Skip to main content

Ireland’s Statutory, Independent Electoral Commission

Moltaí Foilsithe do Dháil de 174 Suíochán & 43 Dáilcheantar
Gan Athrú Molta do Theorainneacha FPE toisc go bhfantar ar Leithdháileadh Suíocháin

30 Lúnasa 2023 –Tá a mholtaí neamhspleácha curtha faoi bhráid an Oireachtais ag an gCoimisiún Toghcháin maidir le comhdhéanamh dháilcheantair na hÉireann agus thoghcheantair Pharlaimint na hEorpa do na chéad toghcháin eile.

Molann an Coimisiún go mbeadh 174 Teachta Dála a dhéanann ionadaíocht do 43 dáilcheantar sa chéad Dáil eile, suas ón 160 Teachta Dála reatha i 39 Dáilcheantar.

Na moltaí a foilsíodh inniu:

Na ceanglais bhunreachtúla maidir le hionadaíocht a chomhlíonadh – is ionann gach Teachta Dála i nDáil de 174 suíochán agus 29,593 duine ar an meán, síos ón 32,182 duine atá ann faoi láthair.

Comhlíonann na moltaí na critéir reachtúla atá leagtha síos don athbhreithniú seo freisin – déanann siad an méid seo a leanas:

  • Sáruithe teorann contae a laghdú go suntasach – a fheiceann daoine ag vótáil i ndáilcheantar lasmuigh dá gcontae. Íoslaghdaíodh líon na sáruithe ar theorainn chontae i nDáil de 174 suíochán. Molann an Coimisiún deireadh a chur le seacht gcinn de na 10 sárú atá ann cheana ar theorainneacha contae, laghduithe ar mhéid an dá shárú atá ann cheana, agus gan ach trí shárú nua ar theorainn chontae á moladh aige.
  • Cothromaíocht choibhneasta de shuíocháin a choinneáil ar fud na ndáilcheantar – ós rud é gur 13 seachas 9 a bheidh i líon na ndáilcheantar de 3 shuíochán, 15 dáilcheantar seachas 17 a bheidh i líon na ndáilcheantar de 4 shuíochán, agus 15 dáilcheantar a bheidh ann seachas 13 i líon na ndáilcheantar de 5 shuíochán.
  • Ardleibhéal leanúnachais a choinneáil maidir le heagar dáilcheantair – fanann seacht ndáilcheantar gan athrú ó rinneadh an t-athbhreithniú deireanach (an Clár, Corcaigh Thiar Theas, Dún na nGall, Baile Átha Cliath Láir, Ciarraí, Contae Luimnigh agus Port Láirge).

Rinne an Coimisiún cinneadh suntasach go n-oibreodh sé, nuair is indéanta, chun sáruithe atá ann cheana ar theorainneacha contae a bhaint nó a laghdú, agus chun cruthú sáruithe nua a sheachaint. Nuair is gá, chun é seo a bhaint amach, shocraigh an Coimisiún go rachadh sé níos faide ná athraitheas 5% an dá thuarascáil dheireanaigh, agus tá sé imithe chomh fada le 8.13% de dhifríochtaí sa tuarascáil seo. Ina chuid oibre, luann an Coimisiún go mbeadh líon suntasach sáruithe ar theorainneacha contae agus leibhéil arda neamhleanúnachais mar thoradh ar líon níos airde suíocháin a mholadh.

Dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí, an Breitheamh Marie Baker:

“Tá ár moladh do 174 Teachta Dála ar fud 43 dáilcheantar mar thoradh ar mhionanailís ar theorainneacha bunreachtúla agus reachtúla. Tagann sé ar réiteach a oireann is fearr do riachtanais na tíre ina hiomláine, de réir mar a leathnaíonn ár ndaonra.

“Tá áthas ar an gCoimisiún a bheith in ann a mholadh go mbainfí seacht gcinn de na 10 sárú reatha ar theorainneacha contae, laghduithe ar mhéid dhá shárú atá ann cheana agus gan ach trí shárú teorann contae nua a mholadh i gcomhdhéanamh na ndáilcheantar.

“Gabhaimid buíochas leis na céadta daoine, páirtithe agus eagraíochtaí a roinn a gcuid smaointe agus moltaí linn. Measadh gach ceann acu agus ár moltaí deiridh á ndéanamh againn.”

“Is é an tAthbhreithniú seo ar Dháilcheantair agus Toghlaigh do Pharlaimint na hEorpa an chéad chúram atá ar Choimisiún nua Toghcháin na hÉireann. Ar éigean 6 mhí d’aois, táimid bródúil as an athbhreithniú suntasach daonlathach seo ar dháilcheantair na hÉireann, bunchlocha ár ndaonlathais, a sheachadadh in am agus i gcomhréir lenár mandáid reachtúil.”

Maidir leis an Athbhreithniú ar Thoghcheantair Pharlaimint na hEorpa, dúirt an Breitheamh Marie Baker:

“Tá institiúidí an AE ag plé le roinnt míonna faoi chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine, ach níor deimhníodh go fóill aon chinneadh deireanach maidir le suíochán breise. Sa chás sin, tá orainn an status quo a mholadh agus muid ag fanacht ar dheimhniú maidir le suíochán breise dóchúil d’Éirinn.”

– DEIREADH-

Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:
Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 – Brian.dawson@electoralcommission.ie

Nóta ón Eagarthóir:

Éagsúlacht in Athbhreithnithe ar Dháilcheantair:

De réir Ailt 16.2.3 den Bunreacht, “An cóimheas idir an líon comhaltaí a bhíonn le toghadh aon tráth le haghaidh gach dáilcheantair ar leith agus daonra gach dáilcheantair ar leith, de réir an daonáirimh is déanaí dá ndearnadh roimhe sin, ní foláir dí a bheith ar cothrom, sa mhéid gur féidir é, ar fud na tíre uile.”

Go bunúsach, ciallaíonn sé seo gur cheart do gach TD sa tír, cibé acu a dhéanann siad ionadaíocht ar dhaoine i Loch Garman, i gCorcaigh, i nDún na nGall nó i mBaile Átha Cliath, ionadaíocht a dhéanamh ar an líon céanna daoine ‘sa mhéid gur féidir é’. Ar ndóigh, ní bheadh sé réasúnta a bheith ag súil go mbeadh gach TD ag déanamh ionadaíochta ar an líon ceannann céanna daoine. Dá bhrí sin, bítear ag súil go ndéanann TD i dtoghlach ionadaíocht ar líon daoine atá ar aon dul a bheag nó a mhór leis an meán náisiúnta. Tugtar ‘an t-athraitheas’ ar thomhas an diallta seo ón meán náisiúnta. Is gné lárnach an coincheap seo de phróiseas an Athbhreithnithe ar Dháilcheantair agus ar Thoghlaigh. Féach Caibidil 5 den Tuarascáil chun achoimre iomlán a fháil ar an gceist seo.

Dáilcheantair Mholta agus Atá Ann Cheana:

Aighneachtaí:

Fuair an Coimisiún Toghcháin 556 aighneacht ó ionadaithe tofa, páirtithe polaitiúla, an lucht acadúil, grúpaí spóirt agus pobail agus daoine ar spéis leo ann. Foilsítear na haighneachtaí uile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin www.electoralcommission.ie.

Sáruithe Contae:

  • I bhfianaise na tábhachta reachtúla a bhaineann le teorainneacha tíre a chaomhnú, agus toisc gur leag formhór na n-aighneachtaí a fuair an Coimisiún béim ar an tábhacht a mheastar a bheith le teorainneacha contae a choinneáil, bhí an Coimisiún den tuairim gurbh iomchuí roinnt éagsúlachtaí a mholadh ag leibhéal níos airde ná an leibhéal a moladh san Athbhreithniú roimhe seo. Dá bhrí sin, níor mhol an Coimisiún roinnt sáruithe nua ar theorainneacha contae.
  • Bhí sé in ann moladh freisin go mbainfí seacht gcinn de na 10 sárú reatha ar theorainneacha contae. Is iad sin na sáruithe ar theorainneacha contae Laoise, Mhaigh Eo, na Mí, Uíbh Fháilí, Ros Comáin, Thiobraid Árainn agus na hIarmhí.
  • Molann an Coimisiún líon iomlán na sáruithe ar theorainneacha contae a laghdú ón 10 atá ann faoi láthair go sé shárú (Dún na nGall, Gaillimh, Cill Chainnigh, An Mhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin).

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil, neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin, a bunaíodh an 9 Feabhra 2023, atá freagrach as raon leathan feidhmeanna toghcháin mar atá leagtha amach san Acht um Athchóiriú Toghchán 2022. Tá an Coimisiún ag croílár chóras toghcháin na hÉireann, agus raon feidhmeanna toghcháin á chur i bhfeidhm aige lena n-áirítear:

  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a thabhairt i ndáil leis na dáilcheantair is na toghcheantair, chun Teachtaí Dála a thoghadh chun na Dála agus i ndáil le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagrach as clárú páirtithe polaitíochta.
  • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar moltaí reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir le reifrinn agus na hathtoghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta reifrinn; agus
  • tuarascálacha a chur faoi bhráid an Aire maidir le teorainneacha toghcheantar áitiúil.

Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus ar nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • tuiscint an phobail a chur chun cinn ar phróisis thoghcháin agus daonlathacha an Stáit, agus obair a dhéanamh chun a rannpháirteachas iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus faisnéise;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
  • freagrach as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialáil, agus trédhearcacht a chinntiú maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith le linn tréimhse thoghcháin nó le linn feachtais reifrinn;
  • freagracht as bréagfhaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht shleamhain nó bréagach ar líne le linn tréimhsí feachtais thoghcháin a imscrúdú agus a mhonatóiriú, agus as feidhmeanna freisin chun iompraíochtaí sleamhna nó bréagacha ar líne a chos
  • tuarascálacha ex post a ullmhú maidir le himeachtaí toghcháin a riar.

Táthar ag súil go gcuirfear leis an tsraith tosaigh feidhmeanna a sannadh don Choimisiún, de réir mar a chuireann sé lena chumas agus lena shaineolas.