aghaidh ar aghaidh seo ar bheagnach 1,500 freagróir a roghnaíodh go randamach:
- Spreagadh Clárúcháin: I gcás na ndaoine a vótáil den chéad uair, ba é tionchar a gcairde, a muintire, a scoile nó a n-ionad oibre an phríomhghné chun iad a spreagadh chun dul ar chlár na dtoghthóirí agus luaigh 27% gur thábhachtach é sin. Spreagadh 24% chun clárú trí fhógraíocht ar na meáin shóisialta, nuachtáin, teilifís nó raidió, rud a dhírigh an Coimisiún Toghcháin air le linn an fheachtais toghcháin.
- Clárú Uathoibríoch Vótálaithe: D’aontaigh 73% gur cheart d’Éirinn córas clárúcháin uathoibríoch vótálaithe a chur i bhfeidhm, in ainneoin gur cheap 99% de na freagróirí a chláraigh le déanaí go raibh an próiseas clárúcháin éasca.
- Cúiseanna nár Caitheadh Vóta: Ba iad na príomhchúiseanna a thug daoine cláraithe nár chaith siad vóta ar an 29 Samhain ná go raibh siad as baile an lá sin (30%), gealltanais oibre (27%) agus luaigh 12% easpa spéise sa pholaitíocht, 11% éiginnteacht agus 6% nach raibh tábhacht lena vóta. Ní raibh 37% de na daoine nár vótáil ar an gclár.
- Taithí Vótála: Dúirt 98% de na vótálaithe go raibh an t-eispéireas vótála an-éasca nó sách éasca.
Tá dhá ghné ar leith ag baint le NEDS. Díríonn an chéad ghné ar cheisteanna leathana a bhaineann le caighdeán agus feidhmiú dhaonlathas na hÉireann agus béim faoi leith ar réimsí atá ábhartha do shainchúram an Choimisiúin Toghcháin. Ina measc sin tá ceisteanna mar a phléitear thuas faoi thaithí vótálaithe ar vótáil agus clárú, leibhéil na spéise sa pholaitíocht agus an eolais faoin bpolaitíocht, agus na foinsí faisnéise a úsáideann an lucht vótála. Bainfear úsáid as na sonraí sin chun feidhmíocht an Choimisiúin a thagarmharcáil agus chun a thionscnaimh amach anseo a threorú. Is príomhthosaíocht don Choimisiún tuiscint a fháil ar na cúiseanna nach vótálann daoine, mar sin tá 324 neamhvótálaí san áireamh sa sampla.
Bhí ceisteanna sa dara cuid de NEDS a mbíonn an lucht acadúil i Staidéar Toghcháin idirnáisiúnta ar fud na cruinne ag díriú go mór orthu; is é sin ar úsáid daoine a vóta agus cén chaoi ar úsáid siad é, céard a spreag a roghanna vótála, sásamh as an rialtas, meonta polaitiúla agus na cúinsí a théann i bhfeidhm orthu sin. Roghnaigh comhaltaí acadúla Bhord Bainistíochta NEDS na ceisteanna sa chuid sin den staidéar. Trí shonraí a chur i dtoll a chéile sna réimsí sin, tá Éire in ann a bheith ina cuid de thaighde comparáideach ar chórais pholaitiúla agus toghcháin agus ar an daonlathas.
Ag fáiltiú dó roimh na sonraí seo, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Léirítear sna sonraí a foilsíodh inniu arís luach Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais an Choimisiúin Toghcháin chun níos mó a fhoghlaim faoi thaithí agus dearcthaí vótálaithe reatha agus vótálaithe ionchais chomh maith le cur le scoláireacht acadúil faoi dhaonlathas agus toghcháin.
“Ní mór dúinn tuiscint níos fearr a fháil ar cé hiad na daoine nach vótálann agus cén fáth a bhfuil siad ag fanacht amach ó na toghcháin, agus mar sin beidh na sonraí seo mar chuid de thionscadail taighde eile atá á gcur chun cinn againn tríd an gClár Taighde níos leithne agus trínár bhfeachtais phoiblí agus rannpháirtíochta.”
– CRÍOCH –
Nóta d’Eagarthóirí:
Tabhair faoi deara go bhfuil toirmeasc air seo go dtí Dé Luain, 19 Bealtaine ag 00.01.
Tá staidéar mionsonraithe NEDS ar an Olltoghchán ar fáil ar:
https://www.electoralcommission.ie/app/uploads/2025/05/GE_NEDS.pdf
Is féidir staidéir NEDS a foilsíodh roimhe seo a fheiceáil ar https://www.electoralcommission.ie/ga/cad-a-dheanaimid/an-staidear-naisiunta-ar-chursai-toghchain-agus-daonlathais-2/
Is féidir na sonraí loma agus na códleabhair mhionsonraithe a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig research@electoralcommission.ie
Rinne RED C Research and Marketing an bailiú sonraí agus an anailís a foilsíodh inniu.
1. Is príomhthionscadal é NEDS faoi Shnáithe A de Chlár Taighde 2024–2026 de chuid an Choimisiúin Toghcháin.
2. Bailíodh sonraí trí úsáid a bhaint as creat samplála dóchúlachta inar roghnaíodh freagróirí go randamach ag baint úsáid as sonraí Éirchóid a sholáthair GeoDirectory. Bhí 1,426 freagróir ann agus níor vótáil 324 díobh san Olltoghchán. Bailíodh sonraí idir an 1 Nollaig 2024 agus an 28 Feabhra 2025. Rinneadh an suirbhé ag áit chónaithe na bhfreagróirí, a roghnaíodh go randamach ag baint úsáid as sonraí Éirchóid a sholáthair GeoDirectory agus a srathaíodh de réir Innéacs Díothachta Sóisialta Pobal.
3. Treisíodh an tacar sonraí aghaidh ar aghaidh le sampla ar líne de 1,421 freagróir (1,100 vótálaí agus 321 neamhvótálaí). Murab ionann agus an suirbhé aghaidh ar aghaidh, níl sonraí an tsuirbhé ar líne bunaithe ar shampla dóchúlaíoch randamach mar sin níl siad san áireamh sa deic sleamhnán achomair. Ach tá an tacar sonraí ar líne agus na códleabhair ar fáil don phobal ach iad a iarraidh mar chomhlánú ar an bpríomhstaidéar aghaidh ar aghaidh, agus beifear in ann anailís níos mionsonraithe a dhéanamh ar shamplamhéid níos lú dá bhrí sin.