Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

An Bille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) 2012

An Bille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) 2012.

Is éard a bhí i gceist leis an gConradh go láidreofaí na rialacha a ceapadh le tabhairt ar rialtais a n-ioncam agus a gcaiteachas a choinneáil cothrom le chéile. Bhí rialacha de chuid an AE faoi seo ann cheana féin a raibh feidhm acu le hÉirinn. Féachadh leis an gConradh na rialacha sin a láidriú agus a cheangal ar thíortha roinnt de na rialacha a chur isteach sa dlí náisiúnta. Níor ghá go ndaingneodh gach ballstát den AE an Conradh go dtiocfadh sé i bhfeidhm. Dá ndaingneodh 12 thír, ar a laghad, i limistéar an euro é agus dá ndaingneodh Éire é, bheadh feidhm ag an gConradh iomlán le hÉirinn mar chuid de limistéar an euro.

Thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Níl aon téacs Gaeilge den Tuairisc ar fáil agus mar sin tá an nasc le téacs Béarla an Tuairisc.