Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

23 Feabhra 2024 D’fhógair An Coimisiún Toghcháin, coimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, ballraíocht a Ghrúpa Comhairleach Taighde inniu.

Tacóidh an sainghrúpa de dhaoine éagsúla seo leis an gCoimisiún chun a chlár uaillmhianach taighde a mholtar ina Dhréachtchlár Taighde 2024-2026 a chur ar fáil. Áirítear le seo raon téamaí taighde féideartha a shíneann thar chúig shnáithe, lena n-áirítear chéad Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Thoghcháin agus Daonlathas (NEDS).

Chomh maith le roinnt ionadaithe na bpáirtithe leasmhara a cheapadh agus ball idirnáisiúnta amháin, d’iarr An Coimisiún léirithe spéise maidir le ceithre phost acadúla/saineolaithe a líonadh ar an nGrúpa Comhairleach Taighde.

Seo a leanas ballraíocht iomlán an Ghrúpa:

  • An tOllamh Emerita Caroline Fennell, Ollamh Emerita le Dlí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ball den Choimisiún Toghcháin (Cathaoirleach)
  • An Dr Nuala Connolly, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
  • An Dr Pauline Cullen, Ollamh Comhlach le Socheolaíocht agus Polaitíocht i Roinn na Socheolaíochta ag Ollscoil Mhá Nuad
  • An tOllamh Kate Dommett, Ollamh le Polaitíocht Dhigiteach i Roinn na Polaitíochta agus Caidrimh Idirnáisiúnta ag Ollscoil Sheffield
  • An tOllamh David Farrell, Ollamh le Polaitíocht i Scoil na Polaitíochta agus Caidrimh Idirnáisiúnta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
  • An tOllamh David Kenny, Ollamh le Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Brian Killoran, Príomhfheidhmeannach Chomhairle um Inimircigh na hÉireann
  • Adam Lambe, Ionadaí Óige
  • An Dr. Patricia McCarthy, Socheolaí & Abhcóide Míchumais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Orla O’Connor, Stiúrthóir, Chomhairle Náisiúnta na
  • An Dr. Brigid Quilligan, Gníomhaí an Lucht Siúil
  • An Dr Paul Redmond, An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
  • Niklas Wilhelmsson, An Roinn Daonlathais & Dlí Poiblí, Aireacht Dlí agus Cirt, An Fhionlainn

Agus é ag fáiltiú roimh bhunú an Ghrúpa Chomhairligh Taighde, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach An Coimisiún Toghcháin:

“Cuireann clár taighde an Choimisiúin Toghcháin deis spreagúil ar fáil dúinn le foghlaim, lenár smaointeoireacht a leathnú i réimsí éagsúla agus cur go mór leis an díospóireacht ar athchóiriú toghcháin breise sa tír seo.

“Tá lúcháir orm go mbeidh tacaíocht againn ó shainghrúpa chomh héagsúil seo don chlár uaillmhianach seo. Cinnteoidh a gcomhairle go mbeidh ár dtaighde bunaithe ar raon leathan guthanna agus scileanna ar fud shochaí na hÉireann chomh maith leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr.”

– CRÍOCH –

Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta d’Eagarthóirí:

  1. 1Bunaíodh An Coimisiún Toghcháin, Coimisiún Toghcháin neamhspleách na hÉireann, i mí Feabhra 2023 agus tá sé freagrach as raon feidhmeanna toghcháin reatha agus nua, lena n-áirítear cláir thaighde a ullmhú, taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a sholáthar, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • Go sonrach tugann an tAcht um Athchóiriú Toghcháin 2022 sainordú don Choimisiún Toghcháin ‘‘taighde a choimisiúnú nó a dhéanamh ar bheartas agus nósanna imeachta toghcháin lena n-áirítear nithe a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna agus ag eascairt as an taighde sin, féadfaidh siad cibé moltaí a thabhairt don Aire agus don Rialtas a mheasann siad a bheith cuí.”Forálann sé freisin go n-ullmhóidh an Coimisiún, go bliantúil,cláir ina sonrófar: ‘na hábhair a mbeartaíonn sé taighde a dhéanamh ina leith…agus cuspóirí an taighde sin; an modh a dhéanfar an taighde sin; agus costas measta an taighde sin.’ D’fhoilsigh an Coimisiún a chéad dréacht-Chlár Taighde le haghaidh comhairliúcháin ar an 10 Samhain 2023.
  • Thiomnaigh sé sin go mbunófaí Grúpa Comhairleach Taighde chun comhairle a sholáthar don Choimisiún maidir lena fheidhmeanna taighde a chomhlíonadh. Tacóidh an Grúpa seo leis an gCoimisiún lena chinntiú go léireofar raon leathan páirtithe leasmhara, dearcthaí agus disciplíní taighde ina chlár taighde.