Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

2 Bealtaine 2024, D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, agus Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) sonraí taighde inniu ón gcéad Staidéar Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais píolótach in Éirinn.

Tugtar sainordú suntasach taighde don Choimisiún Toghcháin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 chun cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, ceisteanna a bhaineann le comhlíonadh a dhualgas ina measc. Mar an chéad chéim de sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Dréachtchlár Taighde le haghaidh comhairliúchán poiblí i mí na Samhna 2023 ina raibh tiomantas d’fhorbairt Staidéir Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) fadtéarmach le haghaidh na hÉireann.

I gcomparáid le tíortha eile, tá Éire ag titim chun deiridh le fada an lá i leith teacht ar shonraí iontaofa agus cuimsitheacha faoina toghcháin agus iompraíocht pholaitiúil. Tá staidéir dá leithéid ar bun in go leor tíortha eile le breis agus 50 bliain, agus i bhfad níos faide i gcásanna áirithe. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an t-easnamh sin a chur ina cheart agus bunachar sonraí daonlathach a fhorbairt trína dtomhaisfear le himeacht ama dearcthaí, meonta agus taithí mhuintir na hÉireann ar imeachtaí toghcháin agus an daonlathas, agus na cúinsí a théann i bhfeidhm orthu sin.

Déanfar na sonraí a bhaileofar trí NEDS a anaithnidiú agus cuirfear ar fáil mar shonraí foinse oscailte iad le go mbeidh eolas ar ardchaighdeán faoi staid ár ndaonlathais agus meonta an phobail i leith imeachtaí toghcháin ar fáil ag páirtithe leasmhara, an pobal, na meáin agus an córas polaitiúil. Cuirfidh na sonraí sin bonn eolais freisin faoi na hathbhreithnithe ar leith i ndiaidh imeachtaí toghcháin a chuirtear faoi ndeara ar an gCoimisiún a fhoilsiú i ndiaidh gach imeachta toghcháin.

Tá dhá ghné ar leith ag baint le NEDS – dírítear sa chéad cheann ar an gCoimisiún Toghcháin agus ar shonraí a bhailiú chun bonn eolais a thabhairt dó i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna. Áirítear orthu sin ceisteanna faoi fheasacht ar an gCoimisiún agus a ghníomhaíochtaí, le béim faoi leith ar oideachas poiblí, rannpháirtíocht pholaitiúil a mhéadú, eolas polaitiúil, feidhm faisnéise reifrinn an Choimisiúin agus foinsí faisnéise a úsáideann an pobal, chun tagarmharcáil a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus tionscnaimh amach anseo a threorú.

Seo a leanas roinnt de na príomhthorthaí a tháinig chun cinn ó na ceisteanna a bhain leis an gCoimisiún agus a fheidhmeanna i suirbhéanna mhí an Mhárta.

  • Ba é an Coimisiún Toghcháin an fhoinse faisnéise b’iontaofa i gcás na reifreann (freagróirí ar líne agus ar an nguthán) cé go raibh na leibhéil ghinearálta iontaoibhe sách íseal agus go léirítear go gcaithfear níos mó oibre a dhéanamh chun iontaoibh a chothú.
  • Bhí beagán faoi bhun leath na bhfreagróirí ar na suirbhéanna ar líne agus ar an nguthán (46%) ar an eolas faoin gCoimisiún Toghcháin/The Electoral Commission agus a ról, agus d’aithin triúr as gach ceathrar an t-ainm. Bhí feasacht agus tuiscint ar ról an Choimisiúin níos airde ina measc siúd a d’fhreagair an suirbhé ag na stáisiúin vótála (60%).
  • Thuairiscigh 67% díobh siúd a d’fhreagair an suirbhé ag na stáisiúin vótála gur úsáid siad an Coimisiún mar fhoinse faisnéise.
  • Léigh beagán le cois leath na bhfreagróirí ar líne agus ar an nguthán leabhrán faisnéise an Choimisiúin faoi na reifrinn, agus thuairiscigh na daoine a léigh an leabhrán leibhéal eolais níos airde faoi thopaicí na reifreann. Astu siúd a d’fhreagair an suirbhé ag na stáisiúin vótála, fuair agus léigh 62% an leabhrán.
  • Dúirt 73% de na freagróirí ar an suirbhé ar líne go raibh spéis acu sa pholaitíocht.
  • Ach tá roinnt oibre le déanamh ag an gCoimisiún Toghcháin freisin ar oideachas an phobail agus an lucht vótála. Bhí a fhios ag níos lú ná leath de na freagróirí (43%) ar an suirbhé ar líne nach féidir an Bunreacht a leasú le vóta tromlaigh sa Dáil. Léirigh vótálaithe ag na stáisiúin vótála leibhéil eolais níos airde, le 64% ag freagairt na ceiste sin i gceart.
  • Bhí tuairim dhearfach faoina dtaithí vótála ag 98% díobh siúd a d’fhreagair an suirbhé ag na stáisiúin vótála.

Bhí ceisteanna sa dara cuid de NEDS a mbíonn an lucht acadúil i Staidéar Toghcháin idirnáisiúnta ar fud na cruinne ag díriú go mór orthu; is é sin ar úsáid daoine a vóta agus cén chaoi ar úsáid siad é, céard a spreag a roghanna vótála, sásamh as an rialtas, meonta polaitiúla agus na cúinsí a théann i bhfeidhm orthu sin. Roghnaigh comhaltaí acadúla Bhord Bainistíochta NEDS na ceisteanna sa chuid sin den staidéar, agus tá siad á gcur ar fáil don phobal ionas go mbeidh lucht acadúil in ann taighde agus anailís a dhéanamh orthu, chomh maith le páirtithe leasmhara eile ar nós na meán, páirtithe polaitíochta, polaiteoirí agus an phobail níos leithne. Trí shonraí a chur i dtoll a chéile sna réimsí sin, tá Éire in ann a bheith ina cuid de thaighde comparáideach ar chórais pholaitiúla agus toghcháin agus ar an daonlathas.

– CRÍOCH –

Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie

Nóta d’Eagarthóirí:

1. Foilsíodh na sonraí agus tá teacht orthu ar www.neds.ie. I bhfianaise gur céim phíolótach an tionscadail é seo, tá an suíomh sách bunúsach agus déanfar é a fheabhsú agus a nuashonrú sna míonna amach romhainn chun é a dhéanamh níos inrochtana agus níos éasca lena úsáid.

2. Cuireadh na sonraí atá á bhfoilsiú inniu i dtoll a chéile ó thrí shuirbhé ar leith:

  • suirbhé ar líne (1,041 freagróir) agus suirbhé ar an nguthán (1,001 freagróir) a rinne RED C
  • sna seachtainí roimh na reifrinn – suirbhé ar vótálaithe (3,587 vótálaí) a rinne Ipsos B&A ag 185 stáisiún vótála ar an 8 Márta

3 Tá tuilleadh sonraí faoin modheolaíocht sa phaca sleamhnán ar www.neds.ie. Tá na sonraí loma agus na códleabhair á réiteach lena bhfoilsiú faoi láthair, agus foilseofar iad ar www.neds.ie nuair atá an próiseas sin curtha i gcrích.

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus

  • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir leis an reifreann agus na toghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta an reifrinn
  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a thabhairt i ndáil leis na dáilcheantair is na toghcheantair, chun Teachtaí Dála a thoghadh chun na Dála agus i ndáil le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagrach as clárú páirtithe polaitíochta.
  • tuarascálacha a chur faoi bhráid an Aire maidir le teorainneacha toghcheantar áitiúil.

Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:

  • • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghthóirí nua-aimseartha, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
  • • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
  • • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.