Skip to main content
Decorative image of people voting

Is é do vóta do ghuth

Incháilitheacht vótálaithe

Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán ar bith, caithfidh tú a bheith incháilithe le vótáil.

Caithfidh tú a bheith:

Fiú má tá tú incháilithe le vótáil, ní féidir leat vóta a chaitheamh mura bhfuil tú cláraithe ar Chlár na dToghthóirí

Cé atá in ann vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil?

Tá aon duine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát i dteideal clárú ar Chlár na dToghthóirí. Ní gá duit a bheith i do Shaoránach Éireannach chun vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil.

Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil, caithfidh tú a bheith:

  • Os cionn 18 mbliana d’aois
  • I do chónaí sa toghlimistéar áitiúil
  • Ar liosta Chlár na dToghthóirí

Cé atá in ann vótáil i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa?

Is féidir le gach saoránach Éireannach atá os cionn 18 mbliana d’aois vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa. Más saoránach Éireannach thú, ach tá tú i do chónaí i dtír eile an AE, is féidir leat do vóta a chaitheamh sa tír sin.

Más as ballstát eile den Aontas Eorpach thú, ach tá tú i do chónaí in Éirinn, is féidir leat do vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa anseo in Éirinn. Chun é sin a dhéanamh, ní mór do d’ainm a bheith ar chlár na dtoghthóirí.

Más saoránach an AE thú, ach níl tú cláraithe chun vóta a chaitheamh ag toghchán na hEorpa roimhe seo in Éirinn, ní mór duit iarratas a chur isteach ar chlárú agus foirm dhearbhúcháin reachtúil, EP1 (ar fáil ó d’údarás áitiúil) a chur i gcrích. Seoltar na dearbhúcháin reachtúla chuig do Bhallstát baile chun vótáil dhúblach a sheachaint.

Ní féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa i níos mó ná toghcheantar ná tír amháin.

Cé atá in ann vótáil in olltoghchán?

Is féidir leat vóta a chaitheamh in olltoghchán:

  • Más saoránach Éireannach nó Briotanach thú
  • Más cónaitheoir in Éirinn thú
  • Má tá tú 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála
  • Má tá tú cláraithe le vótáil

Cé hiad na daoine ar féidir leo vótáil i reifreann?

Is féidir vóta a chaitheamh i reifreann má tá tú:

  • • I do shaoránach Éireannach
  • Ar Chlár na dToghthóirí, ar Liosta na bPostvótálaithe nó ar Liosta na Vótálaithe Speisialta
  • 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála

Cé atá in ann vótáil i dtoghchán na hUachtaránachta?

Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán na huachtaránachta, ní mór duit a bheith:

  • I do Shaoránach Éireannach
  • 18 mbliana d’aois nó níos sine
  • I do chónaí go hiondúil in Éirinn
  • Má tá tú cláraithe le vótáil

Cé atá in ann vótáil i dtoghchán an tSeanaid?

Chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin an tSeanaid, ní mór duit a bheith mar shaoránach Éireannach atá mar:

Má tá tú incháilithe, is féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghlaigh OÉ agus Choláiste na Tríonóide, fiú más rud é go bhfuil tú cláraithe lasmuigh d’Éirinn.

Cé atá in ann vóta a chaitheamh i dtoghchán Mhéara Luimnigh?

Chun vóta a chaitheamh sa toghchán le haghaidh Mhéara Luimnigh, caithfidh tú:

  • A bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála
  • Gnáth-chónaí a bheith ort sa Stát; agus
  • A bheith cláraithe le vóta a chaitheamh i dToghlimistéir Chathair agus Chontae Luimnigh